Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
drama-gaeilge-ina-chuid-d’fheile-scene-+-heard-an-deireadh-seachtaine-seo

Dráma Gaeilge ina chuid d’fhéile Scene + Heard an deireadh seachtaine seo

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Beidh an dráma Gaeilge Vótáil Mindy á léamh an deireadh seachtaine seo in amharclann Smock Alley i mBaile Átha Cliath mar chuid den fhéile Scene + Heard atá ar siúl san ardchathair faoi láthair. 

Beidh an léamh cleachta den dráma nuascríofa  ar siúl Dé Domhnaigh 13 Feabhra ag 14.00 san amharclann cois Life agus súil ag scríbhneoir an dráma, Kevin Johnson, go meallfar tuilleadh infheisteoirí ar an lá le léiriú iomlán a dhéanamh den dráma amach anseo.

Bhunaigh Kevin an comhlacht léiriúcháin Ceann Óir Productions le deireanas agus is é Vótáil Mindy  an chéad dráma a léireoidh an comhlacht. Dúirt Kevin, a scríobhann gearrscéalta agus drámaí, gur theastaigh uaidh a leithéid a bhunú le fada toisc nach bhfuil “fearais tionsclaíoch i leith dhrámaíocht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath”. 

“Bhí mé ag smaoineamh rud mar seo a dhéanamh le fada, agus bheartaigh mé an deis a thapú – an rud a bhunú agus cur isteach ar an bhféile. Taobh amuigh d’fhéilte ollscoile, seo an chéad uair dom rud a chur ar ardán mé féin agus is ardán é atá rud beag níos gairmiúla. Is féile aitheanta é Scene + Heard, agus is céim chun cinn atá ann domsa. Is fearr liom a bheith ag aisteoireacht, níl an riarachán agus gach rud a ghabhann leis le déanamh ann ach caithfear céimeanna mar seo a thabhairt. 

“Is é an bealach is éasca é tú féin a chur chun cinn – d’ardán féin a chruthú. Níl na fearais tionsclaíoch i leith dhrámaíocht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath mar atá i nGaillimh, mar shampla. Tá sé i bhfad níos sciobtha rud a dhéanamh tú féin, agus mar sin bhunaigh mé Ceann Óir,” a dúirt Kevin le NÓS. 

Tá an dráma féin bunaithe ar ghearrscéal de chuid Kevin a foilsíodh ar an iris Comhar trí bliana ó shin. Tá forbairt déanta ag Kevin ar an scéilín sin agus é curtha in oiriúint do dhráma stáitse a mhairfidh uair an chloig.

“Foilsíodh leagan gearrscéil den scéal ag deireadh na bliana 2018 in Comhar agus fiú ag an am sin, is dócha an mórphointe aiseolais a fuair mé ná gur gearrscéal a bhí scríofa ag drámadóir a bhí ann. Bhí mé in amhras faoi dhráma a dhéanamh de agus bhí orm díriú ar scéalta eile san idirlinn, ach de re réir a chéile tháinig cruth an cruda chugam agus tá mé an-sásta leis an toradh. 

“Tosaíonn an dráma i bhfad níos luaithe ná mar a thosaíonn an gearrscéal, ní hé gur chuir mé fad leis an ngearrscéal ach léirítear an pointe céanna i scéal Mindy sa dráma agus sa ghearrscéal. Uair an chloig atá sa dráma, agus bhí mé in ann blaiseadh a thabhairt den fheachtas a ritheann sin, rud nach raibh mé in ann a dhéanamh in Comhar,” a dúirt Kevin. 

“Féinmhuinín” agus “frustrachas polaitiúil” an dá mhórthéama atá sa dráma nua, dar leis an drámadóir, agus dúirt sé gur spreagadh chun pinn é l linn Thoghchán Uachtaránachta na hÉireann in 2018 é, ach gur fhás coincheapa agus téamaí an dráma go mór ó shin i leith. 

“An plota féin ná go bhfuil frustrachas an-mhór ar an mbeirt deirfiúracha faoi na laigeachtaí i saol na polaitíochta, agus cruthaíonn Mindy carachtar atá i bhfad níos measa ná na hiarrthóirí eile le seasamh sa toghchán. Breathnaíonn sé go príomha ar cad is muinín ann i saol na polaitíochta.,” a dúirt Kevin. 

Insítear scéal ‘cainteoirí laethúla Gaeilge i gcathair’ sa drama agus tá sé ina dhráma dátheangach dá bharr. 

“IS cainteoirí Gaeilge i ad i saol nach bhfuil lán de chainteoirí laethúla Gaeilge. Caithfidh tú dul i ngleic leis an mBéarla i saol na Gaeilge agus theastaigh uaim é sin a léiriú ar an ardán chomh maith,” a dúirt Kevin. 

Is í Christina McMahon atá sa phríomhpháirt sa dráma agus Freya Blendell i ról an deirféar. Deir Kevin gur dráma beirte atá ann dáiríre agus go bhfuil aisteoirí eile –  Jacqueline Carroll agus George McEvoy – a thacaíonn le scéal na ndeirfiúracha. 

Tá súil ag Kevin Johnson forbairt a dhéanamh ar Vótáil Mindy amach anseo ach aiseolas a fháil ar an léamh poiblí seo in amharclann an Smock Alley ar dtús.

Is féidir ticéad a cheannach anseo agus tacú le feachtas bailithe airgid Scene + Heard anseo. Lean Ceann Óir Productions ar Twitter agus Instagram anseo.

Níos mó