Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
fear-gaeltachta-ainmnithe-do-ghradam-ag-fleadh-scannan-na-gaillimhe

Fear Gaeltachta ainmnithe do ghradam ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

Tá Seán Breathnach, as Conamara, ainmnithe do ghradam ‘Bingham Ray Award for New Talent’ ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, atá ar siúl an tseachtain seo. Ainmníodh Seán, ar as Leitir Mealláin é ach atá ina chónaí sna Forbacha anois, dá chuid oibre mar stiúrthóir ar an scannán Foscadh a bheidh á thaispeáint ar líne san oíche amárach mar chuid den Fhleadh Scannán.

Tá cúigear ar fad ainmnithe do ghradam Bingham Ray, gradam a bhronntar ar aisteoirí, léiritheoirí nó stiúrthóirí a mbíonn a saothar le feiceáil ag an bhFleadh Scannán. Ainmníodh i mbliana na stiúrthóirí Stacey Gregg (Here Before), Seán Breathnach (Foscadh), agus TJ O’Grady-Peyton (Silence, Sentinal, Broken: A Lockdown Story); an léiritheoir Róisín Geraghty (The Passion), agus an t-aisteoir Clara Harte (Who We Love).

“Is pribhléid agus onóir é a bheith ainmnithe i measc na ndaoine eile a bhfuil an oiread sin tallainne acu. Is mé féin atá ainmnithe don ghradam, don stiúradh, ach bíonn foireann aisteach i gceist le scannán agus idir léiritheoirí, aisteoirí, agus teicneoirí ann, agus ar ndóigh an stiúrthóir a tharraingíonn chuile shórt le chéile go pointe. Ach ní bheadh an scannán ann murach an fhoireann ar fad,” a dúirt Seán Breathnach le NÓS. 

Tá an scannán Foscadh bunaithe ar charachtair an leabhair The Thing About December le Dónal Ryan, ach deir Seán gur “athchóiriú ach ní athchóiriú díreach” atá i gceist leis an leagan Gaeilge seo den scéal. 

“Scéal é faoi fhear óg tuaithe, tá sé thart ar 30 bliain d’aois, is fear é a bhí ag brath go hiomlán ar a mhuintir, faigheann siad bás agus tá sé fágtha leis féin. Tá go leor daoine mar sin ann in Éirinn, sílim féin, agus iad fágtha gan an chosaint agus an stiúir a bhí acu óna mhuintir. Sa scéal seo, fágtar an talamh agus an teach ar fad aige, tá luach airgid ar an bhfeirm, agus níl sé cinnte cén chaoi le tabhairt faoin saol. Tagann carachtair eile isteach sa scéal, cairde, bean, agus fear atá ag iarraidh an talamh a cheannacht – ach ní féidir a bheith cinnte gur cairde cearta ná daoine maithe iad,” a dúirt Seán. 

Is é Dónall Ó Héalaí as Indreabhán atá i bpríomhpháirt an scannáin, aisteoir a thuill ardmholadh anuraidh dá ról sa scannán faoin nGorta Mór, Arracht. Ar na haisteoirí eile atá sa scannán, tá Macdara Ó Fátharta agus Nuala Flaherty as Árainn; Máire Ní Mháille as Cois Fharraige; Cillian Garvey, as Rath Caola; Diarmuid de Faoite as Contae an Chláir; agus Eoghan Geoghegan. 

“Tá mé thar a bheith sásta leis an gcliar ar fad, bhíodar iontach ar chuile bhealach. Is dráma é seo, ní thriller, agus teastaíonn cliar láidir aisteoirí le dráma mar is ceart a léiriú. Bhí Dónall Ó Héalaí thar barr. Níl a fhios agam an mbeadh duine ar bith eile in ann don ról seo, go mór mór i nGaeilge. Tá sé i ngach radharc, agus b’in é an cinneadh cruthaíoch is fearr a rinne mé agus mé ag scríobh na scripte. Tá an-jab déanta aige, agus é an-mhealltach agus spéisiúil sa scannán,” a dúirt Seán le NÓS.

Is é Paddy Hayes a léirigh Foscadh agus ba é a tháinig go dtí Seán ar dtús agus é ag moladh go gceannódh siad na cearta do charachtair Dónal Ryan. Bhí cúpla gearrscannán déanta Seán, atá ina léachtóir in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh, sular thug sé faoin bhfadscannán seo. Tá súil ag an mbeirt go ngabhfaidh Foscadh ar camchuairt timpeall na bhféilte scannán sna míonna amach romhainn, sula dtaispeánfar i bpictiúrlanna na hÉireann é, agus ar deireadh ar TG4. 

Níos mó