Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ni-feidir-dul-sa-seans’-–-srianta-ar-thithe-tabhairne-agus-bialanna-tugtha-ar-ais

‘Ní féidir dul sa seans’ – srianta ar thithe tábhairne agus bialanna tugtha ar ais

| Tuairisc.ie | , ,

Tá srianta níos déine fógartha ag an Taoiseach chun dul i ngleic leis an maidhm is déanaí den Covid-19 agus an baol breise a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an Omicron, an cineál nua den víreas.

Ghlac an Rialtas níos túisce tráthnóna leis na moltaí is déanaí ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSáinte Phoiblí i dtaobh na bothántaíochta agus d’earnálacha an fháilteachais agus na siamsaíochta.

A bheag nó a mhór, is iad na srianta a bhí i bhfeidhm go dtí an 22 Deireadh Fómhair atá á dtabhairt ar ais go dtí an 9 Eanáir. Ó Dé Máirt seo chugainn, an 7 Nollaig, beidh na clubanna oíche á ndúnadh arís.

Beidh ar thithe tábhairne is bialanna dúnadh ag 12.00, mar atá faoi láthair, ní bheidh cead seasamh ag ordú nó ag ól ag an gcuntar, ní fhéadfaidh daoine a bheith ag bogadh ó bhord go bord agus ní bheidh cead ach bord amháin do sheisear a chur in áirithe. Caithfear masc a chaitheamh laistigh ach amháin ag ithe agus ag ól ag do bhord féin.

Ní bheidh ábalta freastal ar imeachtaí siamsaíochta is cultúir faoi dhíon ach leath den méid daoine a mbeadh spás dóibh san ionad, ag ceolchoirmeacha faoi dhíon mar shampla.

Cuirfear srian freisin ar an líon teaghlach a thiocfadh le chéile in aon teach le linn na Nollag. An chomhairle ná nach dtabharfadh ach trí theaghlach cuairt ar aon tigh le linn na féile.

Beidh teastas vacsaíne ag teastáil ón Máirt seo chugainn in ionaid aclaíochta agus i mbeáir óstáin.

Cuirfear ar ais an tacaíocht stáit a cuireadh ar fáil cheana d’earnáil an fháilteachais.

Dúirt an Taoiseach go raibh ag éirí linn dul i ngleic leis an maidhm cásanna is déanaí ach go raibh contúirt bhreise ag baint leis an Omicron. Bhí sé soiléir, a dúirt sé, go bhféadfadh “géarchéim an-tromchúiseach” a bheith ann aimsir na Nollag dá dtarlódh go scaipeann na cineál nua níos éasca.

Cé nach raibh dóthain eolais ar fáil go fóill faoin Omicron ní fhéadfaí, a dúirt sé, “dul sa seans nuair is beatha daoine atá i gceist”.

Sa litir chomhairle is déanaí ó NPHET, mhol an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, don Rialtas go gcaithfí “srian” a chur le ceiliúradh na Nollag. Dúirt Holohan gur seachtar a bhfuil an Covid-19 orthu a fhaigheann bás gach lá faoi láthair sa tír seo.

Bhí cruinniú ag fochoiste rialtais an Covid-19 inniu agus cuireadh tús ina dhiaidh sin le cruinniú Rialtais leis na moltaí is deireanaí ón bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) a phlé agus i ndiaidh an chruinnithe sin a labhair an Taoiseach.

Bhí cruinniú ag ionadaithe earnáil na lónadóireachta is an fháilteachais leis an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Caiteachais Phoiblí, Michael McGrath ar maidin agus iad ag éileamh go gcuirfí cúiteamh ar fáil don earnáil mar go raibh biaiste na Nollag scriosta ag na srianta sláinte phoiblí. Dúirt urlabhraí dá gcuid go raibh an cruinniú “dearfach agus fiúntach” agus gheall an Taoiseach tacaíocht dóibh ina chuid cainte.

Níos mó