Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘an-mbeidh-clg,-peil-na-mban-agus-an-cumann-camogaiochta-sach-croga-deis-stairiuil-a-thapu?’

‘An mbeidh CLG, Peil na mBan agus an Cumann Camógaíochta sách cróga deis stairiúil a thapú?’

| Maire Treasa Ni Cheallaigh | ,

Chuir mé spéis sa méid a dúirt an t-imreoir peile as Tír Eoghain Conor Meyler le seachtain agus é ag iarraidh lucht CLG, Peil na mBan agus an Cumann Camógaíochta a spreagadh chun eagraíocht mór amháin a dhéanamh. 

Rómhinic, mar atá a fhios againn, bíonn mná fágtha in áit na leathphingine mar gheall ar easpa páirceanna imeartha, easpa airgid agus infheistíochta. Bhí sé i measc na n-imreoirí fireann a labhair amach ag iarraidh tacaíocht a chothú don phlean. 

Bhí sé ag caint ar na rudaí bunúsacha atá ag na fir. Béile te tar éis traenála, costaisí taistil, éadaí imeartha, páirceanna imeartha. Bhí sé ag dul ó mheabhair air nach raibh na féiríní céanna dlite ag mná as ucht an obair chéanna a dhéanamh ar son na cúise. Rinne sé comparáid idir a thaithí féin i ngeansaí Thír Eoghain agus taithí Gemma Begley, a rinne an streachailt chéanna, gan mórán dá bharr aici. 

Dúirt Conor nár thuig sé chomh mór agus a bhí an bhearna go dtí gur thosaigh sé ag obair leis an GPA in iarracht na heagraíochtaí ar fad a thabhairt le chéile. Ní fhaca sé aon fhadhb, mar ní raibh an fhadhb le feiceáil. Bhí sí ar pháirc imeartha bheag shuarach a fhad agus a bhí Conor agus a chomhghleacaithe ag imirt ar an Ómaigh. Bhí na mná atá ag imirt cluichí Gaelacha go mór sa dara háit ag an status quo, lucht riarachán Pheil na mBan agus an Cumann Camógaíochta ina measc. 

Feictear do na himreoirí go minic gur cosúil go mbíonn siad ag feidhmiú ar bhealaí ionas nach mbeidh siad ag cur as do choistí CLG agus úinéirí páirceanna. Tá blianta caite ag imreoirí ag iarraidh a gcás a dhéanamh, agus beagán dul chun cinn déanta. Ach go dtí gur thosaigh fir cosúil le Conor Meyler, agus Gearóid Hegarty Luimnigh ag tacú leo go poiblí le seachtain, ní raibh mórán aird á tabhairt orthu. 

Anois tá sé i mbéal an phobail, mar gheall gur labhair fir. Nach iontach é sin. Labhair an bheirt acu go paiteanta. Fuair siad neart drochíde ar líne ó fhir eile atá fós den tuairim nach bhfuil aon bhaint acu le cúrsaí comhionannais sa tsochaí agus sa spóirt. Blaiseadh den fhoréigean a fhaigheann mná. 

Mar a dúirt Meyler, má fhanann sé féin agus a chomrádaithe ciúin, tá siad i measc na ndaoine atá ag coinneáil spóirt na mban siar agus faoi chois. Tá sé in am ag imreoirí móra le rá eile an rud céanna a dhéanamh. Tá an cheist i bhfad níos doimhne ná cúrsaí spóirt. Tá sé níos éasca gan tada a dhéanamh ná a rá. Cosúil leis an uair atá tú amuigh leis na leaids agus cloiseann tú iad ag caint go drochbhéasach faoi bhean. Más é sin an cultúr, an údar iontais ar bith é go gceapann fir gur sa dara háit atá mná agus spóirt na mban? Agus go bhfuil go leor mná amuigh ansin a mhothaíonn nach fiú dul ag troid in aghaidh an status quo? Tá deis stairiúil ag an CLG, Peil na mBan agus ag an gCumann Camógaíochta anois. An mbeidh siad sách cróga é a dhéanamh? 

Níos mó