Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ar-leas-chonamara-a-bheadh-raon-rothar-bhothar-na-tra

Ar leas Chonamara a bheadh raon rothar Bhóthar na Trá

| Maitiu O Coimin | ,

Is mór an mhaith a dhéanfadh an raon nua rothar atá ag iarraidh a thriail i mBóthar na Trá do mhuintir Chonamara, agus ba cheart do phobal na Gaeltachta an deis a thapú idir seo agus deireadh an lae amárach a dtacaíocht a chur in iúl do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. 

Tá a fhios ag an saol agus a mháthair go bhfuil cúrsaí tráchta ina gciseach i gcathair na Gaillimhe agus sna bruachbhailte ina dtimpeall. Níl a fhios ag an oiread céanna daoine a dheacra agus a chontúirtí is atá sé a bheith i do choisí nó i do rothaí ann freisin. Tá deis iontach ann an dá fhadhb a mhaolú leis an raon nua rothar a chuirfear in áit go sealadach cois cósta i mBóthar na Trá i mbliana.

Tá sé cruthaithe i roinnt staidéar nach iad na daoine a bhíonn ag tiomáint ó oirthear go hiarthar na Gaillimhe, nó sa treo eile, is cúis leis an bpraiseach tráchta sa gcathair, ach na daoine a bhíonn ag tiomáint achair ghairide taobh istigh de theorannacha na cathrach féin. Dá laghad daoine a dhéanann turais bheaga mar sin is ea is fearr a bheidh sé do na tiománaithe a dhéanann na turais mhóra ó Chonamara nó ón taobh thoir den chontae. Cabhróidh an raon rothar nua i mBóthar na Trá – agus raonta rothar eile ar fud na cathrach – an trácht bheag áitiúil sin a laghdú.

Anuas air sin, feidhmíonn na débhealaí rothaíochta, mar an ceann atáthar ag iarraidh a chur in áit i nGaillimh, mar bhealaí éigeandála d’otharchairr, do na Gardaí, agus do na seirbhísí dóiteáin. Beidh bealach sciobtha glan ag na seirbhísí sin amach ó cathair na Gaillimh nó isteach arís nuair a bheidh an bealach leathan rothaíochta ag síneadh ar feadh an chósta. 

Níl le déanamh ach breathnú ar áiteacha eile a bhfuil bealaí rothaíochta mar é iontu cheana leis na buntáistí a fheiceáil. Cuirim i gcás an bealach a théann ó Chill Fhionntáin go dtí an Port Thoir i mBaile Átha Cliath. Baineann na céadta úsáid as an mbealach sin maidin agus oíche agus iad ag dul ag obair sa gcathair nó ag dul chuig an trá in Oileán an Bhulla. Is bealach sábháilte é do ghasúir scoile a bheadh i gcarr a dtuismitheoirí murach é. Murach an bealach sábháilte rothaíochta bheadh na céadta sin ina suí i gcarranna, ag truailliú an atmaisféir agus ag déanamh dochair dóibh féin. Is amhlaidh an scéal ar an taobh eile den chathair mar a bhfuil raonta rothaíochta ar feadh an chósta ó Dhún Laoghaire ó thuaidh. 

Tá imní léirithe ag roinnt daoine faoin tionchar a bheidh ag an raon nua rothar ar na gnólachtaí atá i mBóthar na Trá, ach léirítear arís agus arís eile i staidéir ar fud an domhain go gcuireann infreastruchtúr maith rothaíochta agus siúil le líon na gcustaiméirí a bhíonn sna siopaí agus sna bialanna agus go mbíonn éagsúlacht mhór daoine ann freisin. Deis ní dúshlán atá i mbealach rothaíochta Bhóthar na Trá do lucht gnó an cheantair.

Tá an deis ag an bpobal aighneacht a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go dtí tráthnóna Dé hAoine an 28 Eanáir. Molaim go mór tacú le ‘Rogha 2’ don raon rothar agus na moltaí breise a luann Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe a lua san aighneacht. Tá súil agam nach mbeidh i ‘Raon Rothar Shlí na bhFámairí’ ach an chéad chéim i nGaillimh nua na Rothar. 

Níos mó