Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ni-chuirfidh-la-saoire-bainc-aon-snas-ar-la-oibre-na-n-oibrithe-slainte’

‘Ní chuirfidh lá saoire bainc aon snas ar lá oibre na n-oibrithe sláinte’

Is iomaí uair ráite agam é le dhá bhliain nach gcuirfidh tada ar bith beo iontas orm níos mó. Tá sé déanta arís acu. Tuilleadh iontais curtha ag an rialtas orm. Tá achrann tarraingthe acu anois faoi cén cineál íocaíochta nó buíochais a thabharfaidh siad do na daoine a sheas ar an líne thosaigh in aghaidh COVID-19. Mar a déarfadh an Gaeilgeoir Mór, “Go tobann” bhí chuile dhuine ina n-oibrithe ar an líne seo, oibrithe in oifigí na gcoimisinéirí ioncaim a chinntigh go raibh íocaíocht dífhostaíochta phaindéime próiseáilte in am ina measc. 

Tar éis ceithre uaire fichead, d’athraigh an port go lá saoire bainc breise. Níl tada ar bith faoin spéir is fearr le dochtúirí agus altraí agus daoine eile a oibríonn sa tseirbhís sláinte ná lá saoire bainc. Lá ina mbíonn aonaid éigeandála lán ag daoine tinn ag ól, drugaí, nó tite ó aill eicínt. Cén uair a bhuailfidh réasún muid? Is mór an náire na heagraíochtaí a rith amach ag caoineadh go raibh siad chomh tábhachtach leis na haltraí a d’oibrigh sna haonaid dianchúraim. Newsflash, Karen! Bhí gach duine beo againn ar an diabhal de líne thosaigh. Rinne an mhórchuid againn an méid a iarradh orainn. D’fhan muid sa mbaile. Nó chuaigh muid amach ag obair. Má bhí sé de mhí-ádh ort leaindeáil san ospidéal, bhí an líontán sábhála deireanach bainte amach agat agus ní raibh idir tú agus an bhearna bhaoil ach saineolaithe leighis a bhí gan eolas faoin víreas nua marfach seo. 

Tá cuid de na hoibrithe seo nár thóg oiread agus trí lá saoire as a chéile ó Mhárta 2020. Seo iad na daoine céanna a bhí ag ‘iompar’ laethanta saoire nach raibh siad in ann a thógáil ón bhliain seo caite, isteach sa mbliain nua, ceal foirne a scaoilfeadh saor iad. Bhuail COVID 25% de na hoibrithe seo. Fiú tar éis na praisí a rinneadh don Nollaig, nuair a osclaíodh an tír mar ceapadh go bhfanfadh an víreas amach agus muid ag ithe an turcaí, choinnigh na daoine seo orthu ag obair. Tá siad fós ag obair, ach anois, is ag tabhairt aire do dhaoine a roghnaigh gan an vacsaín a fháil atá siad.

Agus iad ag iarraidh poll de chineál a dhéanamh sna liostaí feithimh. Tá os cionn milliún duine ar liosta ag fanacht le haghaidh rud eicínt. Milliún. Ní chuirfidh aon lá saoire bainc nó cúpla céad euro aon snas ar laethanta oibre na n-oibrithe sláinte, ná ar liostaí feithimh. Níl aon leigheas ar ár gcóras briste leighis ach tuilleadh daoine a earcú. Tá pá á cheilt ar dhochtúirí agus altraí, agus tá seirbhís á ceilt ar an bpobal nuair nach bhfuil siad á n-earcú. 

Tá daoine ag fáil bháis ar liostaí. Más tada é, is masla eile é an méid atá caite amach faoin aer go héasca ag polaiteoirí. Ar ndóigh, ar an lá saoire bainc seo seans go mbeidh siad féin chomh gnóthach leis na hospidéil, iad ag déanamh bualadh bos ar na meáin shóisialta, iad féin feicthe ag chuile dhuine seachas na cúramóirí leighis a bheidh ró-ghnóthach le aird ar bith a thabhairt orthu. 

Níos mó