Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cad-e-a-duradh-mar-gheall-ar-an-reachtaiocht-teanga-nua?

Cad é a dúradh mar gheall ar an reachtaíocht teanga nua?

| Tuairisc.ie | , ,

Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta

Leis an mBille nua seo, tá bonn láidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid i measc na nglúnta atá le teacht inár ndiaidh.

Is in 2003 a achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus, ó shin i leith, tá roinnt forbairtí déanta agus reachtaíocht tagtha i bhfeidhm a shníonn isteach leis an mBille atá rite tríd an Dáil inniu. Le hAcht na Gaeltachta, 2012, rinneadh foráil go n-aithneofaí limistéir Ghaeltachta ar bhonn teangeolaíoch seachas ar bhonn tíreolaíoch mar chuid den Phróiseas Pleanála Teanga.

‘Lá stairiúil’ – bille teanga nua rite i dTithe an Oireachtais

Faoin bpróiseas seo, cuireann pobail Ghaeltachta pleananna teanga i dtoll a chéile ar mhaithe le líon na gcainteoirí Gaeilge sna Limistéir Pleanála Teanga atá aitheanta faoin Acht a mhéadú thar thréimhse seacht mbliana. Is ag brath ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge a bheith ar fáil atá go leor de na spriocanna atá leagtha síos sna pleananna teanga seo agus tugann achtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) uirlis reachtúil don Stát chun soláthar na seirbhísí sin a phleanáil don fhadtéarma.

John Walsh, sochtheangeolaí agus Léachtóir Sinsearach Gaeilge, OÉ Gaillimh

Is cinnte gur dul chun cinn atá san Acht seo le hais na reachtaíochta teanga a bhí againn cheana. Tá forálacha nua ann faoi ainmneacha agus seoltaí i nGaeilge, margaíocht, fógraíocht agus na meáin shóisialta. Is maith gur glacadh le foráil thábhachtach eile a chinntíonn go gcaithfidh seirbhísigh phoiblí laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil. Chosain grúpaí Gaeilge agus eile go láidir an sprioc ghinearálta 20 faoin gcéad d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí agus má chuirtear sin i bhfeidhm le brí agus le fuinneamh, cuirfidh sí cor chun feabhais i stádas na teanga. Beidh sé ar chumas an Choiste Chomhairligh eolas luachmhar a bhailiú agus moltaí a dhéanamh maidir le hearcaíocht fostaithe dátheangacha.

Os a choinne sin, bunaithe ar an leibhéal íosta dátheangachais i bhformhór na gcomhlachtaí poiblí, beidh sé an-dúshlánach ar fad an sprioc sin a bhaint amach. Níltear soiléir ach an oiread faoin leibhéal cumais a bheidh de dhíth agus tá baol ann go n-úsáidfear gráid ísle (faoi bhun B2) den Chomhchreat Eorpach chun daoine a áireamh mar fhostaithe dátheangacha. Ní bheidh uaigneas ar mhórán go n-éireofar as córas amscaí, dífheidhmeach na scéimeanna teanga. Ach tá fianaise againn ón mBreatain Bheag go mbaineann castacht ar leith leis na caighdeáin teanga atá le cur i bhfeidhm anseo agus ní fios cén t-ualach riaracháin a chuirfidh siad ar an státchóras.

Is údar imní chomh maith gan aon spriocdháta cinnte a bheith san Acht faoina gcuirfear seirbhísí Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht ach tríd is tríd, is cor cinniúnach é achtú an Bhille seo sa bhfeachtas fada ar son cearta teanga sa stát seo”.

Aengus Ó Snodaigh, TD, cathaoirleach Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin

Tá sé i bhfad Éireann níos láidre toisc na leasuithe a bhrú muidne agus daoine eile chun cinn agus ar ghlac an Rialtas leo ina bhealach féin.

Beidh daoine anois in ann a bheith cinnte go nglacfar lena n-ainmneacha agus a seoltaí i nGaeilge. Tá muid tar éis dul i ngleic le ceist na sínte fada. Tá an sprioc earcaíochta 20% faoi 2030 ann, rud atá an-suntasach. Beidh dualgais freisin leagtha síos ar gach uile chomhlacht poiblí agus ar fhochonraitheoirí maidir le fógraíocht agus foirmeacha chomh maith.

Is gá anois na forálacha a chomhlíonadh agus na caighdeáin a leagan síos chomh fada agus is féidir. An Coiste Comhairleach atá in ainm é sin a dhéanamh ach caithfidh sé tarlú an-tapa ionas nach mbeidh aon mhoill ann ó thaobh na gcomhlachtaí poiblí agus na seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Chomh maith leis sin, caithfear dul i gcion ar na ranna stáit agus na comhlachtaí agus a chur in iúl gur gá dóibh díriú isteach ar conas an sprioc earcaíochta 20% seo a chomhlíonadh laistigh de níos lú ná deich mbliana.

Lorraine Clifford-Lee, Seanadóir de chuid Fhianna Fáil

Cinnte, tá sé níos láidre. Is lá stairiúil é. Chuir a lán daoine obair shuntasach isteach chun an bille a láidriú agus molaim an tAire Stáit Jack Chambers, an fhoireann uile sa Roinn, na grúpaí stocaireachta ar nós Conradh na Gaeilge a bhíonn ar fáil i gcónaí chun breis eolais a thabhairt, agus molaim an freasúra freisin. Tá an bille i bhfad níos láidre anois de bharr na ngrúpaí sin go léir.

Ar an gcéad dul síos, caithfear maoiniú breise a thabhairt d’oifig an Choimisinéara Teanga chun na cearta breise seo a chosaint agus chun súil ghéar a choinneáil ar gach rud. Caithfear an méid atá sa bhille a chur in iúl freisin do lucht labhartha na Gaeilge. Caithfear iad a chur ar an eolas faoi na cearta breise atá ann, na spriocanna earcaíochta a chur in iúl dóibh agus iad a chur ar an eolas maidir leis na féidearthachtaí a bheidh ann amach anseo. Braitheann gach rud eile ar na spriocanna sin agus daoine a mhealladh isteach chuig an státchóras chun na rudaí eile a bhaint amach agus a chur i bhfeidhm.

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

 Cuirimid fáilte roimh an mbille nua agus tá go leor le moladh sna leasuithe. An rud is tábhachtaí anois ná go dtabharfar feidhm do na leasuithe a luaithe is atá siad achtaithe agus sínithe ag Uachtarán na hÉireann. Croílár an bhille agus an achta ná ceist na hearcaíochta agus tá sé suntasach go bhfuil an dá éileamh a bhí againn faoin gceist sin san áireamh sa bhille – an sprioc go mbeadh 20% d’earcaithe nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí agus an sprioc dháta, an 31 Nollaig 2030, luaite leis. Anois is gá a chinntiú go gcuirfear na hacmhainní ar fáil chun na spriocanna sin agus spriocanna eile an bhille a bhaint amach.

Niall Ó Donnghaile, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin sa Seanad

Aontaím go hiomlán go bhfuil an bille níos láidre agus feabhsaithe mar gheall ar na leasuithe a bhain muid amach sa Dáil agus sa Seanad. Sin ráite, an bhfuil sé chomh láidir agus ab fhéidir leis a bheith? Ní dóigh liom go bhfuil.

Rinne muid ár ndícheall, go háirithe le linn chéimeanna an tSeanaid, an bille a fheabhsú ach, ar an drochuair, níor glacadh le formhór na leasuithe sin. Chreid muid go raibh fiúntas leis na leasuithe uile a mhol muid, go háirithe iad siúd a bhain le logainmneacha, ainmneacha Gaeilge, tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Choimisinéir Teanga agus na cinn a tháinig ó ghrúpaí cosúil le Conradh na Gaeilge. Ach níor ghlac an Rialtas leo agus is mór an trua é sin.

Mar a dúirt mé ag deireadh an phlé sa Seanad, bhí sé i gcónaí tábhachtach go raibh reachtaíocht ag dul tríd agus gur glacadh léi. Cé go dtacaím leis an reachtaíocht, caithfidh muid a bheith iontach cúramach mar bhaill den Oireachtas go gcuirfear an rud seo i bhfeidhm. Bhí muid ag iarraidh ar an Aire spriocdhátaí a chur insan reachtaíocht i dtaca le cuid de na cuspóirí agus, arís eile, dhiúltaigh sé glacadh leis na leasuithe sin. Mar gheall air sin, caithfidh muid súil ghéar a choinneáil ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta. Sin dualgas atá orainn go léir, taobh istigh den Oireachtas agus taobh amuigh de fosta.

Níos mó