Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘nil-fath-ar-bith-ann-nar-cheart-go-mbeadh-an-toireachtas-ar-siul’

‘Níl fáth ar bith ann nár cheart go mbeadh an tOireachtas ar siúl’

| kate scott | ,

Dála go leor daoine óga, bhí mé ar bís nuair a fógraíodh go raibh na clubanna oíche le hoscailt arís an tseachtain seo caite. Ar na cuntais éagsúla sna meáin shóisialta, tá go leor fógraí óna beáir agus clubanna oíche áitiúla faoi ócáidí a bheidh ag tarlú go gairid. Is léir go bhfuil siamsaíocht oíche ar ais gan stró. Ach tá údair díomá freisin ann leis an athoscailt seo. Cé go bhfuil na clubanna ag oscailt arís trasna na tíre, tá na háiseanna anseo i gConamara ag ídiú. 

Dúnadh Tigh Josie nuair a dhún gach rud in aimsir na paindéime, ach faraor ní bheidh sé á oscailt arís. Ba chlub oíche ar leith é Tigh Josie sa gcaoi is go raibh sé ar nós a bheith i gclub oíche i seomra suí duine éigin. Bhí fiú cuirtíní ar na fuinneoga! Ach ina ainneoin seo, ba áit mhaith é don chraic agus le buaileadh le daoine as an gceantar. Bhíodh sé difriúil a bheith i gclub oíche sa mbaile mór mar go mbíodh aithne agat ar chuid mhaith daoine ann, rud a chruthaíonn atmaisféar níos réidhe. Chomh maith leis sin, cloiseadh tú daoine ag labhairt Gaeilge le chéile, rud nár chuala mé riamh sna clubanna sa gcathair. 

Agus Tigh Josie dúnta, níl aon rogha fágtha ag daoine óga Chonamara ach dul amach sa gcathair. Níl aon chlub oíche fágtha againn anseo, agus leis seo bíonn drogall ar dhaoine dul chuig na tithe ósta áitiúla mar nach bhfuil aon áit le dhul ag damhsa ina dhiaidh. Tá sé deacair, chomh maith, ar dhaoine atá ina gcónaí sa mbaile mar go gcosnaíonn sé pingin mhaith tacsaí a fháil abhaile ón gcathair, mar sin bíonn tú i sáinn mura mbíonn cara agat ag fanacht sa mbaile mór.

Anuas ar an drochscéala seo, níl Oireachtas na Samhna ar siúl i mbliana ach an oiread.  Bhí Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar líne agus le feiceáil ar TG4 ach ní raibh aon ócáid shóisialta ann do dhaoine óga na Gaeltachta. Is cinnte gurb é an tOireachtas an ócáid shóisialta is mó atá ag lucht na Gaeltachta i rith na bliana agus bhí díomá ollmhór ar dhaoine nuair a fógraíodh nach mbeadh sí á reáchtáil arís in 2021. 

Agus na clubanna oíche oscailte agus na srianta Covid á scaoileadh, níl fáth ar bith ann nár cheart go mbeadh an tOireachtas ar siúl. Sách dona nár cuireadh ar bun anuraidh an tOireachtas (agus gur i nGaillimh a bhí sé le bheith) ach tá a fhios ag gach mac máthar gurb é ceann de na cuideanna is deise den Oireachtas ná an taisteal síos go Cill Airne nó go Baile Átha Cliath agus ag buaileadh le seanchairde agus cairde nua ann.

Is ócáid shóisialta iontach é an tOireachtas, agus ceann tábhachtach do shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is maith an rud é go mbaineann daoine óga in oiread taitnimh as agus go bhfuil siad sásta Gaeilge a labhairt ann.

Is mór an feall go bhfuil na háiseanna sóisialta Gaeilge ar nós Tígh Josie ag imeacht as na ceantair Ghaeltachta agus bheadh súil agamsa agus mo chuid cairde go dtiocfaidh an lá a bheidh áit eile ag dream óg Chonamara le bheith ag damhsa inti gan rófhada.

Níos mó