Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cen-mhaith-dom-sui-ar-charnan-mor-oir-ar-nos-scrooge-mcduck?

Cén mhaith dom suí ar charnán mór óir ar nós Scrooge McDuck?

| Domhnall O Braonain | ,

Tá an ceathrú lá de mhí Iúil caite agus ó tharla go bhfuil mé sna Stáit Aontaithe bhí ceiliúradh le déanamh. Mar a tharlaíonn nuair a chruinníonn Meiriceánaigh le chéile bhí caint ar airgead. Ceannacht stocanna, infheistiú, boinn leictreonacha agus araile. Stuif nach bhfuil suim dá laghad agam féin ann agus ábhar nach mbeadh mórán plé air ag cóisireacha sa mbaile — cóisireacha clainne ach go háirid) Difríocht chultúrtha is dóigh.

Ar aon chuma thug mé suntas dó sin ach lig mé i ndearmad é go dtí gur chuir muid Alexa (an boiscín beag ó Amazon) ag gabháil fhoinn dúinn. Chas sí ‘Buy Me a Boat’ le Chris Jansen dúinn ag pointe amháin.

Sa gcéad line den amhrán, deir mo dhuine “I ain’t rich but I damn sure wanna be”. Agus díreach ansin bhuail sé mé nach bhfuil suim ar bith agam sa saibhreas. Tá sé cloiste arís agus arís agam “mo’ money mo’ problems” agus creidim é. Chomh fada agus go bhfuil mo dhóthain agam le mo chuid costas a íoc agus amach anseo costais duine ar bith a bheadh ag braith orm (gasúir agus a leithéidí is dóigh) cén mhaith dom a bheith i mo shuí ar charnán mór óir ar nós Scrooge McDuck? Níl sé ag déanamh maitheas ar bith ag suí i mo chuntas bainc.

Is dóigh liom féin gur ó mo chreideamh a thagann sé seo i ndáiríre. “Is fusa do chamall dul trí chró snáthaide ná do dhuine saibhir dul isteach i ríocht Dé,” a dúirt Íosa agus an ceart ar fad aige. Má tá duine éicint in ann breathnú ar an nuacht trí shúil amháin agus rí-bhochtanas an domhain a fheiceáil an fhad agus atá an tsúil eile ag breathnú ar a chuntas bainc agus sé nó seacht de náideanna a fheiceáil agus gan é ach ag gabháil suas agus iad a cheapadh go bhfuil sé sin ceart go leor tá fadhb éicint ansin.

Ar aon chuma ina dhiaidh sin deir Chris Jansen “working like a dog all day ain’t working for me”. Arís, ní aontóinn leis. Ní cheapfainnse go bhfuil rud ar bith níos fearr ná a bheith tugtha ag deireadh an lae agus a fhios agat gur chaith tú do chuid fuinnimh uilig ag athrú saol duine éicint eile ar bhealach deimhneach agus maith. 

D’fhéadfadh sé, i mo chás-sa, go bhfuil patio nua cloch acu nó coincréit deas nua timpeall ar a linn snámha nó staighre deas nua ag gabháil suas chuig doras an tí. Sin lá caite agamsa ag déanamh rud do dhuine eile a mbainfidh siad an-sásamh as chuile lá a úsáidfidh siad é. Tionchar maith agus mothúchán maith dá bharr is cuma cé chomh tuirseach agus a d’fhág sé mé.

Mar sin, sin é atá tugtha faoi deara agam le tamall anuas. Níl mé ag iarraidh a bheith saibhir agus an t-airgead atá le saothrú agam tá mé ag iarraidh uaireanta oibre a chaitheamh á fháil seachas é a chaith isteach ar mhargadh stoic agus ligeann cead do na huimhreacha a ghabháil suas gan iarracht ar bith uaim féin. Mura bhfuil láimh agam féin ann níl mé ag iarraidh saothrú dá bharr.

Anois tuigim go maith go bhfuil an t-ádh orm go bhfuil sé do phribhléid agam a leithéid de thuairim a bheith agam. Níl mé saibhir ach níl aon deacrachtaí airgid agamsa. Tá mé in ann maireachtáil sa mbaile an fhad agus a bhíonn mé ar scoil. Sin sábháilt mhór mhillteach ann féin. Tá sé d’féidearthacht (de bharr mo dhé-shaoránachta) agus d’acmhainn agam a ghabháil thar sáile chuile shamhradh le ghabháil ag obair áit a saothraíonn mé i bhfad níos mó ná a gheobhainn sa mbaile. Fuair mé deis iontach beagán eile a shaothrú go seachtainiúil ag scríobh san iris seo. (Buíochas le foireann NÓS. Gura fada buan sibh!) 

Níos mó