Tá sé curtha i leith an Aire Cumarsáide Eamon Ryan nach bhfuil sé sásta dul i ngleic le cás stampaí aonteangacha Béarla An Post agus gur “mór an náire” é sin.
Rinneadh cáineadh géar ar An Post ag deireadh na bliana seo caite as gan aon stampa náisiúnta i nGaeilge a chur ar fáil don Nollaig.
D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, de Ryan an raibh sé i gceist aige iachall a chur ar An Post an reachtaíocht a leasú lena chinntiú go mbeadh a gcuid stampaí dátheangach ar a laghad as seo amach.
Mar fhreagra air sin, dúirt an tAire Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Líonraí Cumarsáide, nach raibh “aon phleananna aige” reachtaíocht a thabhairt isteach “sa réimse seo ag an am seo” ach go raibh iarrtha aige ar An Post “breathnú” ar an gceist.
Dúirt Eamon Ryan gur iarr sé ar An Post chomh maith an coiste comhairleach neamhspleách a bhíonn ag plé le cúrsaí stampaí a chur ar an eolas faoin scéal.
Neamhfhreagra a bhí sa mhéid a bhí le rá ag an Aire, dar le Éamon Ó Cuív.
“Fuair mé freagra nach freagra é. Ní thuigim cén fáth nach bhfuil an tAire sásta dul i ngleic leis an gceist seo le reachtaíocht. Tá sé náireach go bhfuilimid ag dul siar ar an gceist seo tráth a bhfuil bille teanga tugtha isteach againn chun cosaint bhreise a thabhairt don Ghaeilge.
“An íomhá a thugann na stampaí Béarla, is íomhá í de thír gur cuma léi faoin nGaeilge. Tá an-díomá orm agus coinneoidh mé orm ag ardú na ceiste seo. Tugtar reachtaíocht isteach, tá sé chomh simplí leis sin,” arsa Éamon Ó Cuív.
Sé stampa speisialta a sheol An Post don Nollaig, ceithre cinn náisiúnta agus péire idirnáisiúnta. ‘Nollaig Shona’ a bhí scríofa ar cheann de na stampaí idirnáisiúnta €2 ach ní raibh Gaeilge ar bith ar na cinn náisiúnta, a chosnaíonn €1.10.
Dúirt Éamon Ó Cuív go raibh sé “náireach” nach raibh an Ghaeilge le feiceáil ar na stampaí náisiúnta agus go raibh teachtaireacht á tabhairt go bhfuil sé ceart go leor “cúpla focal Gaeilge” a sheoladh thar lear ach nach raibh an teanga “sách maith dúinne sa mbaile”.
Peace & Joy, Naughty or Nice?, Ho ho ho agus Sending Hugs atá scríofa ar na stampaí náisiúnta a d’eisigh An Post don Nollaig.