Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
albam-idir-cheilteach-a-shluamhaoiniu-ag-an-mbanna-ceoil-trip

Albam idir-Cheilteach á shluamhaoiniú ag an mbanna ceoil TRIP

| Isla Callister | ,

Tá colúnaí Gaelg NÓS, Isla Callister, agus a banna ceoil TRIP tar éis a gcéad albam a thaifeadadh agus tá sluamhaoiniú ar siúl faoi láthair acu leis na costais a bhain lena dhéanamh a ghlanadh. 

A Drop for Neptune is ainm don albam nua atá á chur le chéile ag an mbanna ceoil le ceithre bliana anuas. Tá “fuaim chumhachtach, thiomanta agus uathúil” ar an albam atá lán rianta traidisiúnta as Albain, Éirinn agus Manainn chomh maith le ceol nuascríofa comhaimseartha a chum TRIP iad féin.

Is ceiliúradh ceart é ár gcéad albam ar na traidisiúin ghaolmhara Cheilteacha atá in Albain, Éirinn, Manainn agus Northumbria. Tá ceithre bliana ann ó tosaíodh ar an obair agus tá muid ar bís é a roinnt le chuile dhuine,” a dúirt Isla le NÓS. 

Casadh na ceoltóirí óga ar a chéile den chéad uair agus iad ag staidéar i Conservatoire Rìoghail na h-Alba i nGlaschú. Thosaigh siad ag casadh ceoil le chéile an uair sin agus anuraidh chrom siad ar albam a chur amach. 

Chuir an phaindéim isteach ar an obair ach bhí an grúpa in ann an taifead a chur síos idir na dianghlasálacha in Albain i stiúideo Gloworm i nGlaschú.Tá súil ag TRIP go mbeidh siad in ann an t-airgead a caitheadh ar an taifead agus an t-airgead a chaithfear ar chur amach an albaim a chúiteamh leis an bhfeachtas sluamhaoinithe atá tosaithe acu ar Crowdfunder

“Nuair a chuirtear na costais iomlán le chéile – an innealtóireacht, an meascadh, an máistriú, cíos an stiúideo, léiriú an dlúthdhiosca, obair ealaíne, an phoiblíocht agus eile – tá costas £4,800 le glanadh againn,” a deirtear ar an leathanach bailithe airgid. 

Ní fhágfar na daoine a chabhróidh leis an mbanna ar an trá fholamh nó tá buntáistí ann don té a shínfidh an lámh. Beidh fáil ag lucht tacaíochta TRIP ar albaim shínithe, leaganacha digiteacha agus fisiciúla den albam, leabhar ceoil a bhfuil na rianta uilig atá ar an albam istigh ann, nó fiú an deis an banna a choimisiúnú le ceol a scríobh – ag braith ar an méid airgid a thugtar. Tá sonraí na mbuntáistí uilig ar an leathanach Crowdfunder

“Bhí an 18 mí atá imithe tharainn deacair ar chuile dhuine agus bhí an-dúshlán ag baint le taifeadadh albaim san am sin. Tá súil againn an t-airgead a caitheadh agus an t-airgead a chaithfear a ghlanadh le cúnamh ár lucht éisteachta agus a bheith in ann an t-albam féin a chur amach i mí Eanáir 2022,” a deir TRIP. 

Seisear ar fad atá sa mbanna ceoil: an fidléir Isla Callister, as Manann, a scríobhann i nGaelg do NÓS; an fliúiteadóir as Sligeach Tiernan Courell, atá ina sheaimpín Uile-Éireann; an boscadóir as Newcastle Michael Biggins, a bhuaigh an gradam ‘Ceoltóir Óg Traidisiúnta na Bliana’ ag gradaim an BBC i mbliana; agus Alasdair MacKenzie, Rory Matheson, agus Craig Baxter as Albain. 

Tá ceol casta ag TRIP ag féilte móra traidisiúnta na Breataine, leithéidí Celtic Connections, Orkney Folk Festival, agus HebCelt chomh maith le féilte in Éirinn, an Eastóin agus an Fhrainc. Bhain an banna ceoil áit amach sa mbabhta leathcheannais sna BBC 2 Young Folk Awards freisin. 

Eiseofar A Drop For Neptune ag ceolchoirm speisialta ag an bhféile Celtic Connections ar an 29 Eanáir 2022. Is féidir ticéid don cheolchoirm sin a cheannach anseo, agus TRIP féin a leanacht ar Facebook, Instagram, agus Twitter.  

Níos mó