Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
is-fiu-athruithe-a-dheanamh-i-do-shaol-fein-–-deich-rud-le-foghlaim-o-thuarascail-an-ipcc

Is fiú athruithe a dhéanamh i do shaol féin – deich rud le foghlaim ó thuarascáil an IPCC

| An Gael Glas | ,

Tá a fhios agaibh go léir gur foilsíodh an tuarascáil is déanaí de chuid an IPCC ag tús na seachtaine seo caite, tuarascáil a bhí dírithe ar an bhfianaise is déanaí faoin éigeandáil aeráide. Rinneadh iarracht ann cur síos a dhéanamh ar an ardú teochta atá i ndán dúinn, agus an éiginnteacht atá fós sna samhlacha aeráide. 

Tá trí ghrúpa oibre san IPCC, grúpa amháin eolaíochta a chuir amach an tuarascáil seo, grúpa eile a fhéachann ar thionchar na héigeandála aeráide ar an bpobal daonna, agus grúpa a dhéanann iarracht comhairle a thabhairt chun an tionchar sin a mhaolú. 

Toisc gur tuarascáil eolaíochta a bhí i gceist, tharraing na figiúirí loma scanrúla aird na meán agus tá an rabhadh a tugadh i mbéal an phobail le seachtain anuas. Tá seans ann gur chuir sé eagla ar dhaoine, mar a tharlaíonn go minic nuair a fhoilsítear cáipéisí mar seo. Ach ná bí buartha, ní dóigh leis an nGael Glas go raibh go leor ann nach raibh feicthe againn cheana féin. 

Seanduine is ea mise anois go bhfuil cos liom insan uaigh is an chos eile ar a bruach, agus tá taithí agam ar a leithéid de thuarascáil le fada an lá. Mar sin tá deich bpointe agam chun achoimre a thabhairt air, chun an tuarascáil a chur i gcomhthéacs agus tusa a ghríosú chun gnímh.

1: Ní féidir stop a chur leis an éigeandáil aeráide sa ghearrthéarma, ach is féidir srian a chur uirthi. De réir an IPCC tá ardú teochta 1.5 céim ar a laghad i ndán dúinn, ach má chuirimid stop leis na hastaíochtaí roimh 2050, is féidir an tionchar is measa agus teocht níos airde a sheachaint. Tá dóchas ann le hais an éadóchais! Tá an fhadhb soiléir anois, agus tá na réitigh ar eolas againn.

2: Beidh tionchar is bhfad níos mó ag gníomh ná easpa gnímh. An t-aon rud atá cinnte ná go bhfuil athrú saoil ag teacht. Ní bheimid ag maireachtaint mar seo i gceann fiche bliain, más olc maith linn é. Tá sé ar eolas againn ón mbliain 2006 nuair a foilsíodh tuarascáil Stern nach bhfuil aon argóint eacnamaíochta i gcoinne gníomh aeráide – a mhalairt atá fíor. Agus tá sé sin fíor ó thaobh gach cuid den shaol agus den tsochaí.

3: Ní fadhb dhaonra í. Tá an chuid is mó de na hastaíochtaí ag teacht ó líon beag comhlachtaí, agus ó chéatadán réasúnta íseal de dhaonra an domhain. Caithfimid díriú ar na hastaíochtaí amháin, beidh an daonra ag laghdú i rith na haoise seo pé scéal é.

4: Is fiú athruithe a dhéanamh i do shaol féin, ach ní leor iad. Beidh gach aon chileagram carbóin tábhachtach as seo amach, ach is léir go bhfuil athrú córasach ag teastáil. Déan an méid atá tú in ann a dhéanamh, agus téigh amach ar na sráideanna ag feachtasaíocht. Cuir brú ar chomhlachtaí agus ar pholaiteoirí.

