Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies

‘2022 an bhliain le hiarracht mhór a dhéanamh ar son na teanga’ – ráiteas an Uachtaráin faoi lánstádas na Gaeilge an AE

| Tuairisc.ie | ,

Ar an ócáid stairiúil speisialta seo déanaim comhghairdeas leo siúd atá ag obair leis an nGaeilge agus trí mheán na Gaeilge san Aontas Eorpach agus sa bhaile.

Is lá suntasach atá ann inniu don teanga, agus lánstádas á bhaint amach aici san Aontas Eorpach agus deireadh tagtha le maolú na Gaeilge. 

Is aitheantas tábhachtach ar an leibhéal náisiúnta dár bhféiniúlacht ar leith mar phobal atá sa lánstádas sin, agus teanga ar leith againn a mbainimid úsáid as taobh leis na teangacha eile a mbainimid úsáid astu agus a bhfuil meas againn orthu.

Cuireann sé ár dteanga ar chomhchéim le teangacha bhunaitheoirí an Aontais, agus leis na Ballstáit a tháinig isteach san Aontas sna blianta ó shin. Is éacht suntasach atá ann agus beidh sásamh le baint ag daoine go leor as fios a bheith acu go mbeidh an Ghaeilge in úsáid gach lá san Aontas Eorpach.

Cé go mbeidh an Ghaeilge in úsáid go laethúil san AE, ní mór dúinn an deis a thapú agus freagracht a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil tábhacht léi inár saol féin.  I gcroílár ghnóthaí laethúla na hEorpa; i gcroílár an tsaoil sa bhaile.

Ach oiread le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), ar chuir mé mo lámh leis go gairid roimh an Nollaig, impím ar dhaoine ar fud na hÉireann an deis seo a thapú a gcaidreamh féin leis an teanga a athnuachan, teanga ar cuid ríthábhachtach dár n-oidhreacht í.

Cinnte, ní mór dúinn teangacha ár gcairde san Eoraip a fhoghlaim agus a mhéad dá dteangacha agus is féidir a úsáid, ach tá suntas ollmhór ag baint le húsáid ár dteanga féin. Tá ár gcuid féin déanta den Bhéarla againn, agus táimid bródúil as an gceathrar buaiteoirí Nobel na Litríochta sa teanga sin, ach anois tá uirlis bhreise teangeolaíochta againn i gcomhair ár machnaimh agus ár malartuithe.

Glacaim go cáiréiseach leis an iliomad cúiseanna nach n-airíonn daoine i gcónaí aon cheangal láidir leis an teanga, lena n-áirítear an taithí éagsúil a bhí ag daoine sa chóras oideachais sna blianta atá caite. É sin ráite, molaim gurb é anois an t-am le hiarracht mhór amháin a dhéanamh ar son na teanga.

Nuair a bhí Teilifís na Gaeilge ar tí teacht ar an aer, dúirt mé ‘tabhair seans eile don Ghaeilge’.

Lánstádas feasta ag an nGaeilge san AE, í ar comhchéim leis na teangacha oifigiúla eile

Anois táim ag rá gur cheart dúinn an chúthaileacht, na leithscéalta agus an leisce a chaitheamh uainn agus an teanga úsáid go laethúil ar an leibhéal céanna le teangacha eile san Aontas Eorpach, déanaimis rún áit a thabhairt di inár saol laethúil sa bhaile – i lár an aonaigh, inár ngnáthchaint.

Is deis atá sa lá inniu, nuair atá an Ghaeilge ag dul i bpáirt leis an iliomad eile le lánstádas san Aontas Eorpach. 

Ach, is fúinn féin é an deis nua seo a thapú agus a chinntiú gur mór againn an teanga.

Ní hamháin go bhfuil freagracht orainn sa bhliain atá romhainn, ach tá deis iontach againn a chinntiú go mbeidh ár dteanga dhúchais ar fáil ag na glúnta le teacht agus meas acu uirthi.

Is cuid dínn féin í an Ghaeilge. Tapaímis an deis í a chuimsiú inár saol go léir. Tá an óige ag taispeáint nach ualach diúltach ná rud eisiach í. Is féidir le gach glúin a bheith páirteach inár bhféiniúlachtaí iomadúla roinnte Éireannacha, Eorpacha agus domhanda.

Tógaimis ar a bhfuil againn agus bíodh an bhliain 2022 mar an bhliain a ndéantar iarracht mhór ar son na teanga agus a dtugtar an t-ómós is cóir do gach teanga ar domhan.

Níos mó