Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
oiche-na-seanbhliana:-cuig-nos-ghaelacha

Oíche na Seanbhliana: Cúig nós Ghaelacha

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

‘Oíche na Seanbhliana’, ‘Oíche Chinn Bhliana’, ‘Oíche na Coda Móire’ – is iomaí ainm atá ag na Gaeil ar an lá seo, an 31 Nollaig. Is iomaí traidisiún agus nós a bhí ag na Gaeil don lá áirithe seo, lá a fhágtar slán leis an mbliain atá díreach imithe tharainn agus a chuirtear fáilte roimh an mbliain atá ar an tairseach. Déantar ceiliúradh ar fud an domhain ar an oíche seo agus dála gach rud eile anois bíonn cuid mhaith den cheiliúradh sin faoi anáil an mhéid a fheiceann muid ar an teilifís agus sna scannáin, ach tá an tobar seanchais ar Dúchas.ie lán go béal le nósanna Nollag agus athbhliana. Seans maith go n-aithneoidh tú cuid de na traidisiúin seo!

Oíche na Coda Móire

Tugtar Oíche na Coda Móire ar an 31 Nollaig i gceantair áirithe Ghaeltachta fós. Cheaptaí gur chomhartha a bhí i rud ar bith a tharlódh ar Oíche na Seanbhliana den mhéid a bhí le teacht sa chéad bhliain eile. Dá ghaire do bhuille an mheán oíche a tharlódh rud, is ea is mó seans go mbeadh tionchar aige ar a raibh i ndán don teaghlach sa mbliain amach rompu. Bhí cuimhní an Drochshaoil go mór in inchinn na ndaoine agus faitíos orthu roimh an ngorta. Chuige sin, d’ití béile mór groí ar an 31 Nollaig leis an ngorta a chur ó dhoras.

Dhéantaí fíon den uisce

D’fhágtaí crúiscín, buidéal nó fiú gloine uisce ar an mbord Oíche Chinn Bhliana agus súil ag muintir an tí go ndéanfaí fíon de thar oíche. Deirtí go ndéantaí fíon den uisce ar bhuille an mheán oíche. In áiteanna eile sa tír, chreidtí gurbh é an t-uisce sa tobar a d’iompaítí ina fhíon. Fainic! Féadfaidh tú féin triail a bhaint as seo ach deirtí go mbainfeadh mí-ádh don té a dhéanfadh iarracht an mhíorúilt a fheiceáil. Tá scéal ann i dTír Chonaill faoi bhean óg a chuaigh amach ag meán oíche chuig an tobar ag béal an bhóithrín leis an bhfíon a bheadh istigh ann a fháil. Níor tháinig sí abhaile, agus an lá arna mháireach bhí gallán ina sheasamh (nó ina seasamh!) in aice an tobair nach raibh ann cheana. Ní fhacthas an bhean óg arís choíche.

Chaití builín leis an doras

Thugtaí builín aráin don duine ab óige sa teach Oíche Chinn Bhliana agus chaitheadh an té sin an builín leis an doras trí huaire. Nuair a bheadh na trí bhuille buailte, bhaineadh an duine ab óige plaic as an mbuilín. Dála ‘Oíche na Coda Móire’, baineann an nós aisteach seo leis an bhfaitíos a bhíodh ar na daoine roimh an ngorta agus chreidtí go gcoinneofaí ó dhoras é dá ndéanfaí an gnás seo.

D’osclaítí na fuinneoga nó na doirse

Chreidtí go gcaithfí an tseanbhliain, agus pé olc a bhain léi, a scaoileadh saor ón teach. In áiteanna áirithe sa tír, d’osclaítí gach fuinneog sa teach cúpla nóiméad roimh bhuille an mheán oíche le go n-éalódh an bhliain. In áiteanna eile sa tír, chreidtí go n-imeodh an tseanbhliain amach an doras cúil agus go dtiocfadh an bhliain nua isteach an doras tosaigh. Chuige sin, d’osclaítí an doras cúil agus an doras tosaigh ag an am céanna, cúpla nóiméad roimh bhuille an mheán oíche – chuireadh daoine áirithe ‘an ruaig’ ar an tseanbhliain trí shiúl amach an doras cúil ina diaidh agus chuireadh siad ‘fáilte’ roimh an mbliain nua trí í a thionlacan tríd an doras tosaigh.

Lastaí coinnle sa teach

Christmas decoration with candles on the wooden table

Chreidtí go n-inseodh na coinnle a gcuid faoin mbliain a bhí le teacht in áiteanna áirithe sa tír. Lastaí na coinnle sa tráthnóna agus choinnítí súil ghéar orthu sna uaireanta an chloig anuas go buille an mheán oíche. Droch-chomhartha a bheadh ann don bhliain nua dá múchfadh an ghaoth nó rud eile an choinneal, dá ndófadh sí cam, nó dá silfeadh sí an chéir leáite. Chreideadh daoine áirithe gur comhartha báis a bhí sa choinneal mhúchta.


Níl sa mhéid thuas ach blaisín beag na traidisiúin, nósanna agus seanchas na nGael maidir le hOíche na Seanbhliana. Is féidir tuilleadh a fhoghlaim ach cuardach a dhéanamh ar Dúchas.ie. Athbhliain faoi mhaise dár léitheoirí go léir!

Níos mó