Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
gradam-saoil-le-bronnadh-ag-cumann-luthchleas-gael-ar-shean-ban-breathnach

Gradam saoil le bronnadh ag Cumann Lúthchleas Gael ar Sheán Bán Breathnach

Tá gradam saoil le bronnadh ag Cumann Lúthchleas Gael ar an gcraoltóir aitheanta Seán Bán Breathnach. 

D’fhógair CLG tráthnóna go raibh an gradam ‘Hall of Fame’ le bronnadh ar Sheán Bán mar chuid de Ghradaim MacNamee 2020, gradaim chumarsáide na heagraíochta. 

Tá breis is leathchéad bliain caite ag Seán Bán ag craoltóireacht agus formhór an ama sin caite aige le RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Is ag casadh ceirníní ar an gclár Popseó na Máirte ar Radio Éireann a thosaigh Seán Bán ar an gcéad lá d’Aibreán 1969 ach is mó aithne atá air don chraoltóireacht spóirt. Ba é agus Mártan Ó Ciardha a thosaigh an clár Spórt an tSathairn ar Raidió na Gaeltachta breis is 25 bliain ó shin agus tá an clár fós á cur i láthair ag Seán Bán. 

SBB ina Rí le caoga bliain anuas…

Is iomaí píosa cáiliúil tráchtaireachta a rinne Seán Bán le blianta, troid Sheáin Uí Mhainnín i Madison Square Garden in 1984, bua pheileadóirí na Gaillimhe i gCraobh na hÉireann i 1998 agus bua Katie Taylor ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012 ina measc. 

“Bhí Seán Bán Breathnach i gcroílár go leor den chraoladh spóirt a rinne Raidió na Gaeltachta le beagnach 50 bliain,” a dúirt Cumann Lúthchleas Gael i ráiteas tráthnóna.  

“Agus an eagraíocht sin ag leagan agus ag cur leis an gcraoladh spóirt a bhí uaithi dá lucht éisteachta, bhí Seán lárnach sa tráchtaireachtaí ar Chluichí Idir-Chontae Chumann Lúthchleas Gael. 

“Ní raibh na raidiónna áitiúla ar an saol ag an am sin agus ba é Raidió na Gaeltachta a thug faoin gcraoladh ar chluichí na gclubanna – rud nár déanadh riamh roimhe. Bhí Domhnach stairiúíl faoi leith ann i bhfómhar ceann de na 1980idí nuair a chraoladar cluichí ceannais as cúig chontae faoi leith.  

“A chuid tráchtaireachta ba mhó a thuill clú do Sheán, ach bhí sé sáite freisin i gcláracha irise agus i sraitheanna leis na laochra móra san am atá caite. Tá dlúthbhaint aige le craoladh Chomórtas Peile na Gaeltachta le breis agus 40 bliain. 

“Thug teacht TnaG/TG4 breis deiseanna ina bhealach, ach is dóigh liom go n- admhódh sé féin gur sa raidió atá a chroí.” 

SBB i mbun a cheirde. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Rinne Uachtarán CLG, Larry McCarthy, comhghairdeachas speisialta le Seán Bán as an obair ar fad atá déanta aige na cluichí Gaelacha a chur chun cinn. 

“Ba mhaith liom moladh ar leith a thabhairt do Sheán Bán Breathnach agus an gradam seó á fháil aige as a dhílseacht do CLG ina chuid iriseoireachta ar ardáin éagsúla. Thar ceann Chumann Lúthchleas Gael, míle buíochas, a Sheáin.” 

Tá aitheantas á thabhairt do chraoltóir Gaeilge eile agus é fógartha ag Cumann Lúthchleas Gael go bhfuil Gradam na Gaeilge le bronnadh ar Chonall Ó Máirtín Ó BBC Uladh as an gclár faisnéise a rinne sé faoi chomóradh 100 bliain Dhomhnach na Fola. 

“Clár siamsúil a bhí anseo a ndearnadh sárthaighde ann. Bhí an méid a bhí ann suimiúil, ómósach agus thug sé ábhar machnaimh don lucht éisteachta. Léiríodh tuiscint shoiléir ar ábhar an chláir agus ar an tionchar a bhí aige ar mhórphobal Chumann Lúthchleas Gael,” a dúradh faoin gclár Domhnach na Fola. 

Tá gradam freisin le bronnadh ar chumann Bhéal an Mhuirthead i Maigh Eo as an gcúnamh a thug siad do phobal na háite le linn na géarchéime Covid-19. Dúradh go ndearna an cumann iarracht speisialta chun freastal ar an bpobal i gcaitheamh na bliana agus gur mhór an cúnamh a bhí ann do dhaoine i gceantar tuaithe a raibh imní agus uaigneas orthu le linn na paindéime. 

Ar Fintan O’Toole ón suíomh The42.ie a bhronnfar Gradam Náisiúnta na Meán as alt dá chuid ar a sheanathair, Patie O’Sullivan. 

Bronnfar gradam speisialta freisin ar an iriseoir Michael Foley ón Sunday Times as an obair a rinne sé mar chuid de chomóradh Dhomhnach na Fola. 

Ar na buaiteoirí eile ag Gradaim MacNamee 2020, tá Adrian Eames (An Clár Raidió is Fearr), Damian Dolan, The Irish World (Foilseachán Réigiúnda), An Bhlarna, Corcaigh (Suíomh Idirlín), David Fitzgerald (Grianghraf na Bliana), CLG Ard Mhacha (An Clár Oifigiúil is Fearr), Shane Brophy (An Foilseachán CLG is Fearr), An Cnoc Mór, Maigh Eo, (An Foilseachán Club is Fearr) agus CLG Ard Mhacha (An Togra Digiteach is Fearr). 

Níos mó