Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
‘re-dhochasach-nua-romhainn’-a-deir-na-taoiseach,-formhor-mor-na-srianta-le-scaoileadh

‘Ré dhóchasach nua romhainn’ a deir na Taoiseach, formhór mór na srianta le scaoileadh

| Tuairisc.ie | , ,

“Lá maith is ea an lá inniu,” a dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna agus deireadh fhormhór mór na srianta Covid-19 á fhógairt aige.

Ag iompú dó ar an nGaeilge le linn a óráide, dúirt an Taoiseach gur “dea-scéal” a bhí aige an geábh seo agus gur féidir linn “éirí le dóchas arís le breacadh an lae”. 

Dúirt sé nárbh ionann fógra an lae inniu agus deireadh a bheith leis an bpaindéim agus go gcaithfí a bheith cúramach i gcónaí, ach ar na húdair dhóchais a chuir sé béim. “Tá an stoirm Omicron curtha dínn againn,” ar sé.

“Is iomaí cor agus casadh a bhí in ár n-aistear tríd an bpaindéim ach lá maith atá sa lá inniu.”

Mhol sé an iarracht a dhein muintir na hÉireann ó thús na paindéime agus dúirt gur “sábháladh beatha na mílte” dá barr.

Dhá bhliain fhada ó bhuail an phaindéim an bealach seo tá na srianta go léir beagnach le scaoileadh agus deireadh á chur leis an scaradh sóisialta.

Ag cruinniú a bhí ag an Rialtas inniu, cinneadh go bhféadfaí gnáthuaireanta oscailte earnáil an fháilteachais a cheadú arís agus nár ghá feasta an pas Covid a bheith agat chun dul isteach i mbialann nó i dteach ósta.

Ón lá amárach ní theastóidh an pas Covid uait níos mó ach amháin má tá tú ag dul thar lear.

An chomhairle faoin obair ná gur féidir le daoine filleadh ar an ionad oibre ón Luan seo chugainn ar aghaidh.

Ní scaoilfear na srianta ar fad d’aon iarraidh amháin ach ón lá amárach ar aghaidh beidh cead ag tithe ósta agus bialanna filleadh ar a ngnáthuaireanta.

Beidh cead oscailte chomh maith ag clubanna oíche.

Tá deireadh á chur chomh maith leis na srianta ar chuartaíocht i dtithe a chéile.

Faoin bplean nua, féadfaidh an lucht féachana ar fad a bhfuil spás dóibh filleadh ar imeachtaí spóirt agus ócáidí eile bíodh sin amuigh faoin aer nó taobh istigh ón deireadh seachtaine seo.

Ón tseachtain seo chugainn táthar ag súil go mbeidh cead ag oibrithe filleadh ar a gcuid oifigí de réir a chéile as seo go deireadh mhí Feabhra.

Tá sé i gceist leanúint leis an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Fostaíochta go ceann tamaill eile le deis a thabhairt d’fhostóirí a ngnó a chur ar a chosa arís agus é a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal trádála a bhíodh ann roimh na srianta.

Tiocfaidh deireadh leis na srianta ar an líon lucht féachana i bpictiúrlanna, in amharclann agus in ionaid siamsaíochta eile chomh maith.

Sa litir a sheol an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan chuig an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, dúradh go gcaithfí cloí i gcónaí le bearta sláinte phoiblí amhail mascanna, vacsaíniú agus féinaonrú má bhíonn aon chomharthaí sóirt an ghalair ort, ach nár dhóigh le NPHET go raibh bearta go leor eile riachtanach feasta. “Creideann NPHET nach bhfuil aon bhunús sláinte phoiblí feasta le formhór na mbearta sláinte phoiblí atá i bhfeidhm faoi láthair,” a dúirt sé sa litir.

Dúirt an Dr Holohan go léiríonn an fhianaise ar fad atá ar fáil faoin Omicron “go bhféadfaí athrú bunúsach a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar Covid-19 a bhainistiú”.

Go ceann tamaill beidh mascanna riachtanach i siopaí agus ar an gcóras iompar poiblí agus beidh siad á gcaitheamh ag leanaí ar scoil.

Bhí an Rialtas ar a mhíle dícheall a mheabhrú do dhaoine nach raibh an phaindéim thart fós fiú má bhí srianta á maolú. An t-athrú mór ar scéal na paindéime, dar leo, go bhfuil formhór an phobail vacsaínithe, go bhfuil an cineál Omicron den víreas níos cineálta agus go bhfuil imdhíonacht nádúrtha ag a lán daoine faoin tráth seo.

Bhí fainic ag an Rialtas freisin agus mheabhraigh dúinn gur tháinig an víreas seo aniar aduaidh ar na saineolaithe go minic cheana agus nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de nach dtiocfadh ráigeanna is cineálacha eile den víreas inár dtreo.

Bhí laghdú beag arís inniu ar líon na n-othar Covid-19 a bhí sna hospidéil, 892 duine a raibh an galar orthu sna hospidéil inniu. Bhí 88 acusan in aonad dianchúraim, beirt níos lú ná inné.

Níos mó