Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-bealach-reitithe-do-shasana-ach-iad-ag-brath-ar-na-hiodalaigh-lena-scaoileadh-trid

An bealach réitithe do Shasana ach iad ag brath ar na hIodálaigh lena scaoileadh tríd

Sasana v An Iodáil – 8pm

Anois nó riamh ag Sasana. Tá 55 bliain ann ó thug siad leo Corn an Domhain agus déarfá go mbeadh leathchéad bliain eile ann sula dtabharfar deis níos fearr dóibh a ndara mórchomórtas riamh a thabhairt leo.

Is fada an lá ó bhí scuad chomh láidir ag Sasana ag aon chomórtas. Léiríodh sin nuair a bhí sé ar chumas Gareth Southgate Jack Grealish a chur chun páirce nuair a bhí cúl ag teastáil in aghaidh na Danmhairge agus é a bhaint den pháirc arís nuair nach raibh.

Níor bhain aon drochghortú d’aon imreoir de chuid Shasana go dtí seo le linn an chomórtais, rud nach bhféadfaí a rá faoin Iodáil, agus tá gach duine ar fáil arís do Southgate do chluiche na hoíche anocht.

Is mór an buntáiste dóibh chomh maith formhór a gcuid cluichí a imirt in Wembley, an cluiche ceannais seo san áireamh. Beidh 60,000 duine in Wembley arís anocht agus chonacthas sa chluiche in aghaidh na Danmhairge an tionchar a bhí ag an slua ar an gcluiche agus go háirithe ar an réiteoir.

Is é cluiche na hoíche anocht freisin an chéad uair a dtabharfaidh Sasana aghaidh ar shárfhoireann ag an gcomórtas seo. Bua maith a bhí acu ar an nGearmáin, cinnte, ach ní raibh na Gearmánaigh i mbarr a maitheasa agus cé gur chruthaigh an Danmhairg go han-mhaith agus na babhtaí leathcheannais a bhaint amach, tháinig laigí na foirne sin chun solais.

D’fhéadfadh na hIodálaigh an dea-obair agus an t-ádh sin ar fad a chur ó mhaith anocht, áfach.

Is beag duine a bhí ag trácht ar fhoireann Roberto Mancini roimh thús na craoibhe ach níl aon amhras anois ach gurb iad an fhoireann is láidre atá feicthe againn go dtí seo.

Sin ráite, bhí an t-ádh orthu ar bhealach an Spáinn a bhualadh sa bhabhta leathcheannais. Bhí na hIodálaigh faoi bhrú ollmhór sa chluiche céanna agus is beag seilbh a bhí acu ar an liathróid san imirt.

Beidh siad dóchasach go n-éireodh níos fearr leo anocht. Tá na himreoirí lár páirce atá ag an Spáinn i bhfad níos cumasaí ná iadsan atá ag Sasana. Is iad triúr na hIodáile, Marco Verratti, Jorginho agus Nicolò Barella, a thabharfas faoi cheannas a fháil ar an imirt i lár na páirce anocht, seachas é a fhágáil ag a gcéilí comhraic.

Deacracht eile a bhí ag an Iodáil in aghaidh na Spáinne go raibh sé soiléir go rabhadar ag aireachtáil Leonardo Spinazzola uathu go mór. Bhuaigh Emerson, an fear a tháinig isteach in áit Spinazzola, Sraith na gCuradh le Chelsea i mbliana ach i ndáiríre, is beag atá imeartha aige i gcaitheamh an tséasúir agus bhí sé traochta ag deireadh an chluiche in aghaidh na Spáinne.

Díol suntais gur tháinig formhór na ndeiseanna maithe a chruthaigh na Spáinnigh ón taobh ar a raibh Emerson ag imirt. Níl an dara rogha ag Mancini ach dul sa seans le Emerson arís anocht agus é ag súil go bhfeabhsóidh an cosantóir.

Tá cinneadh le déanamh arís ag Gareth Southgate an gcuirfidh sé ceathrar nó cúigear cosantóirí chun páirce. Bhí sé de nós aige cúigear a roghnú más le cúigear a bheadh an freasúra ag imirt freisin, ach in aghaidh na Danmhairge, chloígh Southgate leis an gceathrar agus bhain an fhoireann tairbhe as an gcinneadh sin.

Chun an chosaint a neartú tuilleadh, roghnaigh an bainisteoir Bukayo Saka ar an gcliathán deas agus ná déan aon iontas má fheictear fear Arsenal san áit chéanna anocht. Ní ar mhaithe leis an gcosaint a neartú amháin a bheidh Saka ansin. Is é a chruthaigh an chéad chúl in aghaidh na Danmhairge Dé Céadaoin seo caite agus chruthaigh sé go maith aige i ngach cluiche atá imeartha aige go dtí seo.

Pé rud faoi Saka, tá sé tábhachtach go mbeadh na himreoirí mór le rá ag imirt go maith do Shasana agus, ar an dea-uair, tá. Tá ceithre chúl scóráilte ag Harry Kane le trí chluiche agus trí cinn eile faighte ag Raheem Sterling, agus baint láidir aige leis an bpéire eile a scóráladh in aghaidh na Danmhairge.

Má tá Sasana chun an beart a dhéanamh anocht, duine den bheirt sin a dhéanfaidh é ach b’fhearr do lucht tacaíochta Shasana gan tús a chur leis an gceiliúradh go fóill.

Níos mó