Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
b’fhurasta-lipeadu-datheangach-uileghabhalach-a-chur-i-bhfeidhm-in-eirinn

B’fhurasta lipéadú dátheangach uileghabhálach a chur i bhfeidhm in Éirinn

| Maitiu O Coimin | ,

Tá mé in iarthuaisceart an Oileáin Úir le seachtain anuas agus mé timpeallaithe ag an lipéadú dátheangach. Is tír dhátheangach í Ceanada go hoifigiúil agus anuas ar na teangacha oifigiúla, an Béarla agus an Fhraincis, tá na céadta nó na mílte fiú teangacha dúchais á labhairt ag muintir na ‘gCéad Náisiún’ mar a thugtar anseo orthu.

Is beag cosaint atá ag na teangacha dúchais sin, cé gur ardú meanman agus díol spéise iad na comharthaí mótarbhealaigh atá sa gcuid seo den Cholóim Bhriotanach (nach bhfuil sé in am acu ainm nua a bhaisteadh ar an gcúige seo?) a bhfuil na logainmneacha Sḵwx̱wú7mesh sníchim le feiceáil orthu.

Tá na comharthaí sin sách nua anseo agus dála na gcomharthaí in oirthuaisceart ár n-oileáin bhig féin is údar achrainn agus conspóide iad do roinnt daoine. Ach tá taithí mhaith ag na Ceanadaigh ar an dátheangachas idir an dá theanga choilíneacha, agus is é an dátheangachas sin is mó a tharraingeodh súil an Ghaeil ar strae.

B’iontach an bua a bhí ag Peadar Mac Fhlannchadha as Maigh Cuilinn le deireanas nuair a seasadh sa gCúirt Achomhairc le cinneadh na Cúirte Breithiúnais i Lucsamburg lena mhaíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid ar tháirgí leighis d’ainmhithe in Éirinn. Ach ba chath fadálach crua a bhí ann an méid sin a bhaint amach.

Anseo i gCeanada, ní chaitear an dara súil ar tháirgí leighis d’ainmhithe a bhfuil dhá theanga oifigiúla orthu. Ná ar tháirgí leighis do dhaoine. Ná ar phlúr, ar shiúcra, ar sheampú, ar tháirgí áilleachta, ar, ar, ar…

De réir na rialacha a tugadh isteach faoin Acht Pacáistithe agus Lipéadaithe, an Treoir do Lipéadú agus Fógraíocht Bia, an Chairt Fraincise, caitear go leor eolais ar na lipéid a bheith i mBéarla agus i bhFraincis – ainm an táirge, áit a dhéanta, na comhábhair, eolas sábháilteachta agus roinnt rudaí eile.

Níl a fhios agam cén chaoi ar ghlac an pobal nó na déantúsóirí leis na rialacha seo nuair a tugadh isteach iad – bheadh iontas mura raibh achrann áirid ann – ach is léir dom ó bheith ag caint leis na Ceanadaigh inniu gur cuma leo faoin bhFraincis a bheith ar a gcuid táirgí (tá mé i gcúige nach labhraítear ar chor ar bith í).

Níl aon taighde eolaíoch déanta agam ar an gceist seo (agus tá mé cinnte go bhfuil duine éigin áit éigin tar éis a leithéid a dhéanamh) ach is léir dom chomh maith go dtuigeann go leor de na Ceanadaigh a mhaíonn nach bhfuil ‘Fraincis ar bith’ acu go leor leor focla díreach toisc go léann siad chuile lá beo iad ar an mbuidéal bainne ar maidin. 

B’fhurasta an lipéadú dátheangach uileghabhálach seo a chur i bhfeidhm in Éirinn chomh maith céanna nó níos fearr is atá sé i bhfeidhm i gCeanada. Chuirfinn geall gur fearr an tuiscint atá an ngnáth-Éireannach ar fhocail Ghaeilge (dála ‘siúcra’ agus ‘bainne’) ná mar atá ag an ngnáth-British Columbian ar a gcomhionann sa bhFraincis, agus go gcuirfeadh an lipéadú dátheangach Gaeilge-Béarla go mór leis an mbuntuiscint sin.

Go n-éirí go geal le Peadar Mac Fhlannchadha agus a fheachtas ar son na n-ainmhithe Gaelacha agus nárbh fhada uainn feachtas mór náisiúnta den chineál céanna ar son na ndaoine. Idir an dá linn, tá súil agam go bhfeicfidh mé táirgí leighis d’ainmhithe a bhfuil lipéadú i Sḵwx̱wú7mesh sníchim orthu anseo in Vancouver an chéad uair eile a bheidh mé anseo.

Níos mó