Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cluiche-clair-bunaithe-ar-na-cluichi-gaelacha-cruthaithe-ag-muinteoir-bunscoile-as-conamara

Cluiche cláir bunaithe ar na cluichí Gaelacha cruthaithe ag múinteoir bunscoile as Conamara

| Padraic O Ciardha | ,

Agus é ina mhúinteoir bunscoile i gConamara, bhí cleachtadh maith ag Éanna Byrne ar laethanta fliucha agus na dúshláin a bhain le siamsa a chur ar fáil do dhaltaí agus iad sáinnithe taobh istigh.

Amuigh sa gclós, bhíodh na gasúir gafa leis na cluichí Gaelacha agus cé go raibh tóir i gcónaí ar chluichí boird agus cluichí cártaí nuair a bhí siad faoi dhíon, thug Byrne faoi deara nach raibh tada ann a thug an dá rud le chéile.

Shocraigh sé féin agus cara leis, James Fallon, atá ina mhúinteoir bunscoile i Maigh Eo, cluiche a chruthú a bheadh in ann an dá thrá a fhreastal agus tá toradh na hoibre sin ar fáil anois agus an cluiche nua ‘Bainisteoir’ seolta acu le gairid.

“Chonaic muid gur thaitin na cluichí cláir leis na gasúir ar scoil nuair a bhíodh sé ag báisteach agus go rabhadar an-tógtha freisin leis na cluichí Gaelacha,” a deir Byrne, arb as Damhliag i gcontae na Mí ó dhúchas dó ach atá anois ag cur faoi sa Spidéal. “Ní fhaca muid go raibh tada ann a thug le chéile iad, áfach, agus bheartaigh muid tabhairt faoinár gcluiche féin a dhéanamh.”

Sa chluiche nua, tugtar an deis do 2-4 imreoirí ceannas a thógáil ar fhoireann agus é mar sprioc acu Craobh na hÉireann a bhuachan. Téitear timpeall ar an gclár ag buachan agus ag cailliúint airgid, ag imirt cluichí in aghaidh na n-imreoirí eile agus, gné eisceachtúil den chluiche, ag ceannach imreoirí chun d’fhoireann a neartú.

Is féidir le himreoirí ceann d’ocht bhfoireann – Baile Átha Cliath, Ciarraí, Gaillimh, Maigh Eo, Corcaigh, Dún na nGall, An Mhí agus Tír Eoghain – a roghnú ag an tús ach tá imreoirí ó gach contae eile sa tír, chomh maith le Londain agus Nua-Eabhrac, le ceannach le cur le d’fhoireann.

Mar mhúinteoirí, bhí neart deiseanna ag Byrne agus Fallon a gcuid smaointe a thástáil sa seomra ranga agus bhíodar sásta leis an aiseolas a fuair siad.

“Thaitin an smaoineamh leis na gasúir. Bhaineadar an-sásamh as a bheith i gceannas ar d’fhoireann fhéin agus a bheith ag ceannach cártaí le himreoirí nua orthu,” a dúirt Byrne, atá ag múineadh i Ros Cathail.

Ní raibh Byrne agus Fallon ach tosaithe an cluiche a fhorbairt nuair a d’fhág an phaindéim go raibh siad féin sáinnithe taobh istigh ar feadh tréimhse fada. An lá sular fógraíodh i mí Mhárta 2020 go raibh scoileanna na tíre le dúnadh de bharr na paindéime, chas an bheirt le chéile in óstán in Áth Cinn, leath bealaigh idir an Spidéal agus Caisleán an Bharraigh, chun a gcluiche nua a phlé.

“Bhí cluiche sacair idir Liverpool agus Atlético Madrid ar an teilifís agus scata mór istigh ag breathnú air. Seans gur cheap gach duine eile go raibh muid as ár meabhair, ag suí ag bord ag spraoi le píosaí páipéir agus iad á seoladh sall agus anall againn, gan aird ar bith againn ar an teilifís.”

D’fhág an dianghlasáil gur ar Zoom a rinneadh cuid mhaith den obair forbartha ina dhiaidh sin agus is ar líne freisin a fuair siad duine chun an clár agus na cártaí a dhearadh, bean as Meicsiceo nach raibh barúil dá laghad aici faoin bpeil ná faoin iomáint. Tar éis do Byrne agus Fallon neart físeán Youtube agus ábhair eile a chur chuici, áfach, bhí léi agus tháinig sí ar ais chucu tar éis coicíse leis an dearadh atá á úsaid anois.

Is in Éirinn atá an cluiche féin á dhéanamh, áfach, agus é á tháirgeadh i bPort Láirge ag Cartamundi, ceann de na comhlachtaí cluichí clár is mó cáil ar domhan.

“Bhí muid ag iarraidh go ndéanfaí an cluiche ar ardchaighdeán agus shocraigh muid dul i bpáirt le Cartamundi sna Déise. Fágann sé freisin go bhfuil muid in ann a rá go ndéantar in Éirinn é, rud a bhfuil muid an-sásta faoi.”

Seoladh ‘Bainisteoir’ i gcomhair na Nollag agus súil acu go mbeidh tóir air mar bhronntanas do ghasúir agus do theaghlaigh ar suim leo na cluichí Gaelacha nó cluichí boird.

Deir Byrne gur léiríodh le linn na paindéime an tábhacht a bhain le daoine a bheith i gcomhluadar a chéile agus go mbíonn spraoi ar leith ag baint le cluichí cláir.

“Tugann sé an deis do chlann teacht le chéile, go háirithe aimsir na Nollag, agus píosa spraoi a bheith acu.”

Tá ‘Bainisteoir’ anois ar fáil i siopaí Smyths, Toymaster, Art ‘n’ Hobby agus neart siopaí eile ar fud na tíre agus bhí an cluiche le feiceáil freisin ar an Late Late Toy Show, cé go raibh sé “leathchlúdaithe ag dineasár”, a deir Byrne agus é ag gáire.

Is i mBéarla atá an cluiche ach má bhíonn tóir air, deir Byrne go bhfuil sé ag iarraidh leagan Gaeilge a chur ar fáil amach anseo.

“Ba bhreá linn é a aistriú go Gaeilge do ghasúir a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoileanna nó dóibh siúd a bhíonn ag labhairt Gaeilge sa mbaile,” a deir sé.

Costas €35 atá ar ‘Bainisteoir’. Is féidir an cluiche a cheannach nó tuilleadh eolais a fháil ag https://bainisteoirboardgame.ie/.

Níos mó