Ba cheart go mbeadh ‘ceantair Ghaeltachta nua’ a bhunú agus caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge i measc na bpríomhaidhmeanna ag Fianna Fáil, dar le Jim O’Callaghan, duine de na Teachtaí Dála is mó a mbítear á lua mar an chéad cheannaire eile ar an bpáirtí.
Tá na moltaí leagtha amach ag O’Callaghan, nach aon rún é go bhfuil suim aige a bheith ina cheannaire ar Fhianna Fáil, i gcáipéis atá curtha faoi bhráid coimisiúin atá bunaithe chun aidhmeanna an pháirtí a phlé.
De réir tuairisce, tá na moltaí maidir leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht i measc deich sprioc atá leagtha amach ag an Teachta Dála do Chuan Bhaile Átha Cliath Theas.
Deir O’Callaghan gur cheart d’Fhianna Fáil díriú ar ‘phobail nua Ghaeltachta’ a bhunú chomh maith le hoidhreacht agus cultúr na hÉireann a chaomhnú agus a chur chun cinn.
I measc na bpolasaithe eile ar cheart d’Fhianna Fáil iad a ghlacadh chucu féin, dar le O’Callaghan, tá athaontú na hÉireann; polasaithe comhshaoil atá “réadúil agus indéanta”; soláthar leanúnach tithe inacmhainne; infheistíocht shuntasach i seirbhísí poiblí; sainmhíniú níos leithne agus níos ionchuimsithí ar an teaghlach agus ar an mbreisoideachas; an comhtháthú sóisialta a chur chun cinn; agus ‘earnáil phríobháideach bhisiúil’ a spreagadh.
Maidir le hathaontú na tíre, deir O’Callaghan gur cheart do Fianna Fáil nasc níos láidre a bheith acu leis an SDLP.
Ceapann O’Callaghan freisin gur chóir níos mó cumhachta a thabhairt do Theachtaí Dála, Seanadóirí, Comhairleoirí agus baill pháirtí Fhianna Fáil ó thaobh polasaí a cheapadh.
Rinne sé cáineadh ar an gcur chuige toghcháin a bhí ag an bpáirtí le blianta beaga anuas agus é den tuairim gur cheart go mbeadh clár polasaí Fhianna Fáil “níos mó, níos misniúla agus níos uaillmhianaí”.