Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
na-pleananna-foilsithe-ag-udaras-na-gaeltachta-d’ionad-oideachais-agus-pobail-nua-ar-shuiomh-cholaiste-lurgan

Na pleananna foilsithe ag Údarás na Gaeltachta d’ionad oideachais agus pobail nua ar shuíomh Choláiste Lurgan

Tá pleananna d’ionad oideachais agus pobail i gConamara foilsithe ag Údarás na Gaeltachta.

I nóta eolais atá curtha chuig eagraíochtaí pobail i gceantar Indreabháin, tá cur síos déanta ag an Údarás ar na pleananna atá acu chun Ionad Oideachais agus Óige a thógáil ar shuíomh Choláiste Lurgan.

Deir Údarás na Gaeltachta gurb iad na príomhchéimeanna atá le baint amach chun an togra a thabhairt ar aghaidh ná teacht ar chomhaontú le Coláiste Lurgan maidir le húsáid an ionaid, beannacht a fháil ó bhord an Údaráis agus ó Roinn na Gaeltachta an togra a thabhairt chun cinn agus ansin cead pleanála a lorg don fhorbairt.

Deirtear go mbeadh sé mar sprioc ag Údarás na Gaeltachta cead pleanála a fháil sa tríú ráithe den bhliain seo agus go mbeadh an t-ionad nua tógtha agus réidh in am do shamhradh 2023.

De réir phleananna an Údaráis, thógfaí áis “nua-aimseartha, ilfheidhmeach” in áit an fhoirgnimh atá in úsáid ag Coláiste Lurgan faoi láthair.

Mar chuid den ionad, bheadh halla ilfheidhmeach, 12 seomra ranga, cistin, agus cóiríocht ábhartha eile (spás oifige, srl.) chomh maith le spás beag spraoi lasmuigh.

Pleananna an Údaráis don Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán

Tá Údarás na Gaeltachta i mbun plé le Coláiste Lurgan faoin bhforbairt ó mhí na Nollag seo caite agus easaontas le tamall idir na húdaráis agus lucht an choláiste samhraidh faoi ghnéithe éagsúla den togra. Tá sé curtha i leith na Roinne agus an Údaráis go minic ag úinéir Choláiste Lurgan, Micheál Ó Foighil, gur ag tarraingt na gcos atá siad i dtaobh an togra.

Deir an tÚdarás go bhfuil gá le comhaontú idir iad agus Coláiste Lurgan a chuimseoidh gach gné den scéal – idir cheannach talún, úsáid an fhoirgnimh ag Coláiste Lurgan i rith mhíonna an tsamhraidh, agus gnéithe ábhartha eile.

Tá ráite roimhe seo ag Coláiste Lurgan, a bhfuil cáil mhór air as na físeáin cheoil ar ardchaighdeán a dhéanann siad i nGaeilge, go bhfuil an coláiste sásta infheistíocht suas le €1.5 milliún a dhéanamh le haghaidh trealamh stáitse agus fuaime a chur isteach sa bhfoirgneamh nua.

Deir Údarás na Gaeltachta anois, áfach, go bhfuil an Stát sásta íoc as an trealamh stáitse agus fuaime a bheadh ag teastáil ar mhaithe leis an bpróiseas “a éascú agus dlús a chur lena bhogadh chun cinn”.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfágfadh sin go mbeidís i bhfeighil an trealaimh agus go mbeadh sé “go buan san ionad mar chuid den fhorbairt agus é in ann a bheith curtha chun fónaimh i gcás imeachtaí eile seachas imeachtaí Choláiste Lurgan amháin.”

Tá ráite ag an Údarás freisin go gceannóidh an Stát an talamh ar an dá thaobh den fhoirgneamh a theastaíonn don togra, atá in úinéireacht Choláiste Lurgan, agus go dtabharfaí cúiteamh i bhfoirm cnapshuime nó lascaine cíosa do Choláiste Lurgan ar úsáid an ionaid ar feadh tréimhse roinnt blianta, tréimhse a chaithfí a aontú eatarthu.

Tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta go mbeadh an foirgneamh in úinéireacht agus faoi bhainistíocht an Údaráis agus go mbeadh sé ar fáil, ní hamháin don choláiste samhraidh, ach go mbeadh sé ina áis oideachais, óige agus pobail lasmuigh den samhradh.

Tá Údarás na Gaeltachta chun cruinniú fíorúil a eagrú le hionadaithe eagraíochtaí pobail an cheantair chun tuilleadh plé a dhéanamh ar an scéal.

Níos mó