Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘scannalach-agus-maslach-gur-fograiodh-cuitimh-do-mhna-ti-gan-pacaisti-a-bheith-aontaithe-le-dreamanna-eile’-–-concos

‘Scannalach agus maslach gur fógraíodh cúitimh do mhná tí gan pacáistí a bheith aontaithe le dreamanna eile’ – CONCOS

Tá ráite ag an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh go raibh sé “scannalach agus maslach” gur chuir Roinn na Gaeltachta cúiteamh ar fáil do mhná tí gan tacaíochtaí breise a bheith aontaithe le lucht stiúrtha na gcoláistí féin ná leis na hallaí pobail.

Bhí CONCOS agus Gael Linn os comhair Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge tráthnóna chun todhchaí na gcoláistí samhraidh a phlé.

Dúirt Cathaoirleach Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS), Frank Ó Maoláin go n-oibríonn na grúpaí sin as lámha a chéile chun na cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil agus nach raibh sé ceart go gcuirfí tacaíocht ar fáil do ghrúpa amháin gan í a chur ar fáil do na grúpaí eile.

“Fáiltíonn muid roimh an méid a fuair na mná tí ach sílim go bhfuil sé maslach gur cuireadh scaifte chun tosaigh nó chun deiridh ar a chéile mar go n-oibríonn muid le chéile.”

D’fhógair an rialtas an tseachtain seo caite go raibh €2.2 milliún le híoc le mná tí na Gaeltachta mar chúiteamh ar chur ar ceal na gcoláistí samhraidh i mbliana.

Dúirt Máire Denvir, Oifigeach Caidrimh Phoiblí CONCOS, gur “cúis mhór díomá” dóibh go raibh an pacáiste cúitimh fógartha do na mná tí gan aon socrú a bheith déanta do na coláistí agus do na hallaí.

Dúirt Denvir go raibh na mná tí, na coláistí agus na hallaí “fite fuaite ina chéile in aon aonad amháin” agus nárbh “ann do dhream acu gan an dream eile a bheith ina dteannta.”

Máire Denvir, Oifigeach Caidrimh Phoiblí CONCOS

Dúirt sí go raibh sé thar am an beart a dhéanamh do na coláistí agus na hallaí agus cúiteamh a chur ar fáil chun go mbeadh siad sin ann tosú ar an obair cúrsaí a chur ar fáil in 2022.

“Tá scéal práinneach anois againn. Níl muid ag caint ar rud a leigheasfar i gceann trí mhí nó ceithre mhí. Caithfidh muid gníomh a dhéanamh taobh istigh de choicís nó trí seachtaine, ar a mhéid, le go mbeidh a fhios againn an bhfuil coláistí Gaeilge [le bheith ann] nó an bhfuil muid chun dearmad a dhéanamh ar an tionscal seo,” arsa Denvir.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin, go raibh am agus fuinneamh na gcoláistí samhraidh á gcur amú leis an “útamáil uile” maidir le ceist an chúitimh.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh sé deacair a thuiscint cén fáth nach raibh an pacáiste cúitimh do na coláistí agus na hallaí pobail fógartha cheana féin, go háirithe mar gheall ar an tábhacht atá leo don Ghaeltacht.

“Níl ’s agam cén fáth gur thóg sé chomh fada teacht ar chinneadh. Níor cheart go dtógfadh sé níos faide ná deich nóiméad,” a mheas Ó Cuív.

Dúirt Roinn na Gaeltachta le Tuairisc.ie tráthnóna go raibh obair fós ar bun chun an pacáiste cúitimh do na coláistí agus na hallaí a aontú.

“Tá obair idir lámha ina leith sin ar fad i dtreo a bheith in ann réiteach cuí a aimsiú chomh luath in Éirinn agus is féidir,” a dúirt urlabhraí ón Roinn.

Maidir le cén cúiteamh a bheadh de dhíth ar na coláistí samhraidh chun iad a athoscailt arís don bhliain seo chugainn, dúirt Frank Ó Maoláin ó CONCOS go rabhthas ag súil leis an méid céanna a bhí faighte ag na coláistí anuraidh.

D’íoc Roinn na Gaeltachta €3.1 milliún le húdaráis an 42 coláiste samhraidh anuraidh ach thug an Roinn rabhadh do lucht na gcoláistí níos luaithe i mbliana gan a bheith ag brath ar an gcúiteamh céanna a fháil in 2021.

Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, Antoine Ó Coileáin

Ní hí ceist an chúitimh an t-aon rud a bhí ag déanamh imní do lucht na gcoláistí samhraidh agus iad os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais, áfach. Dúradh go raibh “bagairtí agus dúshláin” éagsúla ann dóibh agus iad ag tabhairt aghaidh ar an todhchaí.

Dá mbeifí chun cúrsaí Gaeilge a chur ar fáil i samhradh 2022, mheas CONCOS go mbeadh gá le ‘cúrsaí inseirbhíse’ trí lá a chur ar fáil chun rannpháirtithe éagsúla na gcúrsaí – lucht lóistín, múinteoirí, príomhoidí agus cinnirí – a oiliúint athuair.

“Tá géarghá leis an oiliúint seo ar fad lena chinntiú go mbeidh na Coláistí á riaradh mar is ceart, agus go mór mór lena chinntiú go bhfanfaidh an Ghaeilge in uachtar mar aonteanga chumarsáide na gcúrsaí. Gan sin, dhéanfaí dochar mór do staid agus stádas na Gaeilge sa nGaeltacht,” a dúirt Máire Denvir.

Éilíodh freisin go dtabharfaí ar ais an deontas caipitíochta do na coláistí samhraidh. Cáineadh cinneadh na Roinne Oideachais in 2008 deireadh a chur leis an deontas €52 in aghaidh an scoláire.

Dúirt Antoine Ó Coileáin go raibh drochthionchar an chinnidh le brath go fóill ag an earnáil, go háirithe ag coláistí samhraidh beaga.

Mheas CONCOS go dtabharfadh athcheadú an deontais ról lárnach don Roinn Oideachais in imeachtaí na gcoláistí arís, “ról nach bhfuil ann i gceart níos mó nó atá an-doiléir faoi láthair,” a dúirt Máire Denvir.

Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Éamon Ó Cuív gur cheart an deontas caipitíochta a thabhairt ar ais agus go mbeadh ardú freisin i gceist do dheontas laethúil na dTeaghlach Gaeltachta a thugtar do mhná tí, éileamh eile a bhí ag CONCOS.

“Na ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm [le linn an chúlú eacnamaíochta], ba cheart iad a chur ar neamhní,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt Máire Denvir go raibh tionscal na gcoláistí samhraidh ar cheann de na tionscail is tábhachtaí sa Ghaeltacht ó bhunú an stáit.

“Is í an Ghaeilge an acmhainn nádúrtha is mó atá ag an nGaeltacht ó thaobh na turasóireachta, go háirithe i gcomhthéacs na béime atá i saol na linne seo ar an turasóireacht chultúrtha. Seo an obair atá ar bun ag na Coláistí Gaeilge le 120 bliain. Ní mheánn áilleacht tíre, aer glan, tábhairní ceoil, turais bháid ná siúlóidí dúlra oiread is soipín tuí lena taobh,” a dúirt Denvir.

Níos mó