Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
fogra-rialtais-le-deanamh-faoi-fhorbairt-chalafort-ros-an-mhil

Fógra rialtais le déanamh faoi fhorbairt chalafort Ros an Mhíl

Tá ceann de na fógraí airgid Rialtais is mo ariamh sa taobh sin tíre ar na bacáin i gConamara.

Meastar go láidir go bhfógróidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue amárach idir €20-30 milliún le forbairt a dhéanamh ar Ché domhainfharraige i Ros an Mhíl ach a dtiocfaidh sé ansin tráthnóna amárach.   Cé nach bhfuil aon rud deimhnithe go hoifigiúil faoin tráth seo, dúirt foinse atá gar don scéal “gur ar éigean gur folamh a bheidh an tAire ag teacht go Ros an Mhíl”.

Is fada é Calafort Ros an Mhíl ina ábhar cur, cúitimh agus conspóide sa saol polaitiúil ach tá borradh ar leith curtha faoin gcaint ina thaobh ó ó d’fhógair comhlacht ollmhór idirnáisiúnta go bhfuil siad leagtha ar a dhul i mbun forbartha ar fheilm mhór ghaoithe i limistéar carraigeacha na Sceirde naoi míle siar ó chósta Charna i gConamara.   Tuigtear go bhfuil an comhlacht seo, Green Investment Group, ag leagan go leor béime ar shuíomh mórthíre le aghaidh a gcuid oibre i Ros an Mhíl.  Baineann an comhlacht seo le grúpa baincéireachta McQuarrie as an Astráil, ceann de na hinstitiúidí airgeadais is láidre sa domhan.

Tá an buntáiste ag baint le Ros an Mhíl go bhfuil sé ar an áit chóiriúil is gaire don Fheilm Ghaoithe atá beartaithe acu.  Ba cheart go mbeadh sé réitithe freisin taobh istigh de cheithre bliana, tráth a mbeifí ag múnlú na feilme gaoithe i limistéar na Sceirde.  Tá an cead pleanála ar fáil le haghaidh na hoibre i Ros an Mhíl.

Tá Údarás na Gaeltachta agus a bPríomhfheidhmeannach, Mícheál Ó hÉanaigh, théis go leor stocaireachta a dhéanamh le súil agus go mbeadh buntáistí thionscal seo na gaoithe ag Conamara.  Labhair Ó hÉanaigh le Tuairisc.ie faoin gcás le ríghairid agus dúirt go gcaithfí fáisceadh ar an deis seo ar chóstaí an iarthair agus go bhfuil an seans is fearr ariamh ann anois.  Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis san agallamh sin le Tuairisc.ie nach bhféadfaí a bheith ag moilleadóireacht agus go raibh cinneadh ag teastáil gan mhoill.

Tá an buntáiste a bheadh ag baint le seirbhísí mórthíre do thionscail na gaoithe ar na farraigí tugtha faoi deara go maith faoin am seo ag lucht calafoirt ar an gcósta thiar.  Tá an Fhianait ar cheann acu ach tá lucht Chalafort na Gaillimhe ar an téad chéanna.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Chomhairle Chathrach na Gaillimhe gar do dheireadh na bliana seo caite, dúirt Príomhfheidhmeannach Chalafort na Cathrach go mbeadh an Calafort ansin ag braith go mór ar sheirbhísí do thionscail na gaoithe ar an Atlantach amach anseo.  B’fhacthas dó go mbeadh an ceangal sin ag treisiú go suntasach théis na bliana 2030.

Ceaptar go méadódh leithéid an Green Investment Group, agus dreamanna mar iad, a gcuid forbartha ar fheilmeacha gaoithe san Atlantach siar ó chóstaí na Gaillimhe agus Maigh Eo amach anseo.  Tá fianaise eolaíoch ann go bhfuil an sruth gaoithe is fearr agus is feiliúnaí do thionscal chumhacht na gaoithe ar chósta thiar Chonamara agus amach i dtreo cheantar Acla.

D’fhágfadh seo an ghaoithe i seolta Chalafort Ros a Mhíl má tharlaíonn an infheistíocht agus an fhorbairt a bhfuil trácht uirthi anois.  Mhunlófaí Cé dhomhainfharraige ansin agus chuirfí  áiseanna breise ar fáil a d’fheilfeadh do thionscal na gaoithe.

Bunaithe ar thuarascáil a rinneadh d’Údarás na Gaeltachta d’fhéadfaí cuid mhaith do 900 post a chur ar fáil de bharr forbartha mar seo i Ros a Mhíl.

San agallamh ar Tuairisc.ie le gairid, dúirt Micheál Ó hÉanaigh go mba rud é seo a chuirfeadh spalla fíorláidir i mbunchloch eacnamaíochta Chonamara.  Tá an Príomhfheidhmeannach agus daoine sinsearacha eile in Údarás na Gaeltachta den bharúil le fada go scaipfeadh buntáistí Ros an Mhíl – dá ndéanfaí an fhorbairt ansin – ar fud Chonamara.

Tuigtear go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag síniú conradh comhoibrithe le Green Energy Investment go gairid i bhfoirm ‘Meamram Tuisceana’.

Tá an lear éisc atá ag teacht isteach go Ros an Mhíl ag laghdú le tamall de bhlianta agus tá caint ann le fada go dteastódh doimhniú ar an gcalafort rud a d’fhágfadh go mbeadh deis ag báid mhóra tarraingt isteach ann.   Bhí báid mhóra pléisiúir curtha sa gcomhaireamh freisin.  Ach feictear anois go bhfuil tionscal na gaoithe ar an rud is mo a chuirfeadh borradh faoin gCalafort agus a chruthódh postanna ar feadh na mblianta amach romhainn.

Rinneadh forbairtí maith i Ros an Mhíl nuair a cheadaigh an tAire Iascaigh a bhí ann san am, Frank Fahey, airgead ansin go díreach glan 20 bliain ó shin.  Go deimhin, tuigtear gurbh éigean do Fahey a dhul in éadan na bhfeidhmeannach sa Roinn san am lena chuid pleananna a chur píosa den bhealach.  Ó shin i leith fuarthas cead pleanála le haghaidh dhoimhniú an Chalafoirt agus coinníodh an ceadúnas sin beo.  Rinne Coiste Tacaíochta Chalafort Ros an Mhíl go leor oibre freisin ag tarraingt airde ar cheist an Chalafoirt.  Ach i bhfad siar roimhe sin uilig bhíodh méadú agus doimhniú Chalafort Ros an Mhíl ina chnámh spairne.  Go deimhin, bhítí ag rá go mba chomhartha ar thoghchán a bhíodh ann nuair a thosaítí ag caint faoi Chalafort Ros an Mhíl.

Is cosúil go bhfuil bunús an-láidir leis an gcaint a bhaineann le cuairt an Aire McConalogue ar Ros an Mhíl an iarraidh seo agus nach tráithnín sa ngaoith atá dá seoladh amach anois.

Níos mó