Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
geillte-ag-rte-nar-choir-clar-faoi-shean-o-riada-a-bheith-i-mbearla-ar-fad

Géillte ag RTÉ nár chóir clár faoi Sheán Ó Riada a bheith i mBéarla ar fad

Tá géillte ag RTÉ nár chóir clár Nationwide faoi Sheán Ó Riada a bheith i mBéarla ar fad.  

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Niamh Ní Churnáin, ag cruinniú Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais inné go mbeadh sé níos “nádúrtha” dá mba chlár Gaeilge an clár a craoladh faoin chumadóir ceoil.  

Mar chuid den chlár speisialta Nationwide faoi Sheán Ó Riada, a craoladh ar RTÉ 1 an tseachtain seo caite, bhí mac Sheáin, Peadar Ó Riada, craoltóir Gaeilge agus ceoltóir aitheanta, faoi agallamh ag láithreoir Nationwide Bláthnaid Ní Chofaigh, arb as an Ghaeltacht di féin. Tugadh suntas don scéal gur Béarla a bhí á labhairt ag beirt nach mbíonn aon doicheall orthu a dteanga dhúchais a labhairt. 

Is í Leas-Cheann Comhairle na Dála, Catherine Connolly, a chuir an cheist ar lucht ceannais RTÉ faoin easpa Gaeilge in eagrán Sheáin Uí Riada de mhórchlár irise an chraoltóra náisiúnta agus faoi na deiseanna eile nach raibh á dtapú ag RTÉ chun an Ghaeilge a chur chun cinn.  

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar go raibh “deiseanna agus acmhainní iontacha” ag RTÉ nach rabhadar ag baint leas astu chun an Ghaeilge a chur “i lár an aonaigh” i bpríomhsceideal an stáisiúin.  

Ach a bheith “dáiríre faoi” agus úsáid níos mó a bhaint as a gcraoltóirí a bhfuil Gaeilge d’fhéadfadh RTÉ an Ghaeilge a dhéanamh níos lárnaí sa sceideal, a dúirt an Teachta Dála Connolly.  

“Ón méid atá feicthe agam níl sé sin á dhéanamh agaibh, go háirithe ar na príomhchláracha, chun a chur in iúl do mhuintir na tíre go bhfuil an Ghaeilge ar an leibhéal céanna.”  

Ag trácht di ar an chlár Nationwide faoi Sheán Ó Riada, a craoladh ar RTÉ1 an tseachtain seo caite mar chomóradh ar 50 bliain bhás an chumadóra, dúirt an Teachta Dála Connolly nach raibh úsáid cheart á baint ag RTÉ as craoltóirí a bhfuil Gaeilge acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn.  

“Cén fáth nach féidir clár nó leath den chlár nó, ar a laghad, tús a chur le hagallamh i nGaeilge nuair atá duine le Gaeilge líofa acu faoi agallamh?” a d’fhiafraigh Catherine Connolly.  

Mar fhreagra air sin, dúirt Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, gur aontaigh sí leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Dála Connolly.  

“Glacaim leis an méid atá ráite agat, go mórmhór i leith an chinn le Peadar Ó Riada, rud a bheadh nádúrtha é sin a bheith as Gaelainn,” a dúirt Ní Churnáin.  

Ag tagairt dó don chlár céanna dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, gur léirigh sé “meon” RTÉ i leith na Gaeilge.  

“Bhí an-iontas orm thar an deireadh seachtaine, bhí clár breá Nationwide ar Sheán Ó Riada ach bhí an clár i mBéarla.  

“Fear a chónaigh sa Ghaeltacht, a d’fhoghlaim an Ghaeilge….duine de mhórghaiscígh na Gaeilge chomh maith leis an gceol, duine náisiúnta, idirnáisiúnta, duine ildánach.”  

Dúirt Ó Cuív, go ndeachaigh RTÉ “chomh fada” le hainmneacha Béarla a chur ar phíosaí ceoil a raibh ainmneacha Gaeilge ag Seán Ó Riada orthu.  

“Is rudaí beaga iontu féin iad sin ach ’speánann sé meon,” a dúirt Ó Cuív. 

Níos mó