Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
imni-gurb-e-an-cineal-delta-is-cuis-le-drochraig-den-vireas-i-gceantar-gaeltachta

Imní gurb é an cineál Delta is cúis le drochráig den víreas i gceantar Gaeltachta

Meastar gurb é an cineál Delta den choróinvíreas is cúis le drochráig i nGaeltacht na Rinne i bPort Láirge.

Beidh thart ar dheich lá eile ann sula mbeidh deimhniú ann faoi cén cineál is cúis leis an ráig sa Rinn, ach tá dochtúirí sa cheantar den bharúil gurb é an Delta, an cineál den ghalar a aithníodh ar dtús san India,  nó ‘cineál nua eile’ den choróinvíreas, is cúis le scaipeadh an ghalair sa cheantar.

Measann lucht sláinte phoiblí gur scaipeadh ‘faoin aer’ is cúis leis an ráig i nGaeltacht na Rinne.

Tá ionad tástála sealadach nua do Covid-19 le hoscailt amárach i nDún Garbhán le dul i ngleic le scaipeadh an víris sa cheantar.

I ráiteas a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte amach faoin scéal, dúradh gur “ábhar imní” é an t-ardú ar líon na gcásanna a deimhníodh i bPort Láirge le seachtain anuas.

Dúradh sa ráiteas gur chóir do dhaoine i bPort Láirge tástáil a fháil don Covid-19 san ionad sealadach siúil isteach nua atá le bunú ag Ospidéal Pobail Dhún Garbhán Déardaoin.

Beidh an t-ionad ar oscailt ó 11am go 7pm go dtí Dé Sathairn, an 26 Meitheamh. Tá an t-ionad tástála i gCill Chuacháin ag feidhmiú i gcónaí.

Dúradh i ráiteas an HSE gur chóir do dhaoine sa cheantar cloí go docht leis na treoirlínte sláinte chun bac a chur le scaipeadh an Covid-19.

Tá an-imní i gceantar na Rinne maidir le scaipeadh an víris le roinnt laethanta anuas. Tá páistí á gcoinneáil sa bhaile ón scoil ó deimhníodh cás den Covid-19 sa bhunscoil áitiúil.

Cuireadh ar ceal cluiche a bhí le himirt ag foireann peile na Rinne ag an deireadh seachtaine agus tá páirc imeartha Páirc Uí Shíocháin dúnta fad is atá  tástálacha ar siúl sa cheantar agus an ráig á fiosrú. Tá Teach Tábhairne Uí Mhuirithe i gCeann Heilbhic sa Rinn dúnta chomh maith go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inné go mbeadh an Rialtas ag fáil tuilleadh comhairle ón Foireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (Nphet) an tseachtain seo chugainn faoin chineál Delta den choróinvíreas.

Chuirfí comhairle ar an Rialtas chomh maith faoin phlean a thuilleadh seirbhísí a athoscailt sa stát agus cead seirbhís bia is dí a chur ar fáil laistigh i dtithe ósta agus bialanna ón 5 Iúil.

Dúirt an Taoiseach go raibh ag éirí go maith le cúrsaí faoi láthair, agus go bhfuil an galar ag dul i laghad sa tír d’ainneoin scaipeadh an Delta anseo agus ar fud na hEorpa.

Údar imní an méadú atá tagtha ar scaipeadh chineál Delta den choróinvíreas sa tír seo, a deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan.

“Measaim gurb é an Delta a bhí ar suas le 20% de na daoine a tholg an galar le seachtain. Chomh maith leis sin tá roinnt ráigeanna den chineál sin deimhnithe le seachtain.

“Is ionann an patrún seo agus a bhfuil ag tarlú i roinnt tíortha eile san Aontas Eorpach. Is é an cineál Delta is forleithne sa Ríocht Aontaithe le roinnt seachtainí agus tá ardú ag teacht ar an líon daoine atá á gcur san ospidéal dá bharr.”

Dúirt an Dr Holohan go raibh sé fíorthábhachtach go gcloífeadh daoine nach bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu leis an gcomhairle sláinte phoiblí ar fad.

“An chomhairle chéanna a chuirim ar na daoine ar fad atá ag fanacht go bhfaighidh siad an dara snáthaid den AstraZeneca.

“Ba cheart do dhaoine glacadh le vacsaín nuair a thairgtear dóibh í agus idir an dá linn ba chóir dóibh plóid a sheachaint, gan bualadh le mórán daoine, gan cruinniú le chéile laistigh agus oibriú ón mbaile nuair is féidir.”

Níos mó