5: Is ionann gníomhachas aeráide agus gníomhachas i gcoinne na héagothroime. Ní féidir an dá rud a scaradh óna chéile. Cuirfidh an t-athrú aeráide isteach níos mó ar daoine atá leochaileach, bocht, faoi mhíchumas, agus ar mhná agus leanaí. Tá an bhearna idir glúnta éagsúla ann- beidh daoine óga, daoine nach bhfuil freagrach as an bhfadhb, agus atá cráite ag praghasanna tithíochta, postanna sealadacha agus a leithéid cheana féin, ag streachailt le hathrú aeráide ar feadh a saoil. An bhfuil ionadh ort faoi sin? Tá na cúiseanna céanna freagrach as na fadhbanna go léir, go háirithe an córas lofa eacnamaíochta nua-liobrálach.

6: Is ionann gníomhachas aeráide agus gníomhachas ar son na sláinte. Beidh olltionchar ag an éigeandáil aeráide ar ár sláinte, sláinte cholainne agus meabhairshláinte araon, agus is féidir leis na réitigh é a chosaint nó a fheabhsú. Má tá daoine (táim ag féachaint oraibhse, a pholaiteoirí!) i gcoinne ghníomhachas aeráide, tá siad i gcoinne shláinte an phobail.

7: Beidh réitigh éagsúla in áiteanna éagsúla. Tú i do chónaí sa chathair? Fág an carr sa bhaile. Amuigh faoin tuath? Déan iarracht car leictreach a fháil. Feoilteoir amach is amach tú? Laghdaigh an méid feola a itheann tú. Portach agat? Caomhnaigh agus cothaigh é. Ní bheidh gach réiteach oiriúnach duitse, ach ní hé sin a rá nach fiú iad. Beidh an scéal céanna le feiceáil i ngach tír – caithfimidne in Éirinn dul i ngleic le húsáid breosla agus leis an earnáil talmhaíochta mar shampla. Agus caithfidh an freagra a bheith réasúnta agus féaráilte, agus cabhair a thabhairt do na daoine a bheidh thíos leis.

8: Ná bac leis an mbolscaireacht agus leis an gcaimiléireacht ó na comhlachtaí breosla iontaise. Ní hamháin gur cuid ollmhór den fhadhb iad – níl aon pháirt acu sa réiteach. Beidh siad ag iarraidh iad a “bhréag-ghlasú” as seo amach, rud atá tosnaithe cheana féin. Caithfimid iad a dhúnadh chomh luath agus is féidir. Moladh amháin atá agam – má tá airgead agat, bí cinnte nach bhfuil sé infheistithe agat sna comhlachtaí sin. Mar a dúirt an fealsamh cáiliúil sin, John Rambo, in Rambo III,“fuck ’em”.

9: Is fadhb pholaitiúil í. Tá do vóta tábhachtach i gcónaí, ach is féidir brú a chur ar pholaiteoirí i slite eile. Ní dóigh liom go bhfuil rialtas ar bith ar fud an domhain mhóir atá mar eiseamláir ó thaobh na héigeandála aeráide de, ach níl aon amhras ann ach gurb iad Fianna Fáil agus Fine Gael cinn de na páirtithe is measa san Eoraip. Thaispeáin siad arís agus arís eile an mianach atá iontu, agus an drogall atá orthu rud ar bith a dhéanamh. Is ionann moill agus séanadh anois – ná tabhair deis eile dóibh.

10: Ná caill an misneach. Mar a dúirt mé, tá idir dóchas agus éadóchas sa thuarascáil. Tá an meon feicthe agam go minic i rith na seachtaine nach mbeimid in ann tubaiste a sheachaint agus mar sin, nach fiú aon rud a dhéanamh. Bheadh an toradh céanna ag an meon seo agus meon na séantóirí. Is mór an difríocht idir 1.5 céim agus 4 chéim. Braitheann todhchaí an domhain agus an chine dhaonna ar cad a dhéanaimid sna fiche bliain amach romhainn anois. Nach mbeadh sé níos fearr, ag féachaint siar ag deireadh do shaoil, a bheith in ann a rá – “rinneamar é, d’éirigh linn”.

Níos mó