Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
anois,-ceard-a-dearfa-le-gaillimh?-cathair-na-dtreabh-ag-fas-as-eadan…

Anois, céard a déarfá le Gaillimh? Cathair na dTreabh ag fás as éadan…

Tá cinnteacht ann an iarraidh seo go dtabharfar cinneadh faoi bhóthar cuarach na Gaillimhe taobh istigh de bheagán seachtainí. Deireadh na bliana seo atá tugtha síos anois ag an mBord Pleanála leis an bhfógra a thabhairt agus é sin curtha acu i scríbhinn, a deir an Teachta Dála Neamhspleách do Ghaillimh Thiar, Noel Grealish. Creideann seisean gur féidir brath ar an bhfógra seo. Tá go leor spriocdhátaí imithe tharainn ó thosaigh an Bord Pleanála a gcuid machnaimh ar cheist an bhóthair agus tá go maith os cionn €30 milliún caite ar iarratais, ar chomhairleoirí agus ar shaineolaithe ó chuathas i mbun plean an bhóthair nua timpeall na cathrach scór bliain ó shin. Anois, fágfaidh an cinneadh pleanála a thógfar in aimsir dhá lá dhéag na Nollag a lorg ar chathair na Gaillimhe go ceann í bhfad blianta.

Cathair sách beag í Gaillimh i gcónaí, fiú i dtéarmaí na hÉireann. Ach, beidh sí ag méadú; ag méadú go suntasach agus gan stop, a deir Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Breandán Mac Craith an tseachtain seo. Bhí seisean ag labhairt ag cruinniú buiséid na Comhairle. Beidh 50% de mhéadú ar an daonra sna scór blianta atá romhainn; is ionann é sin agus dhá oiread an ardaithe a bhí ar an daonra sa leathchéad bliain atá imithe tharainn.

“Cá mbeidh cónaí ar na daoine?” a deir an Teachta Dála, Noel Grealish ach ar cuireadh na céatadáin seo os a chomhair an tseachtain seo. Ceist mhaith; tá Gaillimh sáinnithe, ar bhealach, ag an tíreolaíocht. Amach ó dheas tá an cuan agus ó thuaidh tá uiscí na Coiribe. Cuireadh tuairimí i láthair anois agus arís go raibh sé in am a bheith ag breathnú i dtreo na spéartha – na foirgnimh a ardú. Sin ceist eile, faoi láthair ar chuma ar bith.

Beidh lámh ag an gComhairle Cathrach féin san iarracht, ar ndóigh, de bharr polasaí nua tithíochta an Rialtais. Ó thús Eanáir seo chugainn go dtí deireadh na bliana 2026 beidh os cionn 1,500 teach ar mhúnla sóisialta le tógáil ag an gComhairle (tithe le ligean amach ar cíos a bhformhór). Níl sé i bhfad ó dúirt an Comhairleoir Neil McNeilus nár chreid seisean go bhféadfaí an sprioc sin a bhaint amach. Cá bhfuil na hoibrithe agus céard faoin réiteach atá le déanamh, a d’fhiafraigh an Comhairleoir McNeilus. “Agus céard faoi shuíomhanna agus céard faoin talamh?”

Ceisteanna a thugann muid ar ais go dtí an cheist a chuir an Teachta Dála, Noel Grealish – cá mbeidh cónaí ar na daoine? Tháinig an múnla ar an gcathair le tamall maith blianta anois gur in iarthar na cathrach ba mhó a bhí daoine ina gcónaí agus gur taobh thoir a bhí na hionaid mhóra oibre. Mar sin atá an saol i gcónaí ach go bhfuil roinnt borrtha ag teacht anois faoi cheantar an Ardáin ar an imeall thoir. Is fada ó thosaigh caint faoi Ardán mar cheantar cónaithe agus é ina dhíospóireacht idir an Chomhairle Contae agus údaráis na cathrach faoi.

Ach tá ceist níos achrannaí agus níos casta tagtha ar leic an dorais ná a facthas do mhórán duine ar bith sa saol bliain agus naoi mí ó shin. Thagair Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Cathrach don ghalar Covid-19 agus é ag labhairt ag cruinniú an bhuiséid.

Luaigh sé lucht gnó sa gcathair – as Stáit Aontaithe Mheiriceá a d’eascair cuid den cheann is mó acu a thugann fostaíocht – agus na deacrachtaí soláthair ábhar atá acusan de bharr Covid-19. Thagair sé don slad atá déanta ag Covid ar an turasóireacht i bpríomhchathair an iarthair. Tháinig, a deir an tUasal Mac Craith, os cionn 2.1 milliún cuairteoir chuig cathair na Gaillimhe in 2019. Bhíothas den bharúil go dtiocfadh 2.7 milliún i mbliana ach thacht an Covid an tionscal. Buille mór eile don chathair, a deir Breandán Mac Craith.

Ar ndóigh, beidh ceisteanna ann freisin faoi chóras séarachais na cathrach in Oileán Caorach. Is beag cruinniú Comhairle Cathrach a reáchtáiltear anois nach mbíonn locht éigin luaite leis an Ionad Séarachais.

€103m. atá i mbuiséad na cathrach don bhliain 2022. As an 18 comhairleoir atá sa gcathair, níor vótáil ach duine amháin in aghaidh an bhuiséid sin – Michael Crowe, Fianna Fáil. Bhí roinnt gearán déanta aige faoi mhíreanna den bhuiséad agus níor tháinig an Ghaeilge slán óna theanga.

Cur amú airgid a bhí sa €10,000 breise a ceadaíodh don eagraíocht Gaillimh le Gaeilge, a deir an tUasal Crowe. “Tá neart bealaí níos fearr agus níos práinní againn le €10,000 a chaitheamh,” a deir Michael Crowe. “Tá €50,000 sa mbliain faighte ag Gaillimh le Gaeilge le riar blianta agus ní fheicim cén fáth go bhfuil tuilleadh ag dul dóibh. Pé scéal é, is beag Gaeilge a chloisim á labhairt sa gcathair seo,”, a deir an Comhairleoir Crowe.

Níor ghéill an Méara, Colette Connolly ná an Príomhfheidhmeannach, Breandán Mac Craith, don chaint sin.

Gearánach go maith a bhí an Comhairleoir Crowe faoi bheagnach €1 milliún a cuireadh ar fáil sa mbuiséad freisin don turasóireacht sa gcathair. Ba cheart go dtacódh na Ranna Stáit lena mbaineann lucht na turasóireachta leo, a deir Michael Crowe.

Ach théis na cainte uilig, is ag méadú, is cosúil, a bheidh Gaillimh agus fágfaidh cinneadh an Bhoird Pleanála a lorg go dlúth ar an ród atá amach roimh phríomhchathair an iarthair.

Níos mó