Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
22-gradaim-buaite-ag-tairgi-bia-agus-di-gaeltachta-ag-comortas-naisiunta

22 gradaim buaite ag táirgí bia agus dí Gaeltachta ag comórtas náisiúnta

| Tuairisc.ie | , ,

Tá 22 gradaim bainte amach ag táirgí bia agus dí Gaeltachta ag comórtas iomráiteach Bhlas na hÉireann 2021. 

Naoi gcomhlacht ar fad ó chúig chontae a fuair aitheantas dá gcuid táirgí Gaeltachta.  

Bhí an comhlacht Folláin, atá lonnaithe i mBaile Bhuirne i gCorcaigh, agus Salann Mara an Daingin i gCiarraí ar phéire de na comhlachtaí is mó a ghnóthaigh gradaim i gcomórtas na bliana seo. Ocht ngradam a bhuaigh comhlacht Mhúscraí agus cúig cinn a bhuaigh Salann Mara as Corca Dhuibhne. 

Ba as Corcaigh, Ciarraí, Gaillimh, Maigh Eo agus Dún na nGall na comhlachtaí Gaeltachta eile ar éirigh leo ag Gradaim Bhlas na hÉireann 2021. 

Is iad Údarás na Gaeltachta a dhéanann urraíocht ar Ghradam Rogha na Gaeltachta ag an gcomórtas agus is é Salann Mara an Daingin, atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh, a bhuaigh an gradam sin as a salann a dhéantar ansin. Bhuaigh cineálacha éagsúla salainn boinn óir i gcatagóirí eile chomh maith.  

D’éirigh le comhlacht eile as ceantar Chorca Dhuibhne gradaim óir agus airgid a bhaint amach dá gcuid mairteola agus uaineola agus ba é sin Búistéir Uí Chinnéide, siopa búistéara ceardaíochta ar an nDaingean. Bhuaigh Drioglann Dhaingean Uí Chúis gradam airgid freisin don bhfuisce atá acu. 

Trí ghradam óir, ceithre cinn airgid agus ceann cré-umha a bhuaigh Folláin dá gcuid táirgí éagsúla agus bhuaigh an comhlacht Táirgí Cáise Bhuabhall Mhaigh Chromtha gradaim óir agus airgid as a gcuid táirgí cáise. Bhuaigh comhlacht Gaeltachta eile i gCorcaigh, Drioglann Chléire, gradam cré-umha dá jin, 3 SQ. MILES. 

Bhuaigh an caifé Builín Blasta ar an Spidéal i gConamara gradam óir don mhaonáis oinniún deataithe atá acu, bhuaigh scónaí Chácaí Acla gradam cré-umha agus bhuaigh Bá Earagail gradam cré-umha as na crúba portán a bhíonn á n-iascach ag an gcomhlacht Gaeltachta seo sa gCarraig i gCo. Dhún na nGall. 

Is í earnáil an bhia agus na dí an tríú hearnáil is mó fostaíocht sa nGaeltacht agus 17% de na fostaithe ar fad ag obair inti. Bhí suas le 1,250 duine fostaithe ag deireadh 2020. 

Cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta iad na comhlachtaí Gaeltachta a bhuaigh gradaim i gcomórtas Bhlas na hÉireann 2021 agus thréaslaigh Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh, a mbua leo ar fad. 

“Is léir ón gcaighdeán a chuireann comhlachtaí bia agus dí na Gaeltachta ar fáil nach bhfuil a sárú le fáil.  Tá a gcroí agus a n-anam sna táirgí éagsúla a chuireann siad ar fáil i dtionscal atá fíorchrua le treabhadh,” a dúirt sé. 

“Tá muid thar a bheith mórtasach as na cliantchomhlachtaí seo atá lonnaithe sa nGaeltacht agus atá ag déanamh a gcuid chun blas na hÉireann agus Branda Ghaeltacht na hÉireann a chur chun cinn anseo sa mbaile agus thar lear.” 


 Táirgí Gaeltachta

Comhlacht  Contae  Gradam  Táirge 
Salann Mara an Daingin  Ciarraí  Rogha na Gaeltachta  Salann Mara 
Salann Mara an Daingin  Ciarraí  Táirgí is fearr sa gContae  Salann Mara 
Salann Mara an Daingin  Ciarraí  Ór – Blas  Old Smokehouse Dry Rub 
Salann Mara an Daingin  Ciarraí  Ór – Salann le blas  Salann mara líomóide agus maróis  
Salann Mara an Daingin  Ciarraí  Ór – Salann  Salann Mara siar ón Daingean  
Folláin  Corcaigh  Airgead – Seatnaí  Subh Seatnaí Gaelach Trátaí agus Silí Folláin   
Folláin  Corcaigh  Ór – Blastán  Blastán mailpe agus mustaird Dunnes Stores  
Folláin  Corcaigh  Ór – Mustard  Mustard lánghráin blasta Folláin  
Folláin  Corcaigh  Ór – Anlann goinbhlasta  Anlann Goinbhlasta Úll agus Figí Folláin             
Folláin  Corcaigh  Airgead – Anlann goinbhlasta  Anlann Goinbhlasta Gircíní Dunnes Stores       
Folláin  Corcaigh  Cré-umha – Anlann goinbhlasta  Anlann goinbhlasta Trátaí Folláin 
Folláin  Corcaigh  Airgead – Anlann saillte  Anlann Korma Dunnes Stores  
Folláin  Corcaigh  Airgead – Subh  Glóthach cuiríní dearga Dunnes Stores  
Táirgí Cáise Buabhall Mhaigh Chromtha  Corcaigh  Ór – Cáis bhog  Buffaloumi Cáis bhuabhaill Mhaigh Chromtha  
Táirgí Cáise Buabhall Mhaigh Chromtha  Corcaigh  Airgead – Cáis bhog  Bocconcini Cáis bhuabhaill Mhaigh Chromtha 
Bá Earagail  Dún na nGall  Cré-umha – Sliogéisc  Crúba Portán Donn Reoite Chuan an Aragail  
Drioglann Dhaingean Uí Chúis  Ciarraí  Airgead – Biotáille dorcha  Drioglann an Daingin uisce beatha braiche singil  
Drioglann Chléire  Corcaigh  Cré-umha – Biotáille Gheal  Drioglann Chléire 3 SQ. MILES, Jin Chósta na hÉireann  
An Builín Blasta  Gaillimh  Ór – Anlann saillte  Builín Blasta Teo Maonáis Oinniún Deataithe  
Búistéir Uí Chinnéide  Ciarraí  Ór – Mairteoil  Búistéirí Kennedy Súil Easnacha Mhairteoil Fhionntrá Spíosraithe an Daingin  
Búistéir Uí Chinnéide  Ciarraí  Airgead – Uaineoil le blas  Búistéirí Kennedy Uaineoil Leithinis an Daingin le spíosraí  
Cácaí Acla  Maigh Eo  Cré-umha– Arán & Cácaí  Scónaí 

Níos mó