Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Ardú ar staitisticí léitheoireachta NÓS in 2021

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tháinig ardú ar staitisticí éagsúla léitheoireachta do NÓS i rith na bliana 2021. Den chéad uair i stair na hirise, léigh os cionn 10,000 duine NÓS trí mhí as a chéile ag tús na bliana, agus bhí an figiúr chomh hard le 11,234 léitheoir i mí Feabhra – an mhí ba mhó léitheoirí ó mhí Feabhra 2015 nuair a léigh os cionn 15,000 duine an suíomh. 

 Tháinig méadú 4.3% ar an méid ama a chaitheann ár léitheoirí ar an suíomh, tháinig méadú 2.2% ar líon na leathanach a léann siad agus iad ann, tháinig méadú 3.5% ar líon na léitheoirí nua a mealladh chuig an suíomh, agus tháinig laghdú 1.6% ar líon na ndaoine a ‘phreabann’ uaidh (a imíonn díreach i ndiaidh dóibh leaindeáil ar an suíomh). 

Bhí bliain mhaith ann do na figiúirí ginearálta léitheoireachta freisin in 2021, cé nár sáraíodh an churiarracht a rinneadh in 2020. Léigh breis agus 78,000 duine NÓS ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021. Osclaíodh NÓS 136,368 uair in 2020, agus breathnaíodh ar 220,403 leathanach. 

Bhí 8,559 léitheoir rialta ag an suíomh in 2021. Is éard is brí le ‘léitheoir rialta’ sa gcás seo ná duine a thug 100 cuairt nó níos mó ar an suíomh ó 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2021.

Mar is iondúil, ba in Éirinn (26 contae) a bhí formhór na léitheoirí i mbliana – 54% (49% in 2020). Bhí 24% i Meiriceá i mbliana (30% in 2020) agus ba sa ‘Ríocht Aontaithe’, lena n-áirítear na Sé Chontae, a bhí 10%. Ar na tíortha eile ba mhó a bhí léitheoirí NÓS bhí: Ceanada, an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Astráil, an Ísiltír, agus an Iorua. 

33 duine ar fad a scríobh ailt do NÓS ó thús deireadh na bliana – 17 fear agus 16 bean. Is as an nGaeltacht do naonúr de na scríbhneoirí agus is as áiteacha taobh amuigh den Ghaeltacht iad 26 duine acu.

Dúirt eagarthóir NÓS Maitiú Ó Coimín go bhfuil sé “an-sásta” leis na figiúirí léitheoireachta don iris in 2021. 

“Tá mé an-sásta go bhfuil fás leanúnach ag teacht ar NÓS. Bhí ainbhliain aisteach againn in 2020 agus go leor leor daoine sáinnithe sa mbaile ag breathnú ar rudaí ar líne, rud a d’fhág go raibh líon uafásach mór léitheoir againn an bhliain sin – os cionn 90,000. Ar ndóigh is laghdú air sin a bhí i gceist in 2021, ach méadú nádúrtha ar na blianta eile roimh an bpaindéim. Bhí 47,000 léitheoir againn in 2017, agus chuaigh sé sin suas go 68,000 nó mar sin roimh theacht an víris. Méadú mór ar an 68,000 é an 78,000 agus tá mé an-sásta faoi sin,” a dúirt sé. 

Chuir Maitiú fáilte mhór roimh na scríbhneoirí nua a thosaigh le NÓS i mbliana agus dúirt go bhfuil áthas air go bhfuil scríbhneoirí Gaeilge ag teacht chun cinn bliain i ndiaidh bliana agus “rud nua á dtabhairt acu do na léitheoirí”.

“Bíonn daoine nua á n-aimsiú againn ó bhliain go bliain agus b’amhlaidh an scéal i mbliana. Chuir muid fáilte i mbliana roimh Kate Scott, Gearóid Ó Dochartaigh, Muireann Nic Corcráin, agus Aoife Ní Chiobháin. Bhí sé go deas na leithéidí Mháire-Treasa Ní Cheallaigh. Sláine Ní Chathalláin, Domhnall Ó Braonáin, agus Máirtín Seoighe a fheiceáil i mbun pinn i gcaitheamh na bliana freisin,” a dúirt sé. 

Úsáideann NÓS an tseirbhís Google Analytics le súil a choinneáil ar líon na léitheoirí a bhíonn ag an suíomh chomh maith le staitisticí eile. Ciallaíonn ‘duine uathúil’ sa gcás seo duine daonna amháin chomh fada agus atá Google in ann é a dheimhniú. 

Is éard atá i gceist le ‘cuairt’ ná seisiún amháin ar an suíomh. Sa gcás go léifeadh an duine céanna NÓS faoi dhó in aon lá amháin, bheadh ‘duine uathúil’ amháin ar an taifead agus dhá ‘chuairt’. Nuair a osclaítear scéal nua, comhairtear ‘radharc leathanaigh’. Mar sin, dá léifeadh duine aonair ceithre alt ar NÓS ar maidin, agus ceithre alt tráthnóna, bheadh ‘duine uathúil’ amháin ar an taifead, dhá ‘chuairt’ agus ocht ‘radharc leathanaigh’.

Níos mó