Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘nil-aon-ait-ag-mna-sa-sport-ma-ta-siad-sa-mbealach-ar-na-fir’

‘Níl aon áit ag mná sa spórt má tá siad sa mbealach ar na fir’

| Maire Treasa Ni Cheallaigh | ,

Tharla sé go raibh mé ar an raidió faoi dhó le coicís ag caint faoi chúrsaí spóirt agus bhí rugbaí na mban, agus an drochbhail atá orthu mar spórt agus mar eagraíocht, á phlé againn. Tá cloiste againn ar fad faoin tráth seo faoi mhná Chonnacht agus an t-iallach a cuireadh orthu a gcuid éadaí a athrú i measc boscaí bruscair ina raibh francaigh ag ritheacht thar timpeall. 

Ansin, taobh istigh de sheachtain, cuireadh an fhoireann náisiúnta amach as an iomaíocht le haghaidh áit i gCorn an Domhain in Aotearoa. Arís eile, ní raibh mórán ráite faoi na rudaí seo sna nuachtáin. Agus níl aon náire ar lucht na nuachtán ach oiread. In ainneoin go dtuigeann siad mura mbeidh níos mó clúdaigh á dhéanamh, ní thiocfaidh aon athrú ar rudaí. In 2014, bhuail an fhoireann Aotearoa, agus chuaigh siad chomh fada leis an gcluiche leathcheannais i gCorn an Domhain. Ina dhiaidh sin, ghnóthaigh siad na Sé Náisiún. Ansin, thit rudaí óna chéile. Roghnaigh na Sasanaigh agus na Francaigh infheistíocht a dhéanamh sna mná. Roghnaigh údaráis an IRFU ligean orthu féin go bhfanfadh muid san iomaíocht agus ní dhearna siad tada. Agus táthar á scaoileadh leo, agus ní stopfar an loit go dtí go gcuirfear brú orthu. 

Samhlaigh dá mbeadh an rud céanna tarlaithe d’fhoireann na bhfear. Bheadh alt i ndiaidh ailt scríofa. Bheadh an raidió agus an teilifís lán leis. Nuair a buaileadh na mná Dé Sathairn seo caite, ní raibh tada sna nuachtáin an lá arna mhárach ach cúpla píosa beag suarach ag déanamh cur síos ar an gcluiche. Ní raibh aon anailís. Nuair a cheistigh mé é seo ar an raidió, an freagra a fuair mé ná “ah bhí an cluiche deireanach sa lá, agus bhí chuile chosúlacht air go mbeadh na cosa tugtha leo ag mná na hÉireann go dtí an nóiméad deireanach agus ar ndóigh bhí Johnny Sexton ar ais do na Laighnigh agus Simon Zebo ar ais do na Muimhnigh, agus bhí an Ryder Cup ar bun chomh maith. Ní raibh aon iriseoir saor chun é a chlúdach.”

 Nuair a mhol mé gur cheart saor-iriseoir a thabhairt isteach don lá, dúradh liom “ah ní bheadh aon spás sa bpáipéar.” Chroch mé suas mír spóirt an Sunday Independent ina raibh grianghraf mór de Shane Lowry ar an bpríomhleathanach. “Meas tú,” a deir mé, “an raibh aon chall go mbeadh an pictiúr seo de Lowry a bheith chomh mór agus atá? Nach mbeadh áit ansin don anailís?” “Splitting hairs” a bhí mé, a dúradh liom. 

Céard a insíonn an cor is deireanaí i rugbaí na mban dúinn? Níl aon athrú mór tagtha ar mheon na bhfear atá á rith, agus na fir atá ag rith na leathanach spóirt. Níl aon áit ag mná sa spórt, má tá siad le dul sa mbealach ar na fir. Go bhfuil cluiche club na bhfear níos tábhachtaí, agus foireann na bhfear atá ag cailleadh comórtas gailf níos tábhachtaí ná cliseadh tubaisteach sa rugbaí do mhná. Níl na h-imreoirí ná na hiar-imreoirí mórán níos fearr ach oiread. Ní fhaca mé ach Seán O’Brien ag seasamh suas do na mná Dé Sathairn seo caite. Chonaic mé Bernard Jackman ag seasamh le cumann i gCorcaigh a bhí ag gearán mar gheall ar an gcaoi a bhfuil na húdaráis ag caitheamh leo. A fhad agus a fhanann na fir ina dtost, ag moladh Sexton agus Zebo as ucht a gcuid jabanna a dhéanamh, fanfaidh na mná i measc an bhruscair, mar ní bheidh aon bhrú ar an IRFU athruithe a dhéanamh. 

Níos mó