An tOmbudsman Eorpach, Emily O’Reilly, an duine is déanaí a labhair Gaeilge i bParlaimint na hEorpa i ndiaidh don teanga lánstádas a bhaint amach san AE ag tús na bliana.
I nGaeilge a bhí oráid Emily O’Reilly agus í ag caint faoina tuarascáil bhliantúil nua.
“Os rud é gur teanga iomlán oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge ó thús na bliana, is breá liom labhairt as Gaeilge anocht,” arsa Ombudsman na hEorpa i dtús a cuid cainte.
Chuir feisirí na Parlaiminte in Strasbourg fáilte roimh an tuarascáil, a dhíríonn cuid mhór ar cheist na trédhearcachta san Aontas le linn na paindéime.
“Cé go raibh ar an Aontas Eorpach gníomhú go tapaidh, ag an am céanna bhí sé fíór-riachtanach cloí go daingean leis an trédhearchacht agus an chuntasacht ionas go mbeadh tuiscint níos fearr ag saoránaigh ar an mbealach a ndéantar cinntí,” a dúirt Emily O’Reilly.
I measc na gcásanna atá faoi chaibidil sa tuarascáil bhí cás Frontex, áisínteacht teorann an AE, ar deineadh líomhaintí tromchúiseacha fúithi maidir le cúrsaí cearta daonna agus trédhearcachta.
Dhírigh an tOmbudsman chomh maith ar cheisteanna a bhain le soláthar faisnéise don phobal, le heaspa trédhearcachta i leith cainteanna de chuid an AE agus le cosaint sonraí.
Ón 1 Eanáir tá lánstádas ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus í ar comhchéim leis na teangacha oifigiúla eile.
Moladh i nGaeilge reachtaíocht nua den chéad uair i bParlaimint na hEorpa ag deireadh na míosa seo caite.
An Feisire Parlaiminte Seán Kelly a mhol an leasú i nGaeilge agus an cead sin aige ó tháinig deireadh le maolú na Gaeilge.