Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
alpacai,-badhsaclai,-agus-caisleain-–-abcs-don-turasoir-i-muineachain

Alpacaí, badhsaclaí, agus caisleáin – ABCs don turasóir i Muineacháin

Ní fheiceann muid mórán feachtais turasóireachta ag Fáilte Éireann ag moladh dúinn dul go contae Mhuineacháin agus contae Lú ar ár gcuid laethanta saoire. Go dtí gur chaith mé bliain sa gceantar, ní bheadh mé féin á mholadh ach oiread. Tá feall déanta orainn. Buail bóthar suas nó síos an M1. An t-aon caveat ná go dteastóidh carr uait, is é sin mura bhfuil luas Sam Bennett ar an rothar agat.

Tá mé chun feall eile a dhéanamh anois agus moladh duit fanacht taobh amuigh den dá chontae i gCaisleán Cabra, atá díreach taobh amuigh de chontae Mhuineacháin, i gcontae an Chabháin. Tá sé galánta ach nádúrtha, tá an bia agus na baill foirne go hálainn agus cuirfidh Oscar an cú faoil fáilte mhór romhat.

 Nuair atá faighte réidh leis na málaí, buail trasna an bhóthair go Coill Dhún an Rí. Is iomaí tráthnóna a chaith mé ag spaisteoireacht anseo le bliain. Lá arna mhárach, téigh go ceantar Chuaille. Stop ag Strandfield ar do bhealach le haghaidh greim le n-ithe. Bialann feirme atá ann agus is áit é a bhí foirfe don scaradh sóisialta agus bia faoin aer i bhfad sula raibh trácht ar bith againn air. 

Nuair atá do dhóthain ite agat, téigh go Cairlinn agus faigh rothar ar cíos. Tá bealach glas thart ar ocht gciliméadar ar fad as sin go dtí Ó Meith agus tá na radharcanna speisialta. Muir Éireann ar thaobh amháin, sléibhte Chuaille ar an taobh eile. Is fiú stopadh ag trá Bhaile an Teampaill ar do bhealach abhaile. Trá ghlan, le áit páirceála, gardaí tarrthála agus leithreas. Is maith tuirseach a bheidh tú ag filleadh ar do leaba an oíche sin.

Ní fhéadfaí dul ar saoire sa gceantar seo gan beagán cultúir a shú isteach. Is fiú go mór dul chuig ionad oidhreachta Patrick Kavanagh in Inis Caoin agus níos deireanaigh sa lá, dul ag Lása Charraig Mhachaire Róis, áit ar féidir leat an stair na hearnála lása uilig a fheiceáil, agus fiú triail a bhaint as an gceird tú féin. 

Faigh lón trasna an bhóthair i gcaifé beag darbh ainm Matilda’s. Ní bhfaighidh tú cáca beag milis níos deise in aon áit eile sa gcontae agus is iomaí euro atá caite agam ann. Déanann siad sailéid áille, ceapairí, arán agus píotsa chomh maith. 

Má tá aon phingin fanta i do phóca, is fiú lá a chaitheamh i dtuaisceart Mhuineacháin. Tá siopaí áille sa mbaile mór. Is breá liom féin Dirty Fabulous, siopa éadaí seanré. Taobh istigh de cheathrú uaire sa gcarr tá Caisleán Leslie ansin i nGlasloch, ceann de na bailte beaga is deise sa tír. Tá príomhdhuais na mbailte slachtmhara buaite ag an mbaile seo roinnt babhtaí. Lán le crainn, bláthanna agus tithe agus siopaí beaga a chuirfeadh draíocht agus síoga i gcuimhne duit. Ní gá dul isteach chuig an gcaisleán ar chor ar bith chun béile deas a fháil. Tá Ambledown Cottage béal dorais agus is mór an spóirt an chaoi ina bhfuil sé leagtha amach. Is féidir marcaíocht capall a chuir in áirithe ag an gcaisleán, agus mura bhfuil fonn marcaíochta ort, buail síos ag Glaslough Alpacas. Is féidir breathnú orthu, iad a chuimilt, iad a bheathú, agus iad a thabhairt ar siúlóid.

Tá triail bainte agam as gach ceann de na moltaí seo le bliain, seachas dul ar cuairt ag na halpacaí, ach beidh mé acu go luath. Tá súil agam go mbainfidh mé an oiread spraoi astu agus a bhain Hughie Carr as Alpaca Thír Chonaill an samhradh seo caite. B’fhearr dom cupla sweetie a choinneáil i mo phóca dóibh. 

Níos mó