Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
an-t-alt-is-mo-leamh-ar-nos-in-2021

An t-alt is mó léamh ar NÓS in 2021

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Foilsíodh inné an chéad chuid de liosta na n-alt is mó léamh ar NÓS i gcaitheamh na bliana 2021. Inniu, foilsítear an dara cuid den liosta sin agus arís eile tá togha na n-alt, na bhfíseán, agus míreanna eile ón mbliain seo caite curtha le chéile againn daoibh.

I measc na scríbhneoirí a bhain áit amach ar liosta na bliana seo tá Sláine Ní Chathalláin, Máirtín Seoighe, Domhnall Ó Braonáin agus Aedín Ní Thiarnaigh, bail ó Dhia orthu. Bhí scríbhneoirí iontacha eile againn i mbliana, agus a céad alt scríofa ag ár gcolúnaí ollscoile Kate Scott san fhómhar agus míreanna rialta ag teacht thar sáile chugainn ó Mhuireann Nic Corcráin i Meiriceá agus Aifric Ní Scolaí san Fhrainc. Tá súil againn gur bhain tusa an léitheoir taitneamh agus tairbhe as an ábhar a cuireadh ar fáil duit ar leathanaigh NÓS in 2021 agus go mbeidh tú linn arís in 2022.

15. 12 phub ar mhaith liom pionta a ól iontu nuair a bheidh an phaindéim dhamanta seo thart

Bhí srianta Leibhéal 5 (an cuimhin leat na leibhéil?) i bhfeidhm le cúpla seachtain nuair a scríobh Aedín Ní Thiarnaigh an mianliosta seo i lár mhí Eanáir agus súil chun cinn aici ar an lá a bheadh na pubanna ar oscailt arís. Cé a cheapfadh go gcaithfí an pionta ceart Guinness a gheofaí sna tithe breátha tábhairne seo a chaitheamh siar roimh an ocht a chlog i mí Eanáir 2022!

14. Nósanna na Nollag timpeall na hEorpa

San alt cartlainne seo ón mbliain 2015, chaith muid súil timpeall na hEorpa ar na nósanna Nollag a bhíonn acu sa Chatalóin, sa Bhriotáin, agus i dtíortha eile nach iad.

13. Tá mé ar thóir focail a bhí ag deaideo nach bhfuil i bhfoclóir dá bhfaca mé

Spreag an t-alt seo ó pheann Dhomhnaill Uí Bhraonáin in Indreabhán go leor plé agus cainte ar na meáin shóisialta i ndiaidh a fhoilsithe. Bhí Domhnall ar thóir an fhocail ‘snum’, focal atá ag a mhuintir ar an gcraiceann bog in íochtar na cluaise, ar na foclóirí móra ach chinn air é a aimsiú mar fhocal.

12. The Foggy Dew…as Gaeilge!

Chuir Gráinne Holland s’againn féin an leagan iontach seo de ‘The Foggy Dew’ amach sa bhliain 2015 agus an tír ag réiteach le ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca. Bíonn an t-amhrán seo i measc na míreanna is mó éileamh ar NÓS bliain i ndiaidh bliana. 

11. ‘Scéal na Gaeilge’ Alan Titley ar fáil ar YouTube anois

Chuir an comhlacht léirithe teilifíse ROSG an tsraith iomráiteach ‘Scéal na Gaeilge’ ar fáil ar YouTube i mí Eanáir na bliana seo caite. Ba é an scoláire aitheanta Gaeilge Alan Titley a chuir an clár fianaise ar stair na Gaeilge i láthair agus thuill an léiriúchán ardmholadh nuair a craoladh ar dtús é. Bhí an-áthas ar phobal na Gaeilge an tseoid de chlár a bheith ar fáil saor in aisce ar líne ar feadh tamaill, ach tá sé bainte anuas arís anois ag ROSG.

10. ‘Coróinvíreas an focal is mó a bhfuil borradh faoin in 2020

Foilsíodh an t-alt seo den chéad uair in 2020, ach faraor géar bhí sé tráthúil go maith fós in 2021. Roinn an tOllamh Kevin Scannell ó Ollscoil Missouri eolas amach faoi na focail a bhí i mbéal an phobail ag tús na paindéime agus tá go leor acu fós i mbéal an phobail inniu féin.

9. ‘Fearg’ agus ‘díomá’ faoi agallamh ar RnaG ina ‘ndearnadh beag is fiú’ d’imní fir aeraigh

Bhí Antoin Beag Ó Colla as Machaire Rabhartaigh i bhfíorthuaisceart Dhún na nGall faoi agallamh ag iarcheannaire RTÉ RnaG, Edel Ní Chuireáin, faoin méid a bhí le rá aige ar chlár de chuid an stáisiúin Gaeltachta faoina shaol mar fhear óg i nGaeltacht Dhún na nGall. Rinneadh cáineadh géar ar an gcaoi ar déileáladh leis an ábhar agus an chaoi ar caitheadh le hAntoin agus é ag inseacht do láithreoir Barrscéalta faoi rudaí a tharla dó agus é ag fás aníos i Machaire Rabhartaigh agus ar an bhFál Carrach. 

