Tá iar-chomhfhreagraí polaitíochta TG4 agus fear atá ina chainteoir líofa Gaeilge ceaptha in chomhfhreagraí nua talmhaíochta agus gnóthaí tomhaltóirí ag RTÉ.
Fógraíodh inniu gurb é Joe Mag Raollaigh atá tagtha i gcomharbacht ar Fran McNulty sa ról sin leis an gcraoltóir náisiúnta. I láthair na huaire, tá Mag Raollaigh ina eagarthóir ar an gclár The Week in Politics.
Beidh Mag Raollaigh ag tuairisciú i mBéarla agus i nGaeilge, a dúradh. Beidh tuairiscí á gcur ar fáil aige do RTÉ News go léir, Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4 san áireamh.
Cé gur rugadh i mBostún Mag Raollaigh, tógadh é in Órán Mór i gcontae na Gaillimhe. D’fhreastail sé ar OÉ Gaillimh, áit ar bhain sé amach BA, MA sa Nua-Ghaeilge agus Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach.
Tar éis dó tús a chur lena ghairm chraoltóireachta le Clare FM, bhog Mag Raollaigh go TG4 tar éis bhunú an stáisiúin sa bhliain 1996. Ceapadh é ina Chomhfhreagraí Polaitíochta do TG4 agus Nuacht RTÉ sa bhliain 2004, tráth a mbíodh sé ag tuairisciú ó Theach Laighean. Cuireann sé cláir cúrsaí reatha i láthair ó am go chéile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí sé ina eagarthóir freisin ar na cláracha Leaders Questions agus European Parliament Report.
Ag labhairt faoina cheapachán nua, dúirt Mag Raollaigh go bhfuil sé ag súil go mór leis an ról a ghlacadh.
“Tá dúshláin nach bhfacthas riamh cheana roimh fheirmeoirí in Éirinn de réir mar atá siad ag iarraidh dul i dtaithí ar spriocanna nua maidir leis an gcomhshaol, costais atá ag ardú agus dearcadh na dtomhaltóirí a bhíonn ag athrú, fad atá an bia ardchaighdeáin a theastaíonn uainn ar fad á tháirgeadh acu fós.
“Is tréimhse athraithe é seo dúinn inár dtomhaltóirí freisin, tráth a bhfuil boilsciú ag dul go mór i bhfeidhm ar go leor buiséad teaghlaigh. Tá tábhacht níos mó ná riamh ag baint le luach ar airgead maidir le hearraí agus seirbhísí. Tá mé ag súil le clúdach cuimsitheach a dhéanamh ar na saincheisteanna sin agus a thuilleadh nach iad do lucht féachana RTÉ ar líne, ar an raidió agus ar an teilifís sna blianta atá amach romhainn.”
Beidh Mag Raollaigh ag dul i mbun a phoist nua i mí Feabhra agus is as Stiúideo RTÉ Réigiún an Iarthair i nGaillimh a bheidh sé ag obair.