Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
la-cinniunach-d’eirinn-agus-iad-ag-iarraidh-togail-ar-an-obair-a-rinneadh-sa-phortaingeil

Lá cinniúnach d’Éirinn agus iad ag iarraidh tógáil ar an obair a rinneadh sa Phortaingéil

Éire v An Asarbaiseáin – 5pm, Staid Aviva (Beo ar RTÉ)

Tá seans maith ann gur cluichí a bheidh cinniúnach do ré Stephen Kenny mar bhainisteoir an cúpla cluiche seo atá roimh fhoireann na hÉireann.

Léiríodh dul chun cinn na foirne sa taispeántas a thug siad in aghaidh na Portaingéile Dé Céadaoin seo caite ach mura n-éiríonn leo an bua a fháil in aghaidh na hAsarbaiseáine tráthnóna nó i gcoinne na Seirbia Dé Máirt, déanfar dearmad go tapa ar an dea-imirt in Faro. Ní fhéadfadh duine ar bith a shéanadh go raibh mí-ádh ceart ar Stephen Kenny mar bhainisteoir na hÉireann go dtí seo ach caithfear cluichí a bhuachan uair éigin.

Bhí foireann na hÉireann i bhfoisceacht cúpla soicind de thoradh iontach in aghaidh na Portaingéile i rith na seachtaine agus ba cheart go mbeadh Kenny agus na himreoirí in ann tógáil ar an obair sin anois.

Tá ráite ag Kenny go bhfuil sé ag iarraidh stíl imeartha na hÉireann a athrú agus bhí toradh a chuid oibre le feiceáil in Faro. Léirigh imreoirí na hÉireann an-mhisneach nuair a bhí seilbh na liathróide acu agus bhí leithéidí Matt Doherty, Séamus Coleman, Jamie McGrath agus Jeff Hendrick sásta an liathróid a choinneáil, fiú nuair a bhí brú á chur ag imreoirí na Portaingéile orthu, seachas í a lascadh síos an pháirc, mar ba nós le foirne na hÉireann le roinnt blianta anuas.

Agus seilbh á coinneáil ag Éirinn ar an liathróid ar feadh an chúpla soicind breise sin, cruthaíodh bearnaí i gcosaint na Portaingéile agus bhí níos mó ama ag Aaron Connolly agus Adam Idah spás a chur idir iad féin agus na cosantóirí a bhí ag iarraidh stop a chur leo. Chruthaigh Éire roinnt seansanna ar an mbealach sin sa chéad leath agus sa chéad chuid den dara leath.

Is beag seans go mbeidh an Asarbaiseáin chomh hoscailte céanna leis an bPortaingéil, áfach. Bhí na Portaingéalaigh seasta ag iarraidh dul ar an ionsaí ach beidh an Asarbaiseáin i bhfad níos sásta titim siar agus an dúshlán a thabhairt d’Éirinn iad a bhriseadh síos, rud nach bhfuil na hÉireannaigh an-mhaith aige.

Tá an Asarbaiseáin sa 122ú háit ar rangú FIFA ach bhí a gcuid torthaí go dtí seo i nGrúpa A an-chosúil le cinn na hÉireann. Tá gach ceann de na trí chluiche a d’imir na foirne go dtí seo caillte acu le haon chúl amháin.

Bhuaigh Lucsamburg ar an Asarbaiseáin 2-1 Dé Céadaoin seo caite ach níor éirigh ródhona leis na hAsarbaiseánaigh nuair a d’imríodar i gcoinne na Seirbia ná i gcoinne na Portaingéile.

Bhí dea-scéal ag Stephen Kenny le cúpla lá anuas agus Callum Robinson agus Alan Browne fillte ar an bhfoireann tar éis dóibh a bheith ar iarraidh don chluiche in aghaidh na Portaingéile. D’fhéadfadh Robinson, a bhfuil ag éirí go maith leis le West Brom an séasúr seo, teacht isteach in áit Aaron Connolly, nach raibh thar mholadh beirte Dé Céadaoin.

D’fhág an gortú a bhain do Dhara O’Shea in Faro nach mbeidh sé in ann dul chun páirce tráthnóna, ná imirt in aghaidh na Seirbia faoi cheann cúpla lá, ach d’éirigh go maith le Andrew Omobamidele nuair a tháinig sé isteach agus é ag imirt a chéad chluiche d’Éirinn.

Níor cheart go mbeadh Éire ag súil le bua éasca tráthnóna agus iad ag thabhairt aghaidh ar an Asarbaiseáin den chéad uair riamh ach má thógtar ar an obair a rinneadh in aghaidh na Portaingéile, tá seans maith acu.

Níos mó