Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
e200,000-den-e25-milliun-a-d’fhogair-an-rialtas-d’imeachtai-ealaine-agus-ceoil-ag-dul-chuig-imeachtai-gaeltachta

€200,000 den €25 milliún a d’fhógair an rialtas d’imeachtaí ealaíne agus ceoil ag dul chuig imeachtaí Gaeltachta

Níos lú ná €200,000 den chiste €25m a d’fhógair an rialtas chun cabhrú le himeachtaí ealaíne agus ceoil a chur ar bun a rachaidh i dtreo ócáidí a bheidh á reáchtáil sa Ghaeltacht.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin le gairid go raibh 237 eagraíocht ar fud na tíre chun leas a bhaint as an maoiniú €25,100,132 a cuireadh ar fáil faoin Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo 2021.

Bainfear úsáid as an airgead chun imeachtaí cultúrtha a chur ar bun i ngach contae sa stát ach, de réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar na heagraíochtaí, níl ach trí cinn acu lonnaithe sa Ghaeltacht.

Bronnadh €174,306 ar fad ar eagraíochtaí sa Ghaeltacht agus formhór mór den airgead sin ar mhaithe le ceolchoirmeacha a eagrú i nGaeltacht Dhún na nGall a bronnadh é.

Fuair an comhlacht Ace Productions  €126,941 chun sraith ceolchoirmeacha a chur ar siúl i dtábhairne Teach Sheáin Óig i nGaoth Dobhair. Dúradh san iarratas go gcuirfí béim ar thacaíocht a thabhairt don fhostaíocht san earnáil chultúrtha agus ealaíne i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.

Tá KNEECAP, Damien Dempsey agus The Wolfe Tones i measc na gceoltóirí a rinne ceolchoirmeacha i dTeach Sheáin Óg le blianta beaga anuas.

Sa Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne a bheidh an dá imeacht Gaeltachta eile a fuair maoiniú faoi scéim an rialtais ar siúl.

Tugadh €31,735 do Thábhairne Thigh na Cúirte ar an mbaile chun sraith ceolchoirmeacha ceoil thraidisiúnta a chur ar fáil saor in aisce.

Bronnadh €15,630 freisin ar an gcomhlacht Staunton Productions Limited chun ceolchoirmeacha a reáchtáil san ionad Mol Teic sa Daingean.

Déanfar an Ghaeltacht a cheiliúradh i gceann eile de na himeachtaí a fuair maoiniú ón Aire Catherine Martin. Ceadaíodh €159,536 chun “aistear cultúrtha” trí Chonnachta, an Ghaeltacht agus na hoileáin, ina mbainfear leas as an gceol, an damhsa agus na healaíona liteartha sa léiriú a bheidh ar siúl sa Royal Hotel & Theatre i gCaisleán an Bharraigh i Maigh Eo.

Níos mó ná 400 iarratas ar fad a rinneadh faoin Scéim chun Tacú le Taibhithe Beo 2021, scéim a bunaíodh chun cabhrú le hionaid tráchtála, léiritheoirí agus lucht poiblíochta chun léirithe beo a phleanáil ar fud na tíre i rith an tsamhraidh.

Tá féilte, ceolchoirmeacha, léirithe amharclainne, coiméide agus imeachtaí faoin aer i gceist sa 237 togra a fuair maoiniú.

Nuair a chuir Tuairisc.ie ceist ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an raibh aon socrú ar leith faoin scéim a chinnteodh go bhfaigheadh imeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta sciar áirithe den mhaoiniú €25 milliún, dúradh nach raibh.

“Cé nár rinneadh iarratais a mheas maidir le húsáid na Gaeilge nó áiteanna Gaeltachta ar leith, tacóidh an scéim le himeachtaí i ngach contae trí imeachtaí beo éagsúla, ar a n-áirítear féilte, ceolchoirmeacha, léiriúcháin amharclainne, imeachtaí coiméide agus imeachtaí faoin aer,” a dúirt urbhlabhraí de chuid na Roinne.

Is é an comhlacht Aiken Promotions a fuair an deontas is mó – €581,811 – chun ceolchoirmeacha a reáchtáil i Vicar St i rith an tsamhraidh.

Dúirt an tAire Catherine Martin go raibh ríméad ar an Roinn an maoiniú seo a fhógairt mar go gcruthódh sí “fostaíocht atá ag teastáil go géar ó go leor daoine nach raibh obair acu le míonna fada anuas” a dúirt an tAire.

Níos mó