Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
daltai-ag-filleadh-ar-scoil-ach-imni-go-mbeidh-na-milte-muinteoir-as-lathair

Daltaí ag filleadh ar scoil ach imní go mbeidh na mílte múinteoir as láthair

| Tuairisc.ie | , ,

Beidh daltaí ag filleadh ar a gcuid scoileanna inniu ach tá sé ina imní go mbeidh na mílte múinteoir as láthair de dheasca an choróinvíris.

Mheas John Boyle, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) go mbeadh thart ar  15% dá gcuid ball, thart ar seacht nó ocht míle múinteoir, as láthair amárach.

Cinneadh na scoileanna a oscailt mar is gnáth nuair a dúirt feidhmeannaigh sláinte phoiblí nach raibh aon chúis slainte phoiblí go gcuirfí moill ar athoscailt na scoileanna.

Tá na ceardchumainn múinteoirí ag éileamh breis tacaíochta ó na húdaráis agus iad buartha faoin maidhm Omicron den choróinvíreas.

Dúirt John Boyle go raibh an-imní air féin ar fhaitíos nach bhféadfaí an córas a choinneáil ar siúl. Dúirt sé nach raibh aon “seans” ann go bhfeadfaí dóthain ionadaithe teagaisc a fháil. 

Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley gur thuig sí go maith go mbeadh “dúshláin go leor” roimh earnáil an oideachais sna laethanta agus sna seachtainí seo romhainn.

Chuirfí gach cabhair ar fáil do na scoileanna, a mhaígh an tAire.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach gcuirfeadh athoscailt na scoileanna le scaipeadh an ghalair.

17,656 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné.

928 duine a bhí buailte ag an víreas a bhí sna hospidéil, ardú 44 ón lá roimhe.

94 de na hothair sin a bhí in aonad dianchúraim, ceathrar níos mó ná mar a bhí i gceist an lá roimhe.

40 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh le seachtain, de réir na bhfigiúirí is déanaí.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inné go raibh 7,133 cás nua den víreas deimhnithe agus go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis.

8,950 duine a raibh an víreas orthu a fuair bás in Éirinn ó thús na paindéime, 5,952 duine ó dheas den teorainn agus 2,998 duine ó thuaidh di.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, gur údar imní an t-ardú ar líon na n-othar Covid sna hospidéil. Bhí sé “an-tábhachtach” go gcloífí i gcónaí leis an gcomhairle maidir leis an tsláinte phoiblí, ar sé.

Tá comhairle curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais do scoileanna sa gcás go mbeidh ganntanas foirne sna scoileanna ar athoscailt dóibh amárach agus go gcaithfí iarraidh ar roinnt daltaí fanacht sa mbaile.

Iarrtar ar na scoileanna sin tosaíocht a thabhairt  do dhaltaí a bhfuil riachtanais ar leith acu, na páistí is óige sa mbunscoil agus blianta a 3, a 5 agus a 6 san iarbhunscoil.

Idir an dá linn is é an cineál Delta den choróinvíreas atá ar “formhór” na ndaoine atá in aonaid dianchúraim sna hospidéil, a dúirt an Taoiseach.

Dúirt Micheál Martin go raibh sé róluath go fóill an tionchar atá ag an Omicron ar líon na n-othar in aonaid dianchúraim a mheas. 

Tá an cineál nua seo níos tógálaí ach tá an chuma ar an scéal nach mbíonn daoine chomh tinn leis agus a bhíodh leis an cineálacha eile den choróinvíreas.

Léiríonn figiúirí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nach raibh aon vacsaín faighte ag 54% de na hothair a bhí in aonaid dianchúraim.

“Is iontach ard an figiúr é sin,” a dúirt an Taoiseach.

“Is ionann sin agus a rá gur as 5% den daonra a thagann 54% de na daoine a bhfuil dianchúram ospidéil ag teastáil uathu.”

Dúirt an Taoiseach nach raibh sé I gceist aon “mhórbhearta” eile sláinte phoiblí a fhógairt an tseachtain seo. 

Tar éis do na hairí an t-ábhar a phlé ag cruinniú rialtais inné, dheimhnigh an tAire Sláinte  Stephen Donnelly go bhfuil an tír seo chun  cógais antasubstaintí fhrithvíreasacha and mhonaclónacha don COVID-19 a cheannach.

Tá rún ag Éirinn tabhairt faoi na táirgí sin a cheannach ó Pfizer, Glaxo Smith Kline (GSK), and Merck (MSD).

Shocraigh an Rialtas rialacha nua maidir le cúrsaí taistil chomh maith. Ní bheidh gá feasta ag paisinéirí a bhfuil an vacsaín iomlán faighte acu tástáil dhiúltach Covid-19 a chur ar fáil.

Is riachtanach i gcónaí do phaisinéirí nach bhfuil an vacsaín faighte acu tástáil dhiúltach PCR a bheith faighte acu 72 uair an chloig sula dtéann siad ag taisteal.

Níos mó