Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cas-phairc-na-mara-curtha-faoi-bhraid-an-bhoird-phleanala-ag-udaras-na-gaeltachta

Cás Pháirc na Mara curtha faoi bhráid an Bhoird Phleanála ag Údarás na Gaeltachta

| Mairtin O Cathain | ,

Leagadh beartán téagartha cáipéisí isteach in Oifigí an Bhoird Phleanála ag 10 a chlog ar maidin inniu. As Gaillimh a tháinig na cáipéisí; baineann siad le Gaeltacht Chonamara agus tá iniúchadh grinn le déanamh orthu.  D’fhéadfadh an toradh an iniúchta sin a bheith greanta ar Ghaeltacht iarthar Chonamara ar feadh an chuid eile den Chéad seo.

Achainí in aghaidh chinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe gan cead pleanála a thabhairt do Pháirc na Mara – scéim thionscail agus thaighde a bheadh bunaithe ar acmhainní mara agus cladaigh – i gCill Chiaráin atá sa mbeartán páipéir seo.  Théis dóibh a gcuid machnaimh a dhéanamh ar an diúltú a thug Comhairle Contae na Gaillimhe ar iarratas pleanála do Pháirc na Mara ar an dara lá déag den mhí seo caite, shocraigh Údarás na Gaeltacht an cás a chur faoi bhráid an Bhoird Phleanála. Beidh 18 seachtain, ar a laghad, ag an mbord sin anois le theacht ar shocrú an seasfaidh siad le cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe, nó an cinneadh sin a chur ar ceal agus togra Pháirc na Mara a cheadú.

Creideann bainistíocht Údarás na Gaeltachta go bhfuil fostaíocht a bheadh bunaithe ar acmhainní nádúrtha ar an mbeart ab fhearr le pobail ar nós Cill Chiaráin, Carna agus Ros Muc a neartú.  Tá cuid de na rátaí dífhostaíochta is airde i bPoblacht na hÉireann sna ceantair sin.  Ní fheictear, go réadúil, don Údarás gur féidir na tionscail earraí leighis, ard theicneolaíochta nó a leithéid a mhealladh mórán taobh amuigh de chathair na Gaillimhe. Dá réir sin, leagadh go leor béime ar Pháirc na Mara agus tá os cionn €1 milliún caite ar iarratas cuimsitheach pleanála.

Bhuail Rannóg Phleanála na Comhairle an togra ar an mullach. Dúradh nach raibh dóthain eolais tugtha dóibh maidir le ceisteanna timpeallachta, go gcuirfeadh torann agus dusta le linn obair tógála as do dhaoine áitiúla agus dúradh go mbeadh baol timpistí gar don bhealach isteach chuig an bPáirc mar go bhfuil bóthar baile eile buailte air.

Ach is é an baol, dar le pleanálaithe na Gaillimhe, go ndéanfaí dochar do cheantar caomhnaithe farraige an rud is casta sa gcás uilig.  Ag cur leis an buile a tugadh d’Údarás na Gaeltacht, chuir an Chomhairle Contae tuairisc amach inár dúradh nach raibh an t-iarratas a chuaigh chucu sách cuimsitheach. Tá an tÚdarás speirthe aige seo.

Tuigtear go bhfuil diomú agus olc curtha ar bhainisteoirí san Údarás ag an scéal seo agus go gcreideann siadsan go raibh neart eolais tugtha don Chomhairle Contae.  Fágann seo nach bhfuil an chumarsáid idir Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae na Gaillimhe go maith faoi láthair – agus ceaptar nach scaoilfidh an tÚdarás go réidh leis an scéal.

Ach is ar an mBord Pleanála bheidh an aird is mó anois. 

Ceaptar go bhfuil an dearcadh atá léirithe ag an gComhairle Contae i leith píopa soláthair uisce sáile atá ceaptha a bheith ag gobadh achar gearr amach i gCuan Chill Chiaráin ar an ábhar is mo a bheidh le cíoradh.  Dúirt Rannóg Phleanála na Gaillimhe nach bhféadfaidís a bheith cinnte nach ndéanfadh an píopa seo dochar do Cheantar Speisialta Caomhnaithe Chuan Chill Chiaráin.  Tá an stádas is airde – sin Ceantar Speisialta Caomhnaithe Aguisín 1 – i gceist sa gcuan sin.  Ceapadh go bhféadfadh na pleanálaithe neamhshuim a dhéanamh don phíopa mar go raibh sé plúchta sa gcladach agus nach mbeadh an trealaimh ag luí ach ar ocht  méadar cearnach ach ní mar sin a bhfacthas an scéal dóibh.

Ceist anois í seo don Bhord Pleanála.

Má shocraíonn an Bord Pleanála go bhfuil an ceart ag pleanálaithe Chomhairle Chontae na Gaillimhe sa gcás seo – sin nach féidir leat oiread na fríde cur isteach a dhéanamh ar Cheantar Speisialta Caomhnaithe Aguisín 1 gan millteanas a dhéanamh ar an gCeantar Caomhnaithe sin in iomláine – beidh cúis mhór machnaimh agus imní ar dhream ar bith a bheidh ag iarraidh aon fhorbairt a dhéanamh in aice lena leithéid de cheantar caomhnaithe.

Ach fiú agus má thagtar slán as cruóg an Cheantair Speisialta Caomhnaithe, tá go leor eile tarraingthe anuas ag an gComhairle Contae faoi iarratas pleanála Pháirc na Mara; beidh sé sin uilig le ceistiú agus le scagadh ag an mBord Pleanála.

Sa deireadh thiar thall, tuigtear go bhfuil Údarás na Gaeltachta, agus a comhairleoirí gairmiúla – comhlacht Ryan Hanley as Gaillimh – muiníneach go bhfuil na freagraí acu agus go bhfuil Páirc na Mara ag teacht le pleananna forbartha náisiúnta agus go gcuideodh an fhorbairt le Straitéis 20 bliain na Gaeilge sa méid agus go dtabharfadh sé deis do mhuintir Ghaeltacht iarthar Chonamara post a fháil sa mbaile.

Is féidir a bheith cinnte, an iarraidh seo arís, go mbeidh dreamanna eile, ar nós grúpaí atá imníoch faoi mhéadú ar thionscail na feilméireachta bradán, ag cur in aghaidh fhorbairt Pháirc na Mara.  Is cosúil nach bhfuil mórán acu seo in iarthar Chonamara féin ach tá siad eagraithe go maith.

Beidh le feiceáil lá níos faide anonn cén bhrí a bhainfear as an mbeartán téagartha páipéir a leagadh isteach in oifigí an Boird Pleanála ar maidin inniu.

Níos mó