Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
scaitheamh-in-inis-meain-–-treoir-don-turasoir

Scaitheamh in Inis Meáin – treoir don turasóir

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Fág slán le fadhbanna na mórthíre agus bígí ar an gcéad duine de do chairde chun eitilt trasatlantach a dhéanamh an samhradh seo, go hoileán geal mo chroí – Inis Meáin. 

Eitiltí go dtí na hOileáin Árann ar fáil ó Aer Arann, Indreabhán (€55 fillte do dhuine fásta, €40 do mhac léinn)

An t-oileán a bhfuil an daonra is lú ann as measc Oileán Árann, tá draíocht ar leith ag baint leis an oileán creagach nach bhfuil a shárú le fáil áit ar bith eile.

Ní haon ionadh gur mealladh scríbhneoirí mór le rá anseo i gcaitheamh na mblianta; WB Yeats, John Millington Synge, Martin McDonagh agus scríbhneoirí umhla NÓS san áireamh fiú! Bhainfeadh cúpla lá ar an oileán suaimhneach seo dúch ó pheann folamh. 

Cathaoir Synge, áit ar shuíodh an t-údar mór le rán JM Synge agus é i mbun pinn.

Siúl, siúl, siúl a rún…

Beir leat do bróga nó buataisí don turas mar beidh tú ag brath go mór ar do chosa anseo. Tá roinnt lúbanna siúil ar fud an oileán ar fiú cúpla uair a chloig a chaitheamh orthu. An ceann is ansa liomsa ná Lúb Dhún Fearbhaí, a thabharfaidh ó Dhún Fearbhaí (ceann de dhá Dhún an oileáin) tú, amach chun na farraige agus ar ais arís. Bíodh do shúile oscailte d’fhéileacáin agus do choiníní agus bíodh spás i do bholg le haghaidh slisín cáca milis ó Catherine ag ‘Caifé Baile’ . Tiocfaidh tú chuig an gcaifé ar do bhealach ar ais agus i dteannta do cháca, gheobhaidh tú radharc breá ar Inis Oírr agus Aillte an Mhothair saor in aisce. 

An Róidín Mór, Lúb Dhún Fearbhaí 

Seal sa Séipéal

I ndiaidh do shiúlóide, caith seal i Séipéal Mhuire Gan Smál ag breathnú ar fhuinneoga daite Harry Clarke. Tá patrúin na n-oileán le feiceáil sna fuinneoga agus móitífeanna na farraige go smior san ealaín. Gheobhaidh tú síocháin agus stair ar leith sa séipéilín seo, a tógadh sa bhliain 1939. Tógadh an teach pobail le clocha an tseanséipéil a bhí trasna an bhóthair agus ba é James Pearse, athair Phádraig Mhic Phiarais, a rinne an altóir. 

Fuinneog Harry Clarke in Eaglais Naomh Muire gan Smál

An pionta is cúraí a bhlaisfiidh tú choíche

I ndiaidh do thurais ag an séipéal, bheadh sé ina pheaca mór gan cuairt a thabhairt ar Theach Ósta Inis Meáin, foirgneamh ríthábhachtach eile ar an oileán. Bíodh mála Tayto agat, dea-chomhrá agus an pionta Guinness is cúraí a bhlaisfidh tú choíche. 

Teach Ósta Inis Meáin (bia agus deoch ar fáil lasmuigh)

Cuir aithne ar mhuintir an oileáin

Pobal lách cairdiúil is ea pobal Inis Meáin, a chuirfidh fáilte is fiche romhat. Ach más sa tóir ar ghrianghrafanna don Insta grid atá tú, beidh ainmhithe an oileáin níos mó ná sásta teacht i gcabhair ort. 

Asal ar Inis Meáin 

Bláthanna na Boirne 

Ainneoin na farraige a scarann Oileáin Árainn ó chósta Chontae an Chláir, is cuid den Bhoireann í tírdhreach Inis Meáin. Neamh ar thalamh is ea é dá bhrí sin, don té a chuireann spéis sna bláthanna fiáine. Bígí ag faire amach do flúirse bláthanna i ngach aon dath agus méid, a lasfaidh cibé bóthar a thógfaidh tú.  

Mórán Gaelach i nDún Chonchúir

‘Trasna na dTonnta’

Rachaidh radharcanna Inis Meáin chomh mór sin i bhfeidhm ort go mbeidh cuimhneachán deas uait le tabhairt abhaile leat. Níl áit ar bith is féiliúnaí don tasc áirithe sin ná ‘Trasna na dTonnta’; siopa lámhchéardaíochta in aice leis an tseanchéibh. Oibríonn bean an tí, Juda, i gcomhpháirt le ceardaithe agus cniotálaithe áitiúla chun earraí aoibhne lámhdhéanta a chur ar fáil. Níl aon dabht ach go n-aimseoidh tú seoid a thabharfaidh siar, siar i do chuimhne thú chuig an oileán draíochtúil seo.

‘Trasna na dTonnta’, siopa lámhchéardaíochta in aice leis an seanchéibh.

_________________

Inis Meáin:

Taisteal

  • Téann báid go hInis Meáin gach lá ó Dhúlainn, Co. an Chláir agus Ros an Mhíl, Co na Gaillimhe. 
  • Eitiltí ar fáil go laethúil ó Aer Árann, Co. na Gaillimhe.

Lóistín agus seirbhísí

  • Tá liosta lóistín agus seirbhísí eile ar Inis Méain ar fáil anseo

Níos mó