8. Amhrán na hAoine: Amhrán na nGael

Alt eile ón gcartlann: foilsíodh an t-agallamh seo le Méabh Ní Bheaglaoich den chéad uair in 2017, ach bhí sé i mbéal an phobail arís i mbliana. Amhrán fuinniúil máirseála lán ceoil agus reacaireachta é ‘Amhrán na nGael’ ina nglaoitear ar Ghaeil na tíre cuimhneamh ar an saibhreas teanga agus cultúir atá ionainn go smior. Labhair Méabh linn san agallamh seo faoi chúlra agus teachtaireacht an amhráin.

7. Na focail is mó a litrítear go mícheart sa Ghaeilge

Seo alt eile bunaithe ar an obair iontach a dhéanann an tOllamh Kevin Scannell do phobal na Gaeilge ar líne. Bhailigh Kevin eolas ó na 500 úsáideoir is mó a chuireann teachtaireachtaí Gaeilge amach ar Twitter agus d’aimsigh na focail is mó a litrítear go mícheart ar an ardán sin. 

6. Tá géarchéim saibhris agus seanchais sa Ghaeltacht

Scríobh Máirtín Seoighe, scríbhneoir óg de bhunadh na Trá Báine i nGaeltacht na Gaillimhe, óna chroí faoin ‘ngéarchéim saibhris agus seanchais’ a fheiceann sé ina cheantar dúchais. Bhí an-tóir go deo ar an alt seo nuair a céadfhoilsíodh i mí Aibreáin.

5. ‘Is le Corca Dhuibhne mé agus is é Corca Dhuibhne a rinne duine díom’

Alt eile a tháinig ó chroí an scríbhneora, an geábh seo ba í Sláine Ní Chathalláin as Corca Dhuibhne i nGaeltacht Chiarraí a scríobh litir ghrá dá ceantar dúchais. Cé gur foilsíodh an t-alt seo i dtreo dheireadh na bliana, bhí an oiread sin tóir air gur bhain sé áit amach gar do bharr an liosta don bhliain ar fad.

4. An 4,000,000ú Tweet i nGaeilge seolta ag sagart Gaeltachta

Pictiúr den leabhar tinrimh a bhí ag Scoil Náisiúnta Chnoc an Stolaire i nGaoth Dobhair sa bhliain 1946 a bhí sa ghiolc a chuir an sagart aitheanta Gaeltachta Brian Ó Fearraigh amach ar a chuntas pearsanta, agus é ag trácht ar an “bhfoghlaim ón mbaile”. Dúnadh an scoil bheag Ghaeltachta in aimsir na Féile Pádraig mar gheall ar ráig den bhruicíneach a scaipeadh trithí an bhliain sin.

3. ‘An fear a mhúnlaigh ceol TG Lurgan’ ar shlí na fírinne

Tháinig an drochscéala aniar chugainn as Conamara ag tús na bliana go raibh ‘Frainc na Fuaime’ imithe ar shlí na fírinne. Is beag duine de phobal na Gaeilge taobh amuigh dá cheantar dúchais, Conamara, a d’aithneodh as a ainm Frank McEvilly ach bhí sé ar dhuine de na daoine is tábhachtaí sa réabhlóid cheoil a tharla i gColáiste Lurgan le cúig bliana déag anuas.

2. 5 nós ársa ar Lá Fhéile Bríde – ceiliúradh an earraigh agus an naoimh

Labhair an Dr. Dónal Ó Droighneáin le NÓS faoi na bealaí éagsúla a thugtaí ómós do bhandia agus Naomh mór na hÉireann, Bríd, ar Lá Fhéile Bríde san alt cartlainne seo ó 2016.

1. 10 nDeasú Gnéis as Gaeilge

Foilsíodh an t-alt seo den chéad uair in 2015 agus go dtí 2020 bhí sé ar bharr an liosta ag deireadh gach bliana. Tá an chéad áit bainte amach arís ag Kama Sutra na Gaeilge in 2021. Cur síos fileata atá ann ar dheasuithe éagsúla gnéis don Ghael ar mhaith leis a theanga a úsáid sa seomra leapa! Is é an t-alt seo an t-alt is mó léamh riamh ar NÓS i gcónaí agus spéis leanúnach ag ár léitheoirí sna bealaí is fearr le craiceann a bhualadh as Gaeilge. 

Níos mó