Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-suil-agam-go-gcoinneoimid-na-10-rud-seo-ag-imeacht-sa-saol-iar-covid

Tá súil agam go gcoinneoimid na 10 rud seo ag imeacht sa saol iar-Covid

| Maire Treasa Ni Cheallaigh | ,

Tá súil agam nach bhfuil mo chuid smaointe ag rith nuair ba cheart dóibh fós a bheith ag siúl, ach le seachtain tá go leor machnaimh déanta agam ar an na rudaí maithe a tháinig ón ocht mí dhéag atá imithe tharainn, na rudaí a bhfuil súil agam a choinneoidh muid ag imeacht iad nuair a bheidh contúirt na paindéime seo imithe. Seo liosta beag.

Tá súil agam go stopfaidh mé ag déanamh imní gach uair a bhreathnaím ar an teilifís nuair a fheicim aisteoirí agus láithreoirí sa mullach ar a chéile, ar chláir a taifeadadh roimh Mhárta 2020. 

Ar an láimh eile, beidh mé breá sásta greim a choinneáil ar an scaradh sóisialta i gcásanna áirithe cosúil le scuainí. Má tá mé in ann d’anáil a mhothú ar mo mhuinéal agus mo ghruaig tá tú rógharr.

Tháinig borradh faoi chineáltacht an phobail i dtreo daoine nach raibh in ann dul chuig siopaí nó chuig an bpoitigéir. Thosaigh daoine óga ag tarraingt ábhar ag seanóirí mar shampla, in iarracht iad a choinneáil slán agus cothaíodh caidrimh nua idir óg agus aosta. Tá súil agam nach mbeidh muid ar fad róghnóthach na caidrimh áille seo a choinneáil beo. 

Ní raibh aon chaint ar chúram sláinte digiteach dhá bhliain ó shin. Anois, is féidir comhairle dochtúra a fháil ón mbaile, nuair a bhíonn sé sin feiliúnach. Don té atá folláin agus nach bhfuil uathu ach b’fhéidir oideas leighis nua nó nóta ón dochtúir mar gheall ar chúpla lá sa mbaile ón obair ag slaghdán nó tinneas eicínt, is iontach an t-athrú é. 

D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoin obair nó faoin gcoláiste. Tá sé cruthaithe againn anois nach gá a bheith i do shuí ag deasc nó ag bord san oifig nó sa seomra ranga chun do chuid oibre a dhéanamh. Tá go leor ag iarraidh an bealach nua oibre seo a choinneáil, roinnt eile ag iarraidh filleadh ar an oifig. Tug rogha do dhaoine an rud is feiliúnaí dóibh féin, agus dá ngairm beatha agus dá saol pearsanta a dhéanamh. Beidh toradh níos fearr ar a gcuid oibre. 

Fuair muid uilig tuiscint nua ar luach na tuaithe, nó ar a laghad, áit ghlas chiúin máguaird le dul ag spaisteoireacht ann. Teastaíonn spásanna glas don cholainn agus don chloigeann agus dá laghad airgid atá i gceantar, is ea is lú spásanna glasa atá ann chomh maith. Caithfidh polaiteoirí agus lucht pleanála níos mó áiseanna mar seo a chur chun cinn.

Caith níos mó airgid ar chúrsaí eolaíochta agus sláinte. Bhí muid taobh thiar nuair a thosaigh an ghéarchéim. Facthas é sin nuair nach raibh ospidéil in ann seasamh leis an méid othar a bhí acu. Tiocfaidh tinnis eile agus tá an daonra ag fás. Cuideoidh infheistíocht an lae inniu le saol an lae amárach. 

Legs of little friends sitting on swing or other recreational facility

Má táimid ag caitheamh airgid, caithfear breathnú ar ghasúir. Níl aon rogha ag an gcuid is mó de thuismitheoirí ach dul amach ag obair chun billí agus morgáistí a íoc. Caitheann siad luach morgáiste eile ar chúram leanaí. Caithfidh sé seo athrú. Faoin am a bhíonn gasúir sa gcóras oideachais, tá siad brúite isteach i seomraí ranga plódaithe agus easpa seirbhísí á fhulaingt ag go leor acu chomh maith. Caithfear tosaíocht a dhéanamh díobh. 

Go fanfaidh daoine ag siúl agus ag rothaíocht agus amuigh faoin aer agus go bhfaighidh siad tacaíocht rialtais chun é sin a dhéanamh. Tógtar bealaí sábháilte.

Go n-osclóidh Copperface Jacks go gairid agus go mbeidh mé i lár an aonaigh. Ní bhuailfeadh tada é, seachas b’fhéidir athoscailt Tigh Josie ar an gCeathrúin Rua. 

Níos mó