Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘coiste-na-breataine’-le-bunu-ag-conradh-na-gaeilge

‘Coiste na Breataine’ le bunú ag Conradh na Gaeilge

| gearoid o dochartaigh | ,

Aontaíodh ag Comhdháil na Breataine, a reáchtáladh an deireadh seachtaine seo caite, go mbunófar ‘Coiste na Breataine’ do Chonradh na Gaeilge “leis an chomhoibriú a neartú” idir craobhacha na heagraíochta sa Bhreatain agus eagraíochtaí eile ann.

Tháinig ionadaithe ó eagraíochtaí éagsúla Gaeilge le chéile do Chomhdháil na Breataine den chéad uair riamh Dé Sathairn seo caite agus le cúrsaí Gaeilge in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i Sasana a phlé. Craobh London an Chonartha a d’eagraigh an ócáid, agus ionadaithe ó lucht ceannais na heagraíochta i mBaile Átha Cliath i láthair – Uachtarán an Chonartha Niall Comer agus an tArd-Rúnaí Julian de Spáinn. Bhí an Dr Ben Ó Ceallaigh ó Ollscoil Aberystwyth; Terry Lynk ón Manchester Irish Language Group; Caz Newet agus Bez Martin, clann íníonacha Margaret Keane; an dlíodóir Caroline Brogan; agus tuairim is 30 duine eile as ceantracha éagsúla i láthair freisin. 

Ba í Siubhán Macauley a mhol ‘Coiste na Breataine’ a bhunú agus dara rún an chruinnithe faoi “chomhoibriú idir craobhacha amach anseo” á phlé. Moladh fosta ócáid bhliantúil a dhéanamh de Chomhdháil na Breataine agus tugadh cuireadh dá raibh i láthair ag an chruinniú ar líne teacht go London in 2022. 

Pléadh trí mhórábhar ag an Chomhdháil i mbliana: “ceachtanna foghlamtha ón phaindéim”, “comhoibriú idir craobhacha amach anseo”, agus “feachtas Acht Gaeilge sa Bhreatain”. Agus óráid á tabhairt uaidh, dúirt Uachtarán an Chonartha Niall Comer gur “am ríthábhachtach don Ghaeilge” atá ann agus an tAcht Gaeilge sa Tuaisceart i mbéal an phobail arís agus mhol an obair mhór a bhí i gceist leis an bhfeachtas ‘#MessageToMargaret’.

Tugadh le fios agus na “ceachtanna” a foghlamaíodh ón phaindéim á bplé go raibh foghlaimeoirí nua ó áiteanna taobh amuigh de mhórchathracha na Breataine ag teacht chun an Ghaeilge a fhoghlaim le bliain anuas agus go raibh comhoibriú ann idir ceantracha i lár tíre. Dúirt Ben Ó Ceallaigh gurb í príomhcheacht na paindéime “bheith níos ceangailte le chéile chun ‘language isolation’ a ísliú”. Mhol Oisín Mac Conamhna ó Chonradh na Gaeilge Londain imeachtaí a chur ar líne ar nós Pop Up Gaeltacht a thacódh leis an nascadh sin. 

Pléadh freisin an “ganntanas múinteoirí Gaeilge” sa Bhreatain agus dúirt Niall Comer go dtacódh Conradh na Gaeilge le maoiniú agus traenáil a chur ar fáil dul i ngleic leis an ngannatanas sin. 

Agus an feachtas Briotanach ar son Acht Gaeilge an Tuaiscirt á phlé, moladh “teimpléad litreach” a chumadh agus a chur ar fáil le “teachtaireacht comhaontaithe a dhéanamh” ó eagrais Ghaeilge na Breataine. Moladh fosta feachtas grianghraf de phobal na Gaeilge sa Bhreatain agus fógraí #AchtAnois acu, agus coiste a chur le chéile a mbeadh ionadaithe ó chraobhacha an Chonartha sa Bhreatain le dul bheith ag plé leis an bhfeachtas.

Mhol an dlíodóir Caroline Brogan teagmháil a dhéanamh le pobail Ghaelacha eile chomh maith – leithéidí ‘Irish in Britain’ agus ‘Birmingham Irish’ – agus a dtacaíocht siúd a lorg don fheachtas. Niall Ó Siadhail leis seo go bhféadfaí ‘comparáid a dhéanamh le teangacha eile sa Ríocht Aontaithe’ chun tacú leis an fheachtas.

Agus na mórábhair cíortha ag lucht freastail na Comhdhála, moladh comhghairdeas oifigiúil a dhéanamh le Linda Ervine as an MBE a bronnadh uirthi le déanaí, agus airgead a dheonú le tacú le Naíscoil na Seolta in Oirthear Bhéal Feirste. Mhol Ella Hassett, ó chraobh London, imeacht ar líne a dhéanamh le Linda Ervine amach anseo.

“Bhí [an Chomhdháil] an-mhaith agus léiríodh an-spéis sa Ghaeilge agus go mbeidh an pobal teanga sa Bhreatain gníomhach agus iad ag feidhmiú níos mó lena chéile. Léiríodh freisin go mbeifear ag feidhmiú ar an Acht Gaeilge atá á lorg ó thuaidh, agus go bhfuil [pobal na Gaeilge sa Bhreatain] sásta cabhrú linn dul i bhfeidhm ar na polaiteoirí in Westminster,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn le NÓS.

Níos mó