Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘casfar-rotha-bitcoin-in-athuair’

‘Casfar rotha Bitcoin in athuair’

Tá na héinne ag caint ar Bitcoin anois. Is criptea-airgeadra é Bitcoin, agus as na mílte criptea-airgeadraí ar fad atá ann, is ar Bitcoin is fearr aithne. Ar shráideanna Chorcaí, tá meaisíní ATM le gnólacht darb ainm Bitcove agus is féidir Bitcoin a cheannach uathu ach gnáthchárta bainc a bheith i do ghlac agat.

Agus tá ionad fachta feasta ag an Bitcoin i gcorpas véarsaíochta na Gaeilge. D’eisigh Séamus Barra Ó Súilleabháin rian nódh dar teideal ‘Lá Breá’ agus i líne amháin leis tá tagairt don luach athraitheach a bhaineann le Bitcoin mar airgeadra, é á chur i gcomparáid le stór focal an duine: “braithim im aoi speisialta sa dúthaig seo / (Like Bitcoin) mo stór focal ag éirí níos luachmhaire”. 

Ach más féidir don Bitcoin “éirí níos luachmhaire”, is dual dá luach dul i léig, leis. Is amhlaidh mar atá an scéal i gcás stór focal duine, gan dabht. Mura ndéanfair cúram mar is ceart ded shaibhreas teangan, nó mura nuálfair mar is cóir, imeoir ó fhaisean.

Ach ná bacaimis an chaint mheafarach a thuilleadh. Tháinig titim thubaisteach ar luach nithiúil Bitcoin le roinnt laethanta anuas, agus tá a lán cúiseanna leis an dtitim sin. B’fhéidir nár mhiste míniú a thabhairt ar cad is Bitcoin ann ar dtúis, agus tabharfaidh mé míniú ar an gcúis is suimiúla leis an dtitim is déanaí a tháinig ar luach Bitcoin ina dhiaidh sin.

Is airgead digiteach atá in Bitcoin, deirtear go raibh ríomheolaí Éireannach darb ainm Donal O’Mahoney i measc na ndaoine a chruthaigh é, agus teastaíonn mianadóireacht ríomhaireachta le Bitcoin a ghiniúint agus len é a sheoladh. I rith an deireadh seachtaine, chuir rialtas na Síne cosc ar mhianadóireacht Bitcoin sa tír sin, agus is sin an phríomhchúis leis an dtitim ar luach Bitcoin le cúpla lá anuas.

An titim thubaisteach a bhí ann roimhe sin, tharla sé an mhí seo caite, agus ba í an tSín aríst ba chúis leis sin. Fógraíodh an uair sin nár cheadmhach do chorparáidí na Síne Bitcoin a bheith i measc a gcuid sócmhainní. Agus is de thoradh an dá thitim sin, den gcuid is mó, atá luach Bitcoin titithe ó €40,000 cúpla mí ó shin go dtí tuairim €27,000 an bonn nó mar sin inniubh.

Cúis eile leis an dtitim ná an tsíortvuíteáil ó Elon Musk ina dtugann sé le fios go dteastaíonn an iomad fuinnimh chun tabhairt fé mhianadóireacht Bitcoin agus nach maith mar a luíonn sé sin le sprioc ghinearálta an chine dhaonna um thubaiste aeráideach a sheachaint. Agus is fíor go gcuireann mianadóireacht Bitcoin brú ar bhonneagar fuinnimh. Tá an Iaráin tar éis cosc a chur ar mhianadóireacht Bitcoin ar an gcúis áirithe sin, cuirim i gcás.

Ach i gcás na hIaráine is cosc sealadach atá i gceist, agus idir an dá linn, tá beartaithe ages na hIaránaigh feabhas a chur ar bhonneagar fuinnimh na tíre – ar mhaithe le mianadóireacht Bitcoin a chur sa tsiúl aríst amach anso agus le tabhairt fúithi ar bhonn níos éifeachtúla ó thaobh an fhuinnimh de. Sin dea-scéal d’earnáil na gcriptea-airgeadraí. Tá léiriú ann ar an tionchar is féidir a bheith leo, tionchar is féidir a imirt trí dhul i bhfeidhm ar pholasaithe rialtais i stáit den tábhacht gheopholaitiúil atá ag leithéidí na hIaráine. Spreagadh athrú chun feabhais sa chás so.

Maidir le tábhacht gheopholaitiúil aríst, tá Bitcoin ag tabhairt dúshláin dos na pleananna atá ar bun maidir le criptea-dhollar nó le criptea-yuan a chur ar mhargadh na n-airgeadraí digiteacha. Is mar eagla roimh dhúshlán a thabhairt do dhollar na Stát Aontaithe a chuir Donald Trump a fhaitíos roimh Bitcoin i gcéill, mar shampla.

Tá naimhde móra ag an Bitcoin mar sin agus samhlaítear an t-airgeadra leis an gcoiriúlacht go minic. Na haiceálaithe úd a dhein creach ar chóras ríomhaireachta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in Éirinn, cuirim i gcás, is íocaíocht Bitcoin a lorgaíodar mar airgead fuascailte ón stát.

Ach tá tír amháin a bhfuil airgead dlíthiúil stáit déanta acu den Bitcoin – sin í an tSalvadóir. Agus cé go bhfuil an Banc Domhanda ag déanamh drochbhuachalla den tSalvadóir de dheasca a chinnidh, tá tíortha eile agus tá siad ag cuimhneamh ar leanúint dá sampla – Paragua agus an Ríocht Aontaithe san áireamh. Agus nuair a tharlóidh sé sin, agus níl ann dar liomsa ach ceist ama mar a déarfá, ach nuair a tharlóidh sé sin, casfar rotha Bitcoin in athuair.

Níos mó