Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
conbhua-na-saoirse-no-tionlacan-na-n-oinseach?

Conbhua na Saoirse nó tionlacan na n-óinseach?

Ábhar bróid dos na Ceanadaigh de ghnáth is ea a éagsúla atá siad lena gcomharsana ó dheas. Leagan Cheanada d’imeachtaí an 6 Eanáir in Washington DC, áfach, atáthar a thabhairt ar an méid atá ag titim amach fé latháir ann. 

Chuala i dtosach báire mar gheall ar scéal so na dtiománaithe leoraí i gCeanada nuair a tháinig DM sórt ait ó leaid go mbíodh aithne agam air agus cónaí orm in Québec. Is fada mé in amhras fén leaid céanna, caithfidh mé a rá, ach bhí an chuma ar an scéal ar dtúis gur feachtas ar son an lucht oibre a bhí ann agus bhíos báigiúil leis i bprionsabal.

B’in deireadh na míosa so caite, bhí tiománaithe leoraí Ceanadacha le bheith ag léirsiú i gcoinne an riachtanais nua i dtaca le vacsaín a bheith acu chun gabháil thairis an dteorainn leis na Stáit Aontaithe. Thánadar ó gach cearn de Cheanada ina gconbhua mór millteach, iad á lonnú féin ar Chnoc na Parlaimint in Ottawa, príomhchathair Cheanada. 

Tá an vacsaín faighte ag 90% des na tiománaithe leoraí i gCeanada cheana féin, áfach, tá gach ceardchumann tiománaithe i gCeanada tar éis cáineadh a dhéanamh ar an ngluaiseacht, agus tá trí cheathrú de mórdhaonra Cheanada den tuairim gur chóir dos na tiománaithe filleadh abhaile dóibh féin. 

Mar sin, is mionlach ar fad iad na tiománaithe seo atá ag glacadh páirte i gConbhua na Saoirse. Ach tá dreamanna eile nach tiománaithe leoraí in aon chor iad titithe isteach leis an mionlach so tiománaithe ó shin, agus éabhlóid tagtha ar an ngluaiseacht insa tslí go bhfuil gnéithe den bhfuathchaint á dtabhairt isteach sa scéal. 

Ar Twitter, chonac físeán de liúdar ó New Brunswick, cuirim i gcás, agus bhí póstaer déanta aige lenar thug sé le fios gurbh iad na Giúdaigh a chum agus a cheap paindéim Covid-19. Agus stiúrthóir slándála an léirsithe, tá úrscéal curtha amach aige siúd inarb é dúnmharú Phríomh-Aire Cheanada Justin Trudeau an buaicphointe. Tá ionsaithe déanta ar thithe in Ottawa ar tugadh fé ndear brat LGBT a bheith ar foluain lasmuigh díobh. 

Nuair a cuardaíodh roinnt des na feithiclí lena bhfuiltear ag plúchadh bhóithre Cheanada le cúpla seachtain anuas, fuarthas iontu gunnaí, sceana, agus airm eile. Ní haon léirsiú síochánta é Conbhua na Saoirse, agus le hais na láimhe láidre is gnách do phóilíní Cheanada a úsáid i gcoinne phobail bhundúchasacha a théann i mbun agóidíocht shíochánta, mar shampla, is scannalach é an chóireáil réidh atá fachta ag lucht eagraithe an Chonbhua ó na póilíní go dtí seo.

Scaipeadh físeán amháin ar na meáin shóisialta ina raibh póilín le feiscint agus é ag tréaslú le lucht an Chonbhua a n-iarrachtaí, fiú.

Idir an dá linn, tá saoránaigh Ottawa agus fíor-thiománaithe leoraí thíos leis seo ar fad go mór. Deir lucht Chonbhua na Saoirse ná himeoid siad óna lonnaíochtaí nó go dtabharfar dóibh a bhfuil uathu, agus anois ní hamháin go bhfuiltear ag éileamh go gcuirfí deireadh le gach aon srian Covid do gach aon Cheanadach, táthar ag éileamh go n-éireodh Justin Trudeau as ar fad. 

Ba é freagra an rialtais fheidearálaigh Dé Domhnaigh an 13 Feabhra ná Acht Éigeandála Cheanada a chur i bhfeidhm den chéad uair riamh. Ar an mbeart is suntasaí dá bhfuil ann dar liom, tá go bhfuil sé de chumhacht anois ag bainc Cheanada cuntas aon saoránaigh a reo gan chás gan choinne más dóigh é nó í a bheith sáite i ngnó éigin a d’fhéadfadh a bheith ina bhaol do shlándáil an stáit. 

Is ea, tá Conbhua na Saoirse ag teacht i dtír ar shrianta Covid-19 lena gcuid fuathchainte a chraobhscaoileadh, ach tá rialtas nua-liobrálach Cheanada ag teacht i dtír ar Chonbhua na Saoirse le greim níos doichte a fháil ar shaol gach aon saoránaigh.

Níos mó