Dheimhnigh an Taoiseach Micheál Martin inniu go bhfuil an Rialtas chun glacadh le comhairle NPHET deireadh a chur le caitheamh mascanna I bhformhór áiteanna ón 28 Feabhra.
Beidh deireadh á chur chomh maith leis an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí féin.
Ag labhairt dó sa Bhruiséil, dúirt Micheál Martin go bhfuil an tír ag teacht slán as tréimhse éigeandála na paindéime.
Is í an chomhairle is déanaí ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) don Rialtas nach mbeadh sé riachtanach feasta masc a chaitheamh i bhformhór na n-áiteanna ina bhfuil an dlí sin i bhfeidhm faoi láthair.
De réir na comhairle, ní bheidh dualgas ar dhaoine mascanna a chaitheamh feasta i scoileanna, i siopaí, in oifigí poiblí ná ar an gcóras iompar poiblí. Ní bheadh ar na hoibrithe a bhíonn ag bualadh le custaiméirí masc a chaitheamh ach an oiread – oibrithe in earnáil an fháilteachais, cuir i gcás.
Toisc Covid-19 a bheith fós fairsing go maith in ionaid altranais is cúram sláinte agus daoine leochaileach go maith sna hionaid sin, caithfear cloí leis na mascanna ansin go fóill.
4,821 cás nua den Covid-19, bunaithe ar thástálacha PCR, a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.
Fógraíodh freisin gur chláraigh 3,772 duine a raibh toradh deimhneach antaigine faighte acu ar thairseach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
591 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 48 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 57 díobhsan in aonad dianchúraim, duine amháin níos lú ná mar a bhí ann inné.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile ar a raibh an Covid-19 tar éis bháis. 2,469 cás nua a fógraíodh ansin inniu.
433 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus naonúr díobhsan atá in aonad dianchúraim.