Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘ta-rudai-suimiula-ag-titim-amach-i-bpolaitiocht-na-hostaire…’

‘Tá rudaí suimiúla ag titim amach i bpolaitíocht na hOstaire…’

Ag féachaint dom ar shuíomh idirlín nuachta atá lonnaithe san Ostair, do dhearcas in imeall an leathanaigh físeán de mo dhuine sin Antonio Mureddu, feachtasóir frith-vacsaínithe na hIodáile atá ag maireachtaint sa tír seo. Joe McCarron, go ndéana Dia grásta, bhí seisean leis sa bhfíseán, agus an tIodálach trodach ag tathant air teacht amach as Otharlann Leitir Ceanainn, mar a raibh cóiriú leighis á chur air i ndiaidh dó an galar Covid-19 a tholgadh. D’éirigh le Antonio an fear breoite a mhealladh amach as cúram na ndochtúirí, agus má d’éirigh, is gearr ina dhiaidh sin a d’imigh Joe McCarron ar shlí na fírinne.

Ní hionadh suim ar leith ag muintir na hOstaire sa bhfíseán san ó Éirinn, mar gur tír í an Ostair a bhfuil ceann des na rátaí is lú san Eoraip aici ó thaobh an vacsaínithe de, tír ina bhfuil páirtí polaitiúil tagtha amach as an bhfeachtasaíocht frith-vacsaínithe – tá a lán taithí acusan thall leis an scéal so. Agus ba dhóigh leat ná beadh fadsaol i ndán don bpáirtí nódh so san Ostair anois go bhfuil na srianta á maolú go mór ar fud na hEorpa, agus níor bunaíodh iad go dtí mí Feabhra, ach ghlac siad páirt sa toghchán a reáchtáladh sa tír Dé Domhnaigh seo a dh’imigh tharainn.

‘Menschen-Freiheit-Grundrechte’ teideal oifigiúil an pháirtí, .i., “Daoine, Saoirse, Bunchearta”. Dream is ea iad a bhaineann leis an mborradh ginearálta a tháinig faoin smaointeoireacht i bhfad amach ar an eite dheis san Eoraip le bliain go leith anuas. Leathchuid des na daoine a chaith a vóta sa toghchán so ach ná glac le vacsaín, is ar son an pháirtí seo a chaitheadar a vóta an iarraidh seo. Dealraíonn sé anois go bhfuil sé fán gcéad des na vótaí agus suíochán amháin ar a laghad buaite ag Menschen-Freiheit-Grundrechte i bParlaimint na hOstaire, agus gan iad ar an bhfód ach beagán os cionn leathbhliana.

Agus nach ait an rud é, ach ar an dtaobh eile ar fad den speictream polaitiúil, tá na Cumannaigh tréis toghcháin áitiúla chathair Graz a thabhairt leothu. Ní bhfuair Cumannaigh na hOstaire aon suíochán sa pharlaimint feidearálach ón mbliain 1959, ach tá Graz anois acu, agus tá Méara Graz le héirí as a phost tar éis 19 mbliana déag ann, níl sé sásta comhoibriú leis na Cumannaigh. 

Is ea, tá a lán cainte á déanamh mar gheall ar chúrsaí toghcháin sa Ghearmáin fé láthair – an ruaig le cur ar na tiarnaí talún is mó in Berlin mar thoradh ar an toghchán céanna! Ach is léir leis go bhfuil rudaí suimiúla ag titim amach san Ostair ó thaobh na polaitíochta de agus mar a tharlaíonn is ann a bheidh mé féin ag dul ar an deireadh seachtaine seo, turas beag go Wien beartaithe dom féin. Nach méanar dom.

Níos mó