Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
albaim-na-bliana-2021-(m-z)

Albaim na Bliana 2021 (M-Z)

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Mogwai – As The Love Continues (Rock Action)

As The Love Continues by Mogwai

Brónach, uaigneach agus éiginnte ach fós, d’ainneoin anachain an tsaoil, ábhairín dóchasach. An blas a bhí riamh ar cheol Mogwai atá i gceist agam, ach d’fhéadfadh cur síos ar mhothúcháin laethúla duine ar bith le 21 mhí anuas a bheith i gceist agam chomh maith céanna. 

An fé ndeara sin gur bhain Mogwai #1 i gcairt na n-albam sa Bhreatain den chéad uair riamh le As The Love Continues (#3 sa Ghearmáin, #23 in Éirinn – tá an Eoraip faoi phluid éadóchais!). 

Tá a fhios againn cad atá romhainn le Mogwai faoin dtráth seo – píosaí ciúine, píosaí láidre, sealanna séiseacha a bhriseann do chroí agus ruathair ghiotáir a stracann do chuid gruaige as craiceann do chinn.

Ná múcha Dia a dtroitheáin ghiotáir!

Moin – Moot! (AD93)

Moot! by Moin

Indie-rac turgnamhach, féitheogach, fuinniúil atá romhat ar an albam début seo leis an dtríréad Moin. 

Bí cinnte cluas a thabhairt do Moot! má thaitníonn ceol grúpaí iarphonc leithéidí Fugazi, Shellac agus, fiú, Fridge leat – nó díreach más spéis leat ceol nach ndéanann an rud lena mbeifeá ag súil i gcónaí. 

Raic fhíréanta.

Om Unit – Acid Dub Studies (Acid Dub Studies)

Acid Dub Studies (LP) by Om Unit

Ar Acid Dub Studies meascann Jim Coles (Om Unit) dordfhuaim íocónach an Roland TB303 a mheascadh le heilimintí an dub-reigé agus dub-teicneo leictreónach chun saothar suaithinseach atá lán de spás agus anam a chruthú. 

Tá Acid Dub Studies fíor-taitneamhach mar albam ina iomlán, go háirithe má tá ceol domhain uait do na cluasáin nó do steiréó an mhótair is tú ag tabhairt faoin mbóthar.

Pauline Anna Strom – Angel Tears In Sunlight (RVNG Intl)

Angel Tears in Sunlight by Pauline Anna Strom

Ceol dáiríre tarchéimnitheach atá le clos ar Angel Tears In Sunlight agus Pauline Anna Strom ag cur fuaimeanna nua-aimseartha ag obair chun labhairt faoi fhírinní teibí, uilíocha, ársa. 

Dall ón lá a rugadh í, cumadóir ceoil ab ea Strom a bhíodh ag taifeadadh ceol sintéiseora sa stíl New Age mar iarracht chun cruth sonach a chur ar na híomhánna a chonaic sí ina hintinn féin. D’eisigh sí seacht gcinn d’albaim idir na blianta 1982 agus 1988. 

Bhí Strom ar tí Angel Tears In The Sunlight, a céad albam le breis agus 30 bliain, a eisiúint nuair a cailleadh í díreach roimh an Nollaig anuraidh. 

Raxon – Sound Of Mind (Kompakt)

Sound Of Mind by Raxon

As an Éigipt ó dhúchas, is léiritheoir teicneocheoil é Ahmed Raxon a dheineann imscaradh ar fhuaimeanna a mheaisíní ceoil mar a bheadh ceannasaí tancanna Gearmánach na seanré ann i mbun Blitzreig a chur i gcrích. 

Is cuma é ag gabháilt do stíl IDM mhall nó leithéidí Autechre and Brainwaltera (‘Majestic’, Flyby’), teicneo funcaíáilte atá faoi chomaoin ag fuaim réabh Foul Play agus 2 Bad Mice (‘Journey Mode, ‘Vice’), leictreó (‘Outworld)  nó tréan teicneo lán dorda (‘El Multiverse’) tá faobhar ar bhuillí Raxon agus éifeacht ar leith lena chleasa cumadóireachta. 

Func eachtardhomhanda.

Ronán Ó Snodaigh – Tá Go Maith (Arbutus Yarns)

Tá Go Maith by Ronan O Snodaigh

Albam Éireannach na bliana, agus an fadsaothar is mó a bhí le clos sa teach s’againne i mbliana mar go raibh an teaghlach ar fad an-tógtha leis.

Domsa, seo an saothar is doimhne agus is aoibhne atá taifeadta ag Ó Snodaigh go dtí seo. Tá creidiúint ar leith ag dul go Myles O’Reilly, leis, as an bhfhuaim thathagach, dhraíochtúil atá fáiscthe aige as a shintéiseoir módúil – a lámh éadrom ag cur go mór le nótaí fhuaimiúla agus portaireacht Uí Shnodaigh.

Amhráin chroíúla, ionraice, fhealsúnta.

Shire T – Tomorrow’s People (Dama Dama)

Tomorrow’s People by Shire T

Is mó moladh atá faighte ó na criticí ceoil ag an albam Isles de chuid na na léiritheoirí ceoil leictreónanigh as Béal Feirste Bicep mar iarracht chun ceol na gclub a athshamhlú mar cheol an éalúchais don rinceoir atá sáite sa bhaile le linn na tréimhse leadránaí seo. Ce go n-admhaím gur port breá é ‘Apricots’ ón albam úd (ach ceann atá róghearr, b’fhéidir) má bhí saothar uaim i mbliana le casadh ag an gcóisir tí a shásódh gach éinne a bhí i láthair chuireas mo mhuinín in Tomorrow’s People le Shire T.

Ceol leictreonach mealltach, milis, bríomhar atá romhat, é lán de bhuillí briste, fuaimeanna sintéiseora faoileanda agus giotaí de ghlórtha ban bainte ó cheirníní R&B agus sól. 

Tá rianta mar ‘Blue Kiss’ agus ‘L.D.R.A’  go mór faoi chomaoin ag cleasa glice stiúideo an Bicep thuas-luaite agus The Chemical Brothers, is fíor duit, gan trácht ar fhuaim réabh The Prodigy, ach cén dochar é?

Tamil Rogeon – Son of Nyx (Soul Bank)

Son of Nyx by Tamil Rogeon

Tá glór an vióla i lár an aonaigh ar an albam eachtrúil seo de chuid an cheoltóra Astrálaigh Tamil Rogeon agus a ghrúpa Melbourne-lonnaithe. 

Seo snagceol módúil bríomhar, blasta le rithimí Afra-Laidineach agus tionlacann beo-aigneach déanta le fuaim chuanna vióla Rogeon ag Sam Keevers agus Daniel Mougerman ar phianó agus an sintéiseoir analógach Arp Odyssey

Saothar a mholaim do dhuine ar bith a bhaineann sásamh as ceol leithéidí Herbie HancockKamasi Washington nó Esbjorn Svenson Trio.

The Go! Team – Get Up Sequences Part 1 (Memphis Industries)

Get Up Sequences Part One by The Go! Team

Albam gliondrach d’amhráin spleodracha atá go mór faoi chomaoin ag fuaim hip-hap na seanré, ceol blaxploitation, cailiopsó, Northern Soul agus ceol indie na stíle shoegaze.

Ní raibh aon éalú ó fhuaim thógálach Ian Parton agus The Go! Team nuair a phléasc a n-albam debút, ‘Thunder, Lightning, Strike’ siar in 2004.  Cé go bhfuil éirithe, go pointe, ag Parton fuaim The Go! Team a stiúradh i dtreo úr i gcaitheamh na mblianta tá a fad a chúrsa tugtha ar ais go fuaim a ndébut acu le Get Up Sequences Part 1.

Uffe – Words And Endings (On The Corner)

Words and Endings by Uffe

D’ainneoin cumas seanchríonna Uffe Christensen chun ceol foncaí, anamúil a chruthú as seansamplaí díslithe func agus dioscó chuir an buile seo ar son na saoirse chruthaithí iontas orm. Ar ‘Words And Endings’ díríonn an léiritheoir Danmhargach ar fhuaim i bhfad Éireann níos eachtrúla ná mar a bhíos ag súil leis uaidh. 

Tá tionchar an tsnagcheoil spioradálta le clos, chomh maith le rithimí na hAfraice, ach thar aon rud eile tá ‘Words And Endings’ faoi chomaoin ag oidhreacht dubcheoil agus fuaim iar-phonc na Breataine. Samhlaigh Theo Parrish ag roinnt stiúideo le Adrian Sherwood, abair.

Níos mó