Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
moltai-bronntanas-on-ngael-glas

Moltaí bronntanas ón nGael Glas

| An Gael Glas | ,

Iarradh ar an nGael Glas deich mbronntanas Nollag a roghnú don ghníomhaí aeráide agus ba mhór an dúshlán é! Tá cuid mhaith den tréimhse seo den bhliain díreach i gcoinne chosaint an chomhshaoil – an t-ábharachas, an tomhaltas bia, dí agus gach aon rud eile, agus an caitheamh airgid gan smaoineamh ar an todhchaí. Ach mar sin féin, is breá liom an Nollaig agus caithfimid dianiarracht a dhéanamh an ceiliúradh a athrú ionas go mbeadh sé oiriúnach don saol agus don domhan nua. 

Mar sin ghlac mé leis an iarratas de m’ainneoin féin, agus tá deich moladh agam thíos a chloíonn le rialacha an ghníomhaí aeráide: athúsáid a bhaint as earraí más féidir, rudaí nua is féidir a úsáid i slite éagsúla agus bronntanais a chabhróidh linn saoi níos glaise a chruthú. Agus riail amháin eile – fan amach ó Amazon!

Tosaímis le féiríní beaga don stoca ar dtús agus éiríonn siad níos costasaí de réir a chéile.

Spéaclaí snámha 

Nach bhfuil na sluaite ag snámh sna laethanta seo?! Is iontach an rud é, am a chaitheamh sa sáile i rith na bliana agus an mothú breá bríomhar i do ghéaga ar fud an lae ina dhiaidh. Tugann spéaclaí snámha maithe cosaint duit ón deorghás chomh maith agus tú i mbun agóide ar na sráideanna!

Léasar 

Baineadh úsáid as léasair bheaga sna hagóidí in Hong Kong, chun mearbhall a chur ar na póilíní. I rith na seachtaine ansin, bheifeá in ann iad a úsáid sa léachtlann agus tú ag glafaireacht leat faoi fhilíocht na Nua-Ghaeilge.

Dornasc

Comhdháil idirnáisiúnta ola ar siúl i mBaile Átha Cliath? Comhlacht i mbun oibre ar phíblíne nua in iarthair na tíre? Caithfidh tú stop a chur leo! Níl rogha ar bith agat ach tú féin a cheangal leis an trealamh le dornasc. Go dtí sin is féidir úsáid eile a bhaint astu más Garda tú, nó seans go mbeadh moltaí ag an gCailín sa Chathair murab ea 

Leabhair 

Mar a deirtear gach bliain ar an Toy Show agus sos á thógaint acu ó na bréagáin úrnua, is seoid í gach leabhar agus is í an léitheoireacht ceann de na féiríní is fearr agus is luachmhara atá againn. I gcás na hathraithe aeráide áfach, bíonn gach leabhar beagnach as dáta chomh luath agus a fhoilsítear é. Ar líne atá an t-eolas is fearr ar fáil. Mar sin, níl ach trí leabhar le moladh agam. Déan athléamh ar An Oileánach le Tomás Ó Criomhthain chun tuiscint a fháil nach raibh dream draíochta ann riamh a bhí ag comhaireachtáil go suaimhneach leis an nádúr. Airgead a thuilleamh agus saol níos fearr a bhaint amach, sin a bhí i gceist acu. 

Molaim “An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht” le Michael Cronin i gcónaí – ceannaigh é mura bhfuil sé agat cheana féin. Agus ba cheart duit súil a chaitheamh ar leabhar Bill Gates, How to Avoid a Climate Disaster. Tá an Geataíoch gnóthach ag cur nanobots sna vacsaíní faoi láthair ar ndóigh, ach is léir go bhfuil sé buartha faoin gcomhshaol ag an am céanna. Ní aontóidh tú le gach atá ann sa leabhar, ach ní mór dúinn na smaointe atá ag lucht an rachmais a thuiscint chun leas a bhaint astu. 

Ballraíocht i ngrúpa feachtasaíochta aeráide

Tá go leor ann – déan do chuid taighde orthu gan dabht, agus bí cinnte go réitíonn siad le do chuid eiticí. Is mór an trua nach bhfuil aon cheann acu ag feidhmiú i nGaeilge fós faraor.

Dearbhán do bhialann veigeatórach 

Tá aiste bia fheoilséantach níos sláintiúla agus níos fearr don aeráid ar an meán. Má tá feoiliteoir sa tigh agatsa, ceannaigh ceann de na leabhair chócaireachta de chuid Dennis Cotter, nó níos fearr i bhfad, tabhair cuairt ar Paradiso i gCorcaigh chun béile blasta veigeatórach a fháil agus beidh feoilséantóir agat ag teacht abhaile.

Rothar Leictreach

Ná bac leis an gcarr leictreach, is é an rothar leictreach an modh taistil is fearr ó thaobh astaíochtaí de (níos fearr ná gnáthrothar nó siúl fiú, de bharr na n-astaíochtaí a bhaineann le bia a sholáthar!). Ní féidir a shéanadh ach go bhfuil siad costasach go fóill, ach tá rogha leathan ann anois. Más féidir, ceannaigh an ceann is cumhachtaí. Tá sé deacair cur síos ceart a dhéanamh ar conas a mhothaíonn tú agus cumas Lance Armstrong féin i do chosa! Níos mó ná aon mholadh eile anseo, is é an rothar leictreach an uirlis a athróidh do shaol.

Ealaín

Tá sé ráite agam nach mbeidh leigheas na faidhbe san eolaíocht amháin, ach go mbeidh ról mór ag ealaíontóirí chomh maith. Agus má tá duine cruthaitheach agat cheana féin? Cuir é nó í i dtreo cúrsa éiceolaíochta ag Humea Ecoversity.

Laethanta Saoire

Is breá linn Éire, ach tagann fonn taistil orainn go léir luath nó mall. Déan iarracht an t-eitleán a sheachaint agus taisteal go mall go dtí an Mór-Roinn ar an mbád farantóireachta agus ar na traenacha iontacha leictreacha thall (atá cumhachtaithe le cumhacht núicléach in áiteanna, ach sin scéal agus díospóireacht eile!). Ag imeacht go dtí Meiriceá nó níos faide? Bain triail as taisteal ar lastlong! Is é an rud atá ag teastáil i ndáiríre ná am, an rud is luachmhaire agus is teirce.

Labhair Gaeilge leis nó léi

Níl aon chostas ag baint leis, ach gach aon uair a labhraíonn tú Gaeilge, is masla é don chóras lofa fóntaíoch caipitlíoch atá ag milleadh na haeráide. Mar sin, labhair í agus sábháil an domhan! Agus tabhair faoi ghrúpa nua Gaeilge agus aeráide a thosnú san athbhliain!

Nollaig ghlas shona daoibh go léir!

Níos mó