Níl ach plean teanga Gaeltachta amháin fágtha le ceadú faoin bpróiseas pleanála teanga.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta inniu go bhfuil plean teanga an Ghaeltacht Láir i dTír Chonaill ceadaithe aige, rud a fhágann go bhfuil pleananna ceadaithe do 25 den 26 Limistéir Pleanála Teanga a bunaíodh faoi Acht na Gaeltachta 2012.
Is é plean teanga Oileáin Árann i nGaillimh an t-aon phlean atá fós le ceadú. Tá an plean sin curtha faoi bhráid na Roinne agus é á mheas i láthair na huaire.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, an scéal is déanaí faoin bpróiseas pleanála teanga agus é ar cuairt ar Thír Chonaill inniu. Tá an tAire Stáit le cuairt a thabhairt Choláiste Ros Goill sna Dúnaibh, áit a bhfuil sé le plean teanga Thuaisceart Dhún na nGall a sheoladh go hoifigiúil.
D’fhógair an tAire Stáit freisin go bhfuil deontas €150,000 ceadaithe d’Ealaín na Gaeltachta chun clár píolótach drámaíochta a fhorbairt d’aos óg na Gaeltachta.
Dúirt an tAire Stáit gur “údar áthais” dó an dul chun cinn atá déanta i leith an phróisis pleanála teanga agus gur “céim mhór chun cinn” a bhí i gceadú phlean teanga an Ghaeltacht Láir.
Is é Gleann Fhinne Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta (GFCFTR) atá freagrach as ullmhú agus feidhmiú an phlean don Limistéar.
Buiséad bliantúil €100,000 sa bhliain a bheidh acu as seo go ceann seacht mbliana chun phlean a chur i bhfeidhm agus Oifigeach Pleanála Teanga a fhostú.
Maidir le hEalaín na Gaeltachta, dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh súil aige go dtabharfadh an deontas deis dóibh clár nua a fhorbairt “a thabharfaidh ardán breise don drámaíocht Ghaeilge mar a bhaineann sé le haos óg na Gaeltachta”.
Fostófar leis an deontas comhordaitheoir chun an clár drámaíochta a fhorbairt agus íocfaidh an maoiniú as 700 uair teagaisc a chur ar fáil sa drámaíocht Ghaeilge i scoileanna Gaeltachta. Deirtear go mbainfidh 230 dalta scoile Gaeltachta leas as an gclár.
Beidh an tAire Stáit freisin i nGaoth Dobhair inniu agus é chun cuairt a thabhairt ar ionad g-teic an cheantair agus ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair.