Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ni-labhraitear-ar-a-dhushlanai-is-ata-se-cairde-a-dheanamh-de-reir-mar-a-theann-tu-in-aois’

‘Ní labhraítear ar a dhúshlánaí is atá sé cairde a dhéanamh de réir mar a théann tú in aois’

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Is annamh dom a bheith ag féachaint siar am seo na bliana. Cé go mbíonn go leor cainte ar an tsúil siar agus deireadh na bliana ag druidim linn, ní chuireann sé isteach ná amach orm de ghnáth. Is páiste beirt mhúinteoirí mise, agus mar sin cloím le féilire na scoilbhliana, agus cuirim an chuid is mó den dianmhacnamh maoth díom i mí Mheán Fómhair. 

I mbliana áfach, is deacair dom an maoithneachas a sheachaint. Agus an phaindéim ag réabadh na tíre fós, is beag rogha atá againn i dtaobh siamsaíochta. Síos liom mar sin, ar bhóithrín na smaointe. 

Nuair a smaoiníonn muid ar an saol i dtéarmaí srianta covid, ar a bhfuil ceadaithe agus nach bhfuil ceadaithe, tá an chosúlacht ar an scéal nár athraigh mórán sa saol le bliain anuas. Shamhlóinn gurb ionann 2021 agus 2020 in intinn fhormhór na ndaoine, ach is mór an t-athrú atá tagtha ar mo shaolsa sa tréimhse chéanna.

Tá an saol mórthimpeall orainn ina phraiseach, ach táimse níos sona, níos socra ionam féin ná mar a bhí mé riamh. 

Bhí an t-ádh dearg liom i mbliana. Dáiríre, ní dóigh gur láidir a dhóthain an ráiteas úd. Tháinig deiseanna i mo threo is deacair dom a chreidiúint fós agus fiú nuair a ghlacaim leis gur tharla siad, cuireann sé iontas na gile orm. Fuair mé post nua a ghealann mo chroí, a thóg mé go cuid de na háiteanna is aoibhne ar fud na tíre agus ar chuir mé aithne ar roinnt cairde nua lena linn. Ní raibh sé de dhánacht agam riamh a shamhlú go mbeadh ‘obair’ chomh pléisiúrtha, ná chomh sásúil agam.

Tháinig an deis sin i mo threo gan choinne. Mar a deirim, bhí an t-ádh liom. Ach thit rudaí eile amach i mbliana nár thoradh an áidh a bhí iontu in aon chor ach toradh cinntí crua agus dianmhachnaimh; athruithe móra a thug ar aistear mé nach raibh mé ag súil leis. 

Tháinig deireadh le mo chaidreamh grá sa samhradh; buille mór nach bhféadfainn a shamhlú an t-am seo anuraidh. Lena dheireadh, tháinig deireadh le caibidil mhór i mo shaol leis agus b’éigean dom athbhreithniú a dhéanamh ar go leor de na pleananna agus spriocanna a bhí leagtha amach agam dom féin.  

Ba dheacair dom deireadh an chaidrimh sin a shamhlú, ach ba dheacra fós an chéad chaibidil eile a shamhlú; go mbogfainn go hoileán mara, go gcasfainn ar chairde nua a n-éireoinn chomh mór leo, agus go ndéanfadh a gcuideachta agus a ngáire mo chroí a fhuáil le chéile an athuair. 

Ní minic a labhraítear ar a dhúshlánaí agus atá sé cairde a dhéanamh de réir mar a théann tú in aois. Ó d’fhág mé slán ag an ollscoil , chuir mé aithne ar go leor leor daoine idir obair agus eile ach má táim ana-mhacánta, is beag duine ar chas mé leo le linn na tréimhse sin a dtabharfainn ‘cara mór’ orthu. Daoine deasa gan dabht, ach an fíorbheagán acu ar mhothaigh mé nasc domhain leo, a raibh click eadrainn. 

Ansin chuaigh mé go hInis Meáin, agus má bhí easpa den click rúndiamhrach i mo shaol roimhe, bhí mé anois i lár ceolfhoirne castainéid! Le seacht mí anuas, tá níos mó cairde déanta agam ná mar bhí déanta agam le blianta fada. Cairde aoibhne, cineálta, croíúla, spéisiúla, a bhfuil gáirí, ceol agus deora roinnte agam leo.

Is iomaí cúis áthais agus buíochais atá agam i mbliana, ach is é an chúis is mó bhróid dom ná na cairde úd, a bhfuil mo shaol á chaitheamh anois agam ina gcuideachta agus a bhfuil mo chroí arís lán dá mbarr. 

Faoiseamh a gheobhadsa,

Seal beag gairid,

I measc mo dhaoine,

Ar oileán mara…

Níos mó