Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ceol,-caint,-seiminear,-diospoireachtai-agus-seisiun-foclora-ar-chlar-an-oireachtais

Ceol, caint, seimineár, díospóireachtaí agus seisiún foclóra ar chlár an Oireachtais

Leanfar inniu agus an deireadh seachtaine seo le himeachtaí Oireachtas na Samhna 2021.

Craolfar ceolchoirm an Oireachtais ar TG4 oíche amárach. Ceolchoirm spleodrach chroíúil” a ghealltar agus í á cur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Joe Ó Dónaill.

Beidh fonnadóirí, damhsóirí, scéalaithe agus ceoltóirí aitheanta páirteach sa cheolchoirm agus cloisfear agallaimh bheirte agus lúibíní nuachumtha.

Bhí rogha buaiteoirí ó Oireachtas na Samhna 2019 le feiceáil sa chéad chlár aréir, na fonnadóirí Gráinne Ní Fhátharta, Sláine Ní Chathalláin agus Aodán Ó Ceallaigh agus buaiteoir Steip 2019 Ruadhán Ó Flatharta.

San oíche amárach beidh na ceoltóirí Tom Cullen, Seán de Brún agus Bethan Marsh, na scéalaithe Gearóidín Bhreathnach agus Éimhín Dalby agus dream na lúibíní agus agallamh beirte Neasa Nic Dhonncha, Éabha Ní Chonghaile, Éamon Ó Donnchadha, Fearghas Mac Lochlainn, Joe Ó Dónaill, Ray Mac Mánais agus Neans agus Micil Mac Donncha.

Idir seo agus oíche Shamhna, beidh sraith físeán á cur amach ag MOLSCÉAL TG4 ina gcaithfear súil siar ar chuimhní cinn an Oireachtais. Beidh Páid Ó Neachtain agus Brónagh Ní Uallacháin ina measc siúd a chuirfidh sceitse grinn i láthair.

Inniu, Dé hAoine, beidh foireann an fhoclóra nua Béarla Gaeilge ar Zoom ag a 1pm, tráth a ndéanfar plé ar an dul chun cinn i gcúrsaí foclóireachta le bliain anuas chomh maith leis na pleananna atá ann don bhliain amach romhainn. Seisiún saor in aisce é seo agus is féidir éisteacht leis an phlé anseo.

Ina dhiaidh sin, ag 3pm, craolfar ar Raidió na Gaeltachta Bladhaire, clár cainte agus ceoil á chur i láthair ag Áine Ní Bhreasláin, Beidh Bladhaire ag teacht beo ó Sheanscoil Sailearna, Indreabhán, Gaillimh tráthnóna agus ceiliúradh á dhéanamh ar ceol, craic agus cultúr” na Gaillimhe.

Beidh muintir Chois Fharraige ag teacht le chéile i dTigh Chualáin agus oireachtas beag á reáchtáil go háitiúil. Beidh amhráin, sceitsí, agallaimh bheirte, damhsa agus aithriseoireacht sa teach ósta in Indreabhán ó 4.30pm. Beidh an ócáid á sruthú beo ar leathanaigh shóisialta an Oireachtais.

Meascán den scéalaíocht, amhránaíocht agus aithriseoireacht ó dhaoine óga sa Ghaeltacht a bheidh ar an bhfíseán a chraolfar ar shuíomh an Oireachtais ag a 5pm agus a léirigh Tuismitheoirí na Gaeltachta don Oireachtas.

Reáchtálfar comórtas díospóireachta Ghael Linn ag a

5.30 p.m inniu. Is í Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach, Foras na Gaeilge agus Ollamh le Gaeilge a bheas ina cathaoirleach ar an phlé.

Leanfar le craobhchomórtas Amhrán Úrnua ag a 8pm ag ócáid i mBaile Átha Cliath.

Amárach, an Satharn, cuirfear tús ar líne le himeachtaí an lae le hOllchruinniú do Bhaill Aontas na Scríbhneoirí ag a 11.00 a.m.

Leanfar le Siompóisiam Oidhreacht Sheáin Uí Riada ag a 2.00 p.m agus é á shruthú beo ón Mhuileann i mBaile Bhuirne. Beidh Uachtarán an Oireachtais, An tOllamh Gearóid Denvir ina chathaoirleach ar an tionól sin agus an tOllamh Tríona Ní Shíocháin, Peadar Ó Riada, an Dr John O’Keefe agus Seán Ó Sé ag caint ann.

Éire Nua agus an Ghaeilge: Deiseanna & Dúshláin in Éirinn Aontaithe is teideal do Seimineár an Oireachtais 2021, a bheas á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge in Óstán Camden Court, i mBaile Átha Cliath ag 2.30 p.m, Dé Sathairn.

Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta agus colúnaí le Tuairisc.ie a bheas ina cathaoirleach ar an seimineár. Beidh Micheál Ó Flannagáin, dlíodóir, Darragh Ó Caoimh, mac léinn, Ola Majekodunmi, iriseoir, agus Dáithí Mac Cárthaigh páirteach ann.

Is féidir breathnú ar sheimineár an chonartha ar líne ach clárú roimh ré ag cearta@cnag.ie

Beidh Micheál Ó Conghaile i mbun comhrá leis an scríbhneoir Micheál Ó Ruairc faoina shaol mar scríbhneoir an tráthnóna sin ag 4.30 p.m. Is é seo an chéad eagrán sa tsraith físeán ‘Saol Scríbhneora’ le Cló Iar-Chonnacht.

Leanfar le Ceolchoirm Chomórtha Sheáin Uí Riada oíche Shathairn ag 7.00 p.m. Beidh Cór Chúil Aodha agus aíonna go leor páirteach sa cheolchoirm ómóis dfhear Chúil Aodha.

Dé Domhnaigh, beidh Aifreann an Oireachtais á chraoladh beo ag a 11.00 a.m ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Shéipéal Chúil Aodha agus Cór Chúil Aodha ag ceol.

Níos mó