Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ce-a-cheapfadh-go-mbeadh-daoine-ag-saru-faoi-rud-trialach?’

‘Cé a cheapfadh go mbeadh daoine ag sárú faoi rud trialach?’

Tá sé ina réabadh i nGaillimh. Mar gheall ar raon rothaíochta le hais na farraige i mBóthar na Trá. Áit ghleoite le dul ag siúl, fiú má tá an ghaoth atá ag teacht isteach i d’aghaidh chomh láidir sin go bhfuil sé deacair anáil a thógáil. Mór an spórt é. Agus níl aon dabht faoin spéir ach go mbeadh sé níos deise fós dá mbeadh caranna coinnithe amach as agus deis níos fearr tugtha do rothaithe. 

Cuireadh plean chun cinn chun go mbeadh raon rothar ann go sealadach, agus ansin go mbreathnófaí air, féachaint ar bhealaí a d’fhéadfaí áit níos folláine a chothú don cheantar. Cé a cheapfadh go mbeadh daoine ag sárú faoi sin? 

Tá comhairleoirí contae sa gceantar anois ag cur ina aghaidh, in iarracht an tacaíocht a thug siad don phlean leathbhliain ó shin a tharraingt siar. Níl siad ag breathnú ar bhealaí chun é a leasú, ach stop uilig a chuir leis. 

Níl sé sábháilte ar rothar i nGaillimh. Tá na sráideanna cúng, lán le tiománaithe atá cantalach sa trácht. Ní féidir brath ar iompar phoiblí. Tá sé daor, tógann sé rófhada agus níl dóthain roghanna ann. Níl aon áit gur féidir le tuismitheoirí gasúir a thabhairt amach ar rothair go sábháilte. 

Bheadh Bóthar na Trá foirfe. Tá beagán déanta ag chuile chathair agus baile mór sa tír do rothaithe ó thosaigh an phaindéim. Níl tada déanta ag Gaillimh ach sárú faoi chuarbhóthar agus faoi raon rothar. I nDún Laoghaire atá m’fhiaclóir. Le dhá bhliain, tá an bóthar taobh amuigh den oifig athraithe ó cheann lán le trácht, go háit atá go hálainn do shiúlóirí agus daoine ar rothair. Thug mé suntas dó ar an bpointe agus dúirt mé liom féin gur mór an trua é nach bhfuil tada mar é i nGaillimh. 

Teastaíonn áit do rothaithe chomh maith le gach duine eile ar an mbóthar. Is cuimhin liom an chraic chéanna ag tarlú i nGaillimh blianta ó shin agus daoine ag cur in aghaidh dhíbirt na gcarranna ó Shráid na Siopaí. Cé a ghabhfadh ar ais aige sin anois? 

Tá sé in am ag chuile dhuine suí síos agus glacadh leis go gcaithfidh rudaí nach maith leo féin tarlú ionas go mbeidh Gaillimh saor ó thrácht agus go mbeidh deis maireachtála ag daoine sa gcathair agus sa gcontae. Tóg an cuarbhóthar. Díbir carranna amach as Bóthar na Trá agus ó lár na cathrach. Cuir snas ar an tseirbhís bus. Oscail an bealach traenach ó thuaidh go Tuaim agus bíodh an clár ama don traein go Luimneach níos feiliúnaí do dhaoine atá ag dul ag obair agus ar scoil. Níl aon rud amháin chun fadhb na Gaillimhe a leigheas. Níl na tiománaithe sásta Bóthar na Trá a scaoileadh uathu. Níl na rothaithe ag iarraidh cuarbhóthar. Corruair, caithfear freastal ar an dá thráth le freastal ar an bpobal i gcoitinne nach bhfuil ag iarraidh ach caighdeán saoil níos fearr. Tá dearmad déanta orainn.

Níos